Comhairliúchán Poiblí – Plean Straitéiseach agus Plean Gníomhaíochta um Sheirbhís do Chustaiméirí
28 / 04 / 2025
Tá an Bord Pleanála i mbun athbhreithniú a dhéanamh ar na leaganacha reatha den Phlean Straitéiseach agus den Phlean Gníomhaíochta um Sheirbhís do Chustaiméirí uaidh, agus é ag cur pleananna nua le chéile an tráth céanna i gcomhthéacs a aistrithe chuig an gCoimisiún Pleanála.Tá naisc tugtha thíos chuig na leaganacha reatha de na doiciméid sin.
Plean Straitéiseach 2018
Plean Gníomhaíochta Custaiméirí 2014
Chuige sin, tá an Bord ag lorg aiseolais ón bpobal ar ár ról, ár bhfeidhmíocht agus ár soláthar seirbhíse. Ba mhaith linn do thuairimí a fháil go príomha ar cé na nithe ar cheart dúinn díriú orthu thar an gcéad trí bliana eile agus conas is féidir linn sinn féin a shuí ar bhealach níos fearr mar eagraíocht ar mhaithe le hionchais geallsealbhóirí a chomhlíonadh de réir mar a aistrímid chuig an gCoimisiún Pleanála.
Is féidir aiseolas a thabhairt tríd an nasc suirbhé thíos;
Comhairliúchán Poiblí
Is féidir aon cheisteanna a sheoladh chuig g.duffy@pleanala.ie
Beidh an suirbhé oscailte go dtí 11ú Bealtaine 2025