Léim go dtí an príomhábhar

Aighneachtaí nó Tuairimí

Níl aon táillí deimhnithe go fóill maidir le haighneachtaí/tuairimí a dhéanamh maidir le hiarratais mhara.
 
Luafar san fhógra poiblí an tréimhse ama chun aighneacht/tuairim a dhéanamh ón bpobal.  Is féidir aighneacht/tuairim a chur i gcóip chrua chuig an mBord tríd an bpost chuig Rannóg na Mara/Aeráide den Bhord Pleanála (‘an Bord’) 64 Sráid Maoilbhríde, Baile Átha Cliath 1 nó i bhformáid leictreonach trí ríomhphost ag marineobs@pleanala.ie le linn an tréimhse shonraithe (nach lú ná 8 seachtaine), a bhaineann le -  
 
(i)     impleachtaí na forbartha beartaithe do phleanáil spáis mhuirí, agus
  
(ii)    impleachtaí na forbartha beartaithe do phleanáil chuí agus d’fhorbairt inbhuanaithe, agus
 
(iii)    éifeachtaí dóchúla na forbartha atá beartaithe ar an gcomhshaol nó ar aon láithreán Eorpach (más infheidhme),
 
má dhéantar é.
 
 
Caithfidh an t-eolas seo a leanas a bheith in aon aighneacht/tuairim:
 
  • ainm an duine a dhéanfaidh an aighneacht nó an tuairim, ainm an duine atá ag gníomhú thar a cheann nó thar a ceann, más ann dó, agus an seoladh ar cheart aon chomhfhreagras a bhaineann leis an iarratas a sheoladh chuige,
 
  • ábhar na haighneachta nó na tuairime, agus
 
  • na cúiseanna, ábhair a chuirtear san áireamh agus argóintí ar a bhfuil an aighneacht nó an tuairim bunaithe go hiomlán. (Tagraíonn Airteagal 5 de na Rialacháin fán Acht um Pleanáil agus Forbairt (Forbairt Muirí) 2023).
 
Ní bhreithneoidh an Bord aon aighneacht nó tuairim nach bhfuil an t-eolas thuas mar chuid de.