Léim go dtí an príomhábhar

7ú Sceideal FBS (Iarratasóir): Comhairliúcháin Réamh-Iarratais (Céim 1)

3. Comhairliúcháin Réamh-Iarratais Céim 1)

3.1 Ginearálta

Is riachtanas é i gcás iarratasóir ionchasach ar chead pleanála chun forbairt a shonraítear sa 7ú Sceideal a dhéanamh dul i mbun comhairliúcháin réamhiarratais leis an mBord agus gheobhaidh sé nó sí fógra ón mBord ina ndéarfar cibé an fhorbairt bonneagair straitéisigh a bheadh san fhorbairt nó nach ea. Déanfaidh iarratasóir ionchasach, chun críocha na gcomhairliúchán sin, dóthain faisnéise a sholáthar don Bhord chun a chumasú don Bhord an fhorbairt bheartaithe a mheasúnú i bhfianaise na gcritéar atá leagtha amach d'fhorbairt bonneagair straitéisigh.

Tá an cuspóir atá le comhairliúcháin réamhiarratais leagtha amach san Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (leasaithe) agus sna Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001 (leasaithe). I gcomhairliúcháin réamhiarratais féadfaidh an Bord comhairle a chur ar an iarratasóir ionchasach maidir leis an iarratas beartaithe, agus go sonrach, maidir le –

  • Cibé an 'Forbairt Bonneagair Straitéisigh' a bheadh san fhorbairt bheartaithe, ag féachaint d'fhorálacha na reachtaíochta.
  • Na nósanna imeachta a ghabhann le hiarratas a dhéanamh chuig an mBord ar chead agus le hiarratas den sórt sin a bhreithniú.
  • Cad iad na cúinsí a bhaineann le pleanáil chuí agus forbairt inbhuanaithe nó leis an gcomhshaol, a d'fhéadfadh, i dtuairim an Bhoird, baint a bheith acu lena gcinneadh i ndáil leis an iarratas.
  • Liosta de na comhlachtaí/daoine ar cheart don iarratasóir ionchasach dul i gcomhairle leo roimh iarratas a thaisceadh agus roimh TMTT a chur i dtoll a chéile.
  • Na Comhlachtaí Forordaithe (faoi Airt. 213) ar cheart fógra maidir leis an iarratas a chur chucu.

Níor mhór d'iarratasóirí ionchasacha a chur san áireamh nach é cuspóir na gcomhairliúchán réamhiarratais cinneadh a dhéanamh ar fhiúntas cáis. Mar sin féin, féadfaidh an Bord a léiriú cad iad na nithe maidir le pleanáil chuí agus forbairt inbhuanaithe na timpeallachta a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar a chinneadh (pléitear é seo tuilleadh i bParagraf 3.3.2).

Ar ais go barr
 

3.2 Iarraidh ar Chomhairliúcháin

3.2.1 Sula ndéantar iarraidh ar chomhairliúcháin réamhiarratais, ba cheart d’iarratasóir ionchasach a sheiceáil cibé an bhfuil an fhorbairt bheartaithe in aicme atá sonraithe sa 7ú Sceideal d’Acht 2000 (leasaithe). Mura bhfuil, ní féidir a mheas gur forbairt bonneagair straitéisigh í agus ba cheart an t-iarratas a dhéanamh chuig an údarás pleanála cuí don cheantar.

3.2.2 Ba cheart iarratas ar chomhairliúcháin réamhiarratais a dhéanamh i scríbhinn chuig An Rúnaí, An Bord Pleanála, 64, Sráid Mhaoilbhríde, Baile Átha Cliath 1.

