Léim go dtí an príomhábhar

Tuairim FST: Tar éis do thuairim a thabhairt

Tar éis do thuairim a thabhairt

An bhfuil mo thuairim bailí nó neamhbhailí?
Tar éis do thuairim a fháil, seiceálfaimid é féachaint an gcomhlíonann na riachtanais reachtúla chun tuairim bhailí a dhéanamh. Mura gcomhlíonann, beidh sé neamhbhailí. An chéad rud eile ná go bhfaighidh tú litir uainn le rá leat:

  • go bhfuaireamar do thuairim, agus
  • cibé an bhfuil do thuairim bailí neamhbhailí.

Céard é an chéad rud eile a dhéanaim más tuairim bhailí é?
Más tuairim bhailí í, ní gá duit aon rud eile a dhéanamh ag an bpointe seo. Má scríobhaimid chugat, iarrtar ort déanamh de réir na dtreoracha nó na comhairle sa litir. Má bhíonn cabhair uait chun déanamh de réir na dtreoracha nó na comhairle, is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn. Tabhair uimhir thagartha an chás ar an litir, ionas gur féidir linn do chás a aithint.

Cad a tharlaíonn i gcás tuairim neamhbhailí?
Más tuairim neamhbhailí é, cuirfimid na doiciméid ar ais chugat. Aisíocfaimid do tháille leat i seic chuig an seoladh poist atá tugtha agat dúinn. Ní féidir an tuairim a chur isteach arís ach amháin má chomhlíonann tú gach ceann de na riachtanais reachtúla. Mar shampla, más mian leat an tuairim a thabhairt arís, ní mór duit a bheith cinnte go dtugtar é laistigh den tréimhse chúig seachtaine chun tuairim a thabhairt. Ní ghlacfar le tuairimí déanacha ar chúis ar bith.

Cén fáth gur tuairim neamhbhailí í mo thuairim?
Ní chomhlíonann an tuairim gach ceann de na riachtanais reachtúla a ndéantar cur síos orthu sa treoir seo mar shampla:

  • fuarthas é lasmuigh den tréimhse chúig seachtaine a cheadaítear chun tuairim a thabhairt.
  • Níl an táille cheart istigh leis.

Cad é an chéad rud eile a dhéanann an Bord Pleanála?
Breithneoidh cigire do thuairim agus gach doiciméad ar cháschomhad an iarratais. Tabharfaidh siad cuairt ar láithreán na forbartha beartaithe chun tuilleadh eolais a bhailíú agus grianghraif a ghlacadh dá dtuarascáil. Is féidir go dteastóidh ón gcigire féachaint ar an láithreán ó do réadmhaoin. Más amhlaidh atá, beimid i dteagmháil leat chun socruithe a dhéanamh do chuairt láithreáin.

Tar éis an éisteacht ó bhéal a chríochnú, ullmhaíonn an cigire tuarascáil agus moladh don Bhord. Ansin déanfaidh an Bord cinneadh bunaithe ar na doiciméid uile sa chás.

Cad é an teorainn ama chun iarratais a chinneadh?
Tá cuspóir reachtúil ag an mBord cásanna a chinneadh, más féidir, laistigh de 16 seachtaine. Ní chuirfear síneadh leis an tréimhse ach amháin má bhíonn éisteacht ó bhéal ann.

Nuair a dhéanann an Bord cinneadh, seolfaimid litir agus cóip d’Ordú an Bhoird chugat chun an cinneadh a chur in iúl dúit. Gheofar tuilleadh eolais ar ár suíomh gréasáin chinneadh an Bhoird.

An féidir liom mo thuairim a aistarraingt?
Is féidir tuairim a aistarraingt uair ar bith sula ndéantar an cinneadh. Ní mór duit scríobh chugainn á rá gur mian leat an tuairim a aistarraingt. Ní féidir an táille a aisíoc, faraor.

An mbreithneoidh an Bord mo thuairim má tá an t-iarratas aistarraingthe ag an iarratasóir?
Ní ghlacfaidh. Ní féidir tuairim bhailí a thabhairt i gcás ina bhfuil iarratas aistarraingthe ag an iarratasóir.

An féidir leis an mBord tuairim a chaitheamh amach?
Is féidir. Féadfaidh an Bord tuairim a chaitheamh amach má tá sé sásta:

  • gur tuairim chráiteach é, atá ceaptha chun cur isteach ar dhuine éigin eile nó iad a chiapadh,
  • gur tuairim fhánach é, nach bhfuil aon bhunús leis,
  • gur tuairim gan bunús ná substaint é,
  • gur tuairim í a rinneadh d’aonturas le moill a chur ar an bhforbairt,
  • gur tuairim í a rinneadh chun íocaíocht airgid, bronntanais nó cúiteamh a fháil ó duine éigin, nó
  • gur tuairim í a rinne duine nach féidir a shainaithint (i dtuairim an Bhoird).

Cá háit a bhfaighidh mé tuilleadh eolais ar phróiseas na Forbartha Tithíochta Straitéisí?
Gheobhaidh tú tuilleadh eolais inár Iarratais Alt 4 ar an mBord Pleanála: Treoir don Phobal agus in eolas eile ár láithreán gréasáin.