Léim go dtí an príomhábhar

7ú Sceideal FBS (Iarratasóir): Sainmhíniú ar Fhorbairt Bonneagair Straitéisigh

2. Sainmhíniú ar Fhorbairt Bonneagair Straitéisight

Sa 7ú Sceideal d'Acht 2000 (leasaithe) liostaítear na haicmí forbartha bonneagair inar gá iarratas ar chead a dhéanamh go díreach chuig an mBord, má mheasann an Bord gur forbairt bonneagair straitéisigh atá iontu, seachas chuig an údarás pleanála áitiúil. Chun cáiliú mar fhorbairt bonneagair straitéisigh ní mór d'fhorbairt bheartaithe bheith, ar an gcéad dul síos, faoi réim ceann amháin nó níos mó de na haicmí sa 7ú Sceideal agus géilleadh do na tairseacha a gheofar sa Sceideal sin. Lena chois sin, ní mór don Bhord teacht ar an tuairim go mbeadh an fhorbairt bheartaithe, dá ndéanfaí é, laistigh de cheann amháin de na haicmí seo a leanas:

  • go mbeadh tábhacht straitéiseach eacnamaíoch nó sóisialach leis an bhforbairt don Stát nó don réigiún ina mbeadh sí suite,
  • go gcuideodh an fhorbairt go suntasach le comhlíonadh aon cheann de na cuspóirí sa Straitéis Spáis Náisiúnta nó in aon treoirlínte pleanála réigiúnacha atá i bhfeidhm i leith an limistéir ina mbeadh sí suite
  • go mbeadh éifeacht shuntasach ag an bhforbairt ar limistéar níos mó ná údarás pleanála amháin.

Tugann an Bord a thuairim go foirmiúil ag deireadh chéim na gcomhairliúchán réamhiarratais tar éis iarraidh a bheith faighte ón iarratasóir ionchasach chun na comhairliúcháin a scor.