Cá mhéad ama atá agam le tuairim a chur isteach?
Cé mhéad ama atá agam chun tuairim a thabhairt don Bhord?
Más mian leat tuairim a thabhairt, ní mór duit é a dhéanamh laistigh de chúig seachtaine ón dáta ar a bhfuair an Bord Pleanála an t-iarratas. Ní cheadaíonn an dlí dúinn doiciméid dhéanach a ghlacadh amhail is gur doiciméid bhailí iad. Gheobhaidh tú sonraí na n-iarratas reatha, lena n-áirítear na dátaí ar taisceadh linne iad.
Cá mhéad a chosnaíonn sé tuairim a thabhairt?
Cá mhéad a chosnaíonn sé tuairim a thabhairt?
€20 a chosnaíonn sé tuairim a thabhairt.
Conas is féidir liom íoc as tuairim a thabhairt?
Tá modhanna éagsúla ann chun táille a íoc leis an mBord Pleanála.
|
Ag an deasc fáilte | Leis an bpost | Ar líne leis an uaslódálaí |
Airgead tirim |
✔ Glactar leo | Ní mholtar duit airgead tirim a chur chugainn riamh leis an bpost. | ✖ Ní ghlactar leo |
Cártaí Dochair agus Creidmheasa* |
✔ Glactar leo | ✖ Ní ghlactar leo | ✔ Glactar leo |
Seiceanna |
✔ Glactar leo | ✔ Glactar leo | ✖ Ní ghlactar leo |
Dréachtaí baincéara |
✔ Glactar leo | ✔ Glactar leo | ✖ Ní ghlactar leo |
Orduithe poist |
✔ Glactar leo | ✔ Glactar leo | ✖ Ní ghlactar leo |
*Tabhair ar aird nach nglacaimid le híocaíochtaí cárta creidmheasa nó dochair ar an bhfón.
Gheofar tuilleadh sonraí sa Treoir do Tháillí agus Muirir agus faoi conas is féidir leat táillí a íoc ar ár suíomh Gréasáin.
Conas tuairim a thabhairt
Cad is gá dom a dhéanamh chun tuairim bhailí a thabhairt?
Ba chóir duit forais do thuairime (na cúiseanna agus na hargóintí) agus aon mhír is mian leat a chur ar fáil a ullmhú go cúramach.
Chun tuairim bhailí a thabhairt, ní mór duit:
✔ | do thuairim a thabhairt i scríbhinn (clóscríofa nó lámhscríofa) |
✔ | d’ainm agus do sheoladh poist a scríobh go soiléir. Más gníomhaire atá ag tabhairt na tuairime ar do shon, ní mór don ghníomhaire a ainm agus a sheoladh a thabhairt mar aon le d’ainmse agus do sheoladh. |
✔ | dóthain mionsonraí a thabhairt le gur féidir an t-iarratas is ábhar don tuairim a aithint gan dua. Seo samplaí de na mionsonraí a nglacaimid leo: • ainm agus suíomh na forbartha beartaithe san iarratas (mar shampla: Tionscadal Chearnóg an Bhaile, An Phríomhshráid, Baile an Bhaile, Co. an Bhaile) nó • uimhir thagartha an Bhoird Pleanála don iarratas. Uimhir shé dhigit is ea an cás-uimhir thagartha: 300000). |
✔ | na nithe seo a leanas a thabhairt dúinn: • na forais phleanála le do thuairim (cúisanna agus argóintí), agus • aon mhír eile is mian leat a chur leis chun tacú le forais do thuairime. |
✔ | an táille cheart €20 a íoc. |
✔ | an tuairim a thabhairt in am agus laistigh den tréimhse ama cúig seachtaine ag tosú ar an lá a fhaigheann An Bord Pleanala an t-iarratas. |
Is féidir an fhoirm tuairime a úsáid chun cabhrú leat an tuairim a thabhait, nó is féidir leat scríobh chugainn.