3.2.3 De ghnáth ba cheart an t-eolas seo a leanas a bheith in iarratas ar chomhairliúcháin réamhiarratais:

  • ainm agus seoladh an iarratasóra ionchasaigh, uimhreacha teileafóin teagmhála agus seoladh ríomhphoist, más ann dó,
  • ainm agus seoladh phríomhghníomhaire an iarratasóra ionchasaigh, más ann, uimhreacha teileafóin teagmhála agus seoladh ríomhphoist, más ann dó,
  • tuairisc ghinearálta ar nádúr agus ar scála na forbartha beartaithe, mar aon le líníochtaí má tá siad ar fáil,
  • seoladh na forbartha beartaithe agus tuairisc ghairid ar an láithreán agus ar an gceantar máguaird,
  • léarscáil(eanna) de shuíomh an láithreáin agus léarscáil(eanna) den láithreán a thaispeánann teorainneacha an láithreáin,
  • i gcás inar gá, ráiteas de leas dlíthiúil an iarratasóra ionchasaigh a chumasódh dó nó di an fhorbairt bheartaithe a dhéanamh dá gceadófaí í,
  • an aicme forbartha laistigh den 7ú Sceideal lena mbaineann an fhorbairt bheartaithe,
  • ainm an údaráis nó na n-údarás pleanála, má tá níos mó ná ceann amháin i gceist, ar laistigh dá limistéar/limistéir feidhme atá an láithreán suite,
  • ráiteas ar an gcúis ar dóigh nó nach dóigh leis an iarratasóir ionchasach gur cheart féachaint ar an fhorbairt bheartaithe mar fhorbairt bonneagair straitéisigh, ag féachaint do na critéir atá leagtha amach in alt 37A(2) d'Acht 2000 (leasaithe) – féachtar cuid 2 de na treoirlínte seo.

Nóta: níor cheart eolas atá íogair ó thaobh na tráchtála de a chur isteach le linn chomhairliúcháin réamhiarratais toisc go gcuirfear gach eolas ar comhad ar fáil d'iniúchadh an phobail ag críoch chéim an chomhairliúcháin. Níor mhór d'iarratasóirí ionchasacha a chur san áireamh, leis, gur chóir don fhorbairt bheartaithe a bheith ag céim aibíochta a chiallódh go bhfuil sé oiriúnach le dul isteach i gcéim na gcomhairliúchán réamhiarratais. Is féidir le hiarratais chuig an mBord maidir le forbairt bheartaithe nach bhfuil sainithe nó bunaithe i gceart moill mhíchuí a chur ar an bpróiseas.(Féachtar 3.3.1, leis).

3.2.4 Táillí

De réir fhorálacha alt 144 den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 (leasaithe) tá cinneadh déanta ag an mBord go ngearrfar táille ar aon iarraidh ar chomhairliúcháin réamhiarratais a gheofar ar an 5ú lá Meán Fómhair 2011 nó dá éis. Caithfidh an táille a bheith in éineacht le gach iarraidh ar chomhairliúcháin réamhiarratais. Chun breis eolais maidir le táillí reatha a fháil féachtar an “Eolaí ar na Táillí is iníoctha leis an mBord Pleanála.

3.2.5 Ar iarraidh ar chomhairliúcháin réamhiarratais a bheith faighte, ní mór don Bhord fógra maidir leis an iarraidh a chur chuig an údarás pleanála cuí (nó na húdaráis phleanála i gcás ina dtrasnaíonn an láithreán is ábhar limistéir éagsúla údaráis phleanála). Is éard a bheidh san fhógra litir ina mbeidh tuairisc ar nádúr na forbartha beartaithe agus léarscáil(eanna) de shuíomh an láithreáin.

3.2.6 Taifeadfar gach iarraidh ar chomhairliúcháin réamhiarratais ar liosta reachtúil seachtainiúil an Bhoird d'iarratais nua faighte agus postálfar é ar láithreán Gréasáin an Bhoird.

Ar ais go barr
 

3.3 Comhairliúcháin

3.3.1 Ginearálta

D’fhéadfadh nádúr na gcomhairliúchán réamhiarratais a bheith éagsúil ó chás go cás agus d’fhéadfadh breis is cruinniú amháin a bheith de dhíth. Beidh ionadaithe ar leibhéal oifigigh ag an mBord (cigire amháin agus riarthóir amháin ar a laghad). Ní bheidh baill den Bhord i láthair ag an gcruinniú. D’fhéadfadh an Bord iarraidh ar an iarratasóir ionchasach eolas breise a sholáthar chun a chumasú don Bhord a thuairim a thabhairt. In oifigí an Bhoird de ghnáth a thionólfar pléití / cruinnithe a bheidh mar chuid de chomhairliúcháin réamhiarratais. Meastar go dtionólfar cruinniú

Laistigh de 8 seachtaine den iarraidh fhoirmiúil a bheith déanta agus d'eolas sásúil a bheith curtha ar aghaidh chuig an mBord. Braithfidh amú agus minicíocht aon chruinnithe eile ar nádúr, scála agus ar a chastaí atá an fhorbairt bheartaithe, ar a aibí atá an tionscadal agus ar riachtanais an iarratasóra ionchasaigh.

