Léim go dtí an príomhábhar

Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí 2018

Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí 2018

Ní úsáideann an Bord Pleanála do shonraí pearsanta ach amháin chun ár seirbhísí a sholáthar agus ár ndualgais dhlíthiúla a chomhlíonadh, mar atá leagtha faoin reachtaíocht lena mbaineann.

Chuige sin, is gá dúinn sonraí pearsanta áirithe a bhailiú, dála ainmneacha, seoltaí agus cur síos ar shuíomhanna. Is féidir go n-úsáidfidh an Bord Pleanála aon sonraí pearsanta breise (sonraí íogair pearsanta san áireamh, mar shampla maidir le cúrsaí sláinte) chun riachtanais reachtúla a chomhlíonadh maidir le dualgais agus feidhmeanna a chur i gcrích.

Ba chóir duit a thabhairt ar aird go bhféadfaí sonraí pearsanta a sholáthraíonn tú a scaipeadh ar pháirtithe ábhartha eile agus a nochtadh san fhearann poiblí maidir le haon ní atá faoi bhráid an Bhoird Pleanála.

Tabhair ar aird, go háirithe, i dtaca le haighneachtaí áirithe (maidir le forbairtí beartaithe bóthair) agus (cásanna tarchuir agus aighneachtaí gaomhara), go bhfuil ceangal dlíthiúil ar an mBord Pleanála na haighneachtaí seo a fhoilsiú ina n-iomláine ar a suíomh gréasáin, agus go bhfoilseofar ina n-iomláine aon sonraí pearsanta (sonraí pearsanta íogair san áireamh) atá sna haighneachtaí seo, ach amháin sonraí teagmhála.

Comhlíonann an phróiseáil sonraí pearsanta thuasluaite forálacha an RGCS. Gheofar tuilleadh eolais inár bhfógra iomlán príobháideachta ag: Príobháideacht agus Cosaint Sonraí.

Glactha ag an gCoiste Bainistíochta, Meitheamh 2020



Beartas CCTV

Beartas CCTV ag an mBord Pleanála.