Léim go dtí an príomhábhar

Tuairim FST: Tuairim a sheoladh chugainn leis an bpost nó í a thabhairt isteach go pearsanta

Tuairim a sheoladh chugainn leis an bpost nó í a thabhairt isteach go pearsanta

Cad é an seoladh don tuairim?
Is féidir leat:

  • é a chur leis an bpost chuig: An tAonad Tithíochta Straitéisí, An Bord Pleanála, 64 Sráid Mhaoilbhríde, Baile Átha Cliath 1, D01 V902,
  • é a thabhairt do bhall d’fhoireann An Bhoird Pleanála ag ár n-oifigí i Sráid Mhaoilbhríde (seoladh thuas) le linn uaireanta oifige ¬– Ó Luan go hAoine, ón a 9.15 ar maidin go dtí 5.30 tráthnóna. Ní féidir leis an bhfoireann slándála san oifig glacadh le tuairimí.
  • é a chur isteach i mbosca litreach na hoifige lasmuigh d’uaireanta oifige.

Bíonn an oifig dúnta ag an deireadh seachtaine, ar laethanta saoire phoiblí agus ar laethanta fógartha eile amhail Lá Nollag agus Aoine an Chéasta.


An bhfaighidh mé admháil má thugaim an tuairim do dhuine san oifig?
Is féidir. Gheobhaidh. Má thugann tú do thuairim go dtí an oifig is féidir admháil a iarraidh, a déarfaidh go bhfuarthas do thuairim san oifig. Nuair a thugann tú do thuairim do bhall d'fhoireann an Bhoird Pleanála, ní féidir é a thabhairt ar ais duit ná fótachóip a dhéanamh de do dhoiciméid agus stampa dáta orthu. deimhniú é an admháil seo gur tuairim bhailí í. Scríobhfaimid chugat taobh amuigh den admháil le rá leat cibé an bhfuil do thuairim bailí nó neamhbhailí.