Patricia Calleary
Coimisinéir Pleanála
Tá Patricia Calleary, BE MEngSc Msc (pleanáil) Dip EIA Mgmt. FIEI MIPI, ceaptha ar an mBord le héifeacht ón 21ú Márta 2022.
De réir alt 495(5) den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2024, maidir leis aon comhaltaí den bhord a bhí san oifig díreach roimh dháta tosach feidhme an ailt sin d’Acht 2024 an 17 Meitheamh 2025, leanfaidh sé ón dáta sin san oifig mar Leas-Phríomhchoimisinéir Pleanála ar an gCoimisiún Pleanála, de réir théarmaí agus choinníollacha a cheapacháin, mar a bhí i bhfeidhm díreach roimh an dáta sin, faoin Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000.
Tá bunchéimeanna agus iarchéimeanna aici san innealtóireacht shibhialta (NUIG), i bpleanáil spásúlachta (TUD), agus tá dioplómaí iarchéime aici freisin i mbainistíocht EIA, i mbainistíocht phoiblí agus i bpleanáil agus dlí comhshaoil. Is innealtóir cairte í agus comhalta d’Innealtóirí Éireann agus is ball í freisin den IPI, tar éis di fónamh ar Chomhairle Náisiúnta an IPI ar feadh téarma trí bliana.
Sular ceapadh ar an mBord í, d’oibrigh Patricia mar chigire pleanála sinsearach ag an mBord Pleanála ó 2016-2022, agus roimhe sin i roinnt ról i gComhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, Uisce Éireann agus Bord na Móna. Ar feadh cuid mhór dá gairm bheatha, bhí cleachtas comhairleoireachta pleanála agus innealtóireachta aici i mBéal an Átha, Co. Mhaigh Eo agus bhí róil éagsúla léachtóireachta páirtaimseartha aici.