Léim go dtí an príomhábhar

Tom Rabbette

Coimisinéir Pleanála

Tom Rabbette

Coimisinéir Pleanála


Ceapadh Tom Rabbette, B.Arch.MRUP, MIPI, ar an mBord go ceann bliana i Márta 2023, tugadh síneadh ama go dtí 31 Nollaig 2024.
Ceapadh sé mar ghnáthchomhalta den Bhord an 16 Meán Fómhair 2024 go dtí an 15 Meán Fómhair 2029.
De réir alt 495(5) den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2024, maidir leis aon comhaltaí den bhord a bhí san oifig díreach roimh dháta tosach feidhme an ailt sin d’Acht 2024 an 17 Meitheamh 2025, leanfaidh sé ón dáta sin san oifig mar Leas-Phríomhchoimisinéir Pleanála ar an gCoimisiún Pleanála, de réir théarmaí agus choinníollacha a cheapacháin, mar a bhí i bhfeidhm díreach roimh an dáta sin, faoin Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000.

Tá bunchéim aige san ailtireacht (UCD), máistreacht sa phleanáil réigiúnach agus uirbeach (UCD) agus ard-dioplóma sa Dlí Pleanála & Comhshaoil (Óstaí an Rí). Is ball é Tom d’Institiúid Pleanála na hÉireann.
Sula ndeachaigh sé isteach sa Bhord Pleanála, d’oibrigh Tom sna hearnálacha ailtireachta agus pleanála, idir phoiblí agus phríobháideacha, anseo agus sa Ghearmáin. Chuaigh sé isteach sa Bhord Pleanála in 2003 mar chigire pleanála, ceapadh ina ardchigire pleanála é in 2006 agus ina Stiúrthóir Cúnta Pleanála in 2017. Ba léachtóir páirtaimseartha é in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath (Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath anois), tráth.