Mary Henchy
Comhalta den Bhord
Ceapadh Mary Henchy in Aibreán 2023 ar feadh téarma bliana, tugadh síneadh ama go dtí 16 Deireadh Fómhair 2024.
Bhí sí i bpost ar iasacht ó Chomhairle Contae Dhún Laoghaire/ Ráth an Dúin, áit a raibh sí ina Stiúrthóir Seirbhíse, post a bhí aici ó 2015. Le linn a tréimhse mar Stiúrthóir Seirbhíse, bhí sí freagrach as forbairt eacnamaíoch, athrú eagraíochtúil agus pleanáil.
Tá breis agus 30 bliain taithí ag Mary ag obair in earnáil na n-údarás áitiúil ó thosaigh sí lena gairm sa phleanáil. Tá Céim Bhaitsiléara aici san Eolaíocht Shóisialta, Céim Mháistreachta sa Phleanáil Réigiúnach agus Uirbeach, Dioplóma Iarchéime san Innealtóireacht Chomhshaoil, agus Dioplómaí i mBainistíocht, agus sa Dlí Fostaíochta.
Tá Mary ina ball d'Institiúid Pleanála na hÉireann.