Léim go dtí an príomhábhar

Martina Hennessy

Comhalta den Bhord

Martina Hennessy

Comhalta den Bhord


Ceapadh Martina Hennessy ar an mBord i mí Aibreáin 2023 le haghaidh téarma aon bhliain amháin, tugadh síneadh ama go dtí 23 Deireadh Fómhair 2024.
Tháinig Martina ón Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide (DECC) áit a raibh sí i gceannas ar fhorbairt an bheartais fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta agus ar chur i bhfeidhm na reachtaíochta nua um phleanáil mhuirí. Roimhe sin bhí sí freagrach as beartas agus rialáil peitriliam sa DECC agus d’oibrigh sí sa Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe freisin. Thosaigh sí ag obair sa státseirbhís in 2016 agus raon leathan taithí aici i gceannaireacht, i mbainistíocht tionscadal agus i soláthar claochlaithe san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach araon. 
Tá BA (Onóracha) aici sna hEolaíochtaí Nádúrtha ó TCD agus MSc i gCórais Faisnéise Geografaí, chomh maith le raon cáilíochtaí iarchéime agus gairmiúla. In 2021 fuair sí Ard-Dioplóma sa Dlí Pleanála agus Comhshaoil ó Óstaí an Rí.