Léim go dtí an príomhábhar

Mick Long

Coimisinéir Pleanála

Mick Long

Coimisinéir Pleanála


Ceapadh Mick Long mar chomhalta eatramhach den Bhord an 3 Eanáir 2023 ar feadh téarma aon bhliana. Deonaíodh fadú ar an téarma sin go dtí an 2 Eanáir 2025.
An 6 Samhain 2024, ceapadh mar ghnáthchomhalta den Bhord ón 2 Meán Fómhair 2024 go dtí an 1 Meán Fómhair 2029. 
De réir alt 495(5) den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2024, maidir leis aon comhaltaí den bhord a bhí san oifig díreach roimh dháta tosach feidhme an ailt sin d’Acht 2024 an 17 Meitheamh 2025, leanfaidh sé ón dáta sin san oifig mar Leas-Phríomhchoimisinéir Pleanála ar an gCoimisiún Pleanála, de réir théarmaí agus choinníollacha a cheapacháin, mar a bhí i bhfeidhm díreach roimh an dáta sin, faoin Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000.

Sealbhaíonn Mick Céim Bhaitsiléara i dTráchtáil ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus Ard-Dioplóma sa Dlí Pleanála agus Comhshaoil ó Óstaí an Rí. Thosaigh sé a ghairm san Údarás Clárúcháin Maoine, agus d’oibrigh sé in Oifig na nOibreacha Poiblí ar feadh tréimhse 26 bliana ina dhiaidh sin.
Bhí sé ina Phríomhoifigeach Airgeadais in Oifig na nOibreacha Poiblí ar feadh tréimhse naoi mbliana sular ceapadh é mar Cheann Seirbhísí Corparáideacha ag leibhéal an Stiúrthóra ar Bhord Bainistíochta Oifig na nOibreacha Poiblí sa bhliain 2018, agus freagracht bhreise air as Forbairt Straitéise, Rialachas Corparáideach agus Riosca.
Chuir Mick an clár ceannaireachta feidhmiúcháin ag Scoil Ghnó Harvard i gcrích sa bhliain 2009 agus, níos luaithe i mbliana, ghnóthaigh sé Dioplóma agus Deimhniú (le gradam) i Stiúradh Cuideachta ó Institiúid na Stiúrthóirí in Éirinn. Tugadh stádas Stiúrthóra Cairte ó Institiúid na Stiúrthóirí, Londain, dó sa bhliain 2023.