Eamonn J. Kelly
Coimisinéir Pleanála
Ceapadh Eamonn Kelly mar Ghnáthchomhalta den Bhord an 24 Aibreán 2023 ar feadh téarma cúig bliana go dtí an 23 Aibreán 2028. Agus céim san eolaíocht agus dochtúireacht sa zó-eolaíocht aige, ghnóthaigh Eamonn saineolas fairsing náisiúnta agus idirnáisiúnta ar chaomhnú agus forbairt inchothaithe an chomhshaoil. Tá taithí shuntasach taidhleoireachta ag Eamonn freisin, tar éis dó fónamh ar feadh roinnt blianta mar ataisé na hÉireann chuig an Aontas Eorpach don chultúr, don bhithéagsúlacht agus don Ghaeilge.Tá an obair a rinne Eamonn ó shin i leith mar státseirbhíseach sinsearach mar fhianaise ar an bhfeasacht atá aige ar luachanna seirbhíse poiblí agus ar an tiomantas atá aige do na luachanna sin.
De réir alt 495(5) den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2024, maidir leis aon comhaltaí den bhord a bhí san oifig díreach roimh dháta tosach feidhme an ailt sin d’Acht 2024 an 17 Meitheamh 2025, leanfaidh sé ón dáta sin san oifig mar Leas-Phríomhchoimisinéir Pleanála ar an gCoimisiún Pleanála, de réir théarmaí agus choinníollacha a cheapacháin, mar a bhí i bhfeidhm díreach roimh an dáta sin, faoin Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000.
Firefox
Safari
Chrome
Opera
Edge