Cé nach bhfuil aon spriocthréimhsí reachtúla ann maidir le comhairliúcháin réamhiarratais, níor mhór d'iarratasóirí a bheith feasach ar oibleagáid an Bhoird faoi alt 3.7J den Acht chun comhairliúcháin réamhiarratais a sheoladh go gasta agus aon mhoill neamhriachtanach a sheachaint. Chun gur féidir comhairliúcháin a sheoladh go gasta, ba chóir iarrataí ar chomhairliúcháin réamhiarratais a dhéanamh nuair a bhíonn an tionscadal sainithe ag an iarratasóir agus níor chóir iarrataí ginearálta a dhéanamh ar réamhchéim de thionscadal.

3.3.2 Saincheisteanna

Le linn na gcomhairliúchán réamhiarratais, féadfaidh an Bord a thabhairt le fios cad iad na cúinsí a bhaineann le pleanáil chuí agus forbairt inbhuanaithe an cheantair a bhféadfadh baint a bheith acu lena chinneadh i ndáil leis an iarratas. Chun treoir ghinearálta ar na cúinsí sin agus ar na nithe a mbeifí ag súil go ndíreodh iarratasóir ionchasach orthu i gcomhairliúcháin réamhiarratais, féachtar paragraf 5.6 seo a leanas maidir le tuarascáil an údaráis phleanála. Beidh baint ag formhór na míreanna a luaitear le hiarratasóirí ionchasacha, leis.

Féadfaidh an Bord dul i gcomhairle leis an údarás áitiúil/leis na húdaráis áitiúla ar laistigh dá limistéar feidhme atá an láithreán suite, nó le haon cheann de na comhlachtaí forordaithe iomchuí. An aidhm a bheidh le comhairliúcháin dá sórt ná aon srian a mbeadh tionchar aige ar an láithreán a shainaithint agus a fháil amach cibé an bhfuil plean nó clár á bheartú nó á chur i gcrích a bhainfeadh leis an iarratas. Féadfaidh an Bord dul i gcomhairle le haon duine eile a bhféadfadh eolas a bheith acu atá bainteach le críocha comhairliúchán.

Moltar go láidir d’iarratasóirí ionchasacha teagmháil dhíreach chuimsitheach a dhéanamh leis an údarás áitiúil ar laistigh dá limistéar feidhme atá an láithreán suite agus le haon chomhlacht ábhartha náisiúnta, réigiúnach nó forordaithe agus leis an bpobal ag an gcéim is luaithe is féidir de cheapadh na dtograí.

3.3.3 Taifead Comhairliúchán

Tiomsóidh an Bord taifead d’aon chruinniú a bheidh ann. Cuirfidh sé cóip den taifead chuig an iarratasóir ionchasach a luaithe is féidir tar éis an chruinnithe/gach cruinnithe. Taifid faoi rún a bheidh iontu i gcónaí go dtí go mbeidh deireadh le céim an chomhairliúcháin – féachtar cuid 4.

I gcás ina dtéann an Bord i gcomhairle leis an údarás áitiúil ar laistigh dá limistéar feidhme atá an láithreán suite, nó le haon chomhlacht forordaithe nó le duine ar bith eile, déanfar taifid de na comhairliúcháin sin agus seolfar cóip den taifead/de na taifid sin chuig an iarratasóir ionchasach ag an gcéad chruinniú eile. Cuirfear taifead d'aon chomhairliúcháin dá shórt ar fáil d’iniúchadh an phobail nuair a bheidh deireadh le céim an chomhairliúcháin réamhiarratais.

Ar ais go barr
 

3.4 Críoch na gComhairliúchán

3.4.1 Fógra

Ar iarraidh scríofa a bheith faighte ón iarratasóir ionchasach ag iarraidh deireadh a chur leis na comhairliúcháin réamhiarratais, déanfaidh an Bord fógra dá chinneadh a sheirbheáil ar an iarratasóir ionchasach agus ar an údarás pleanála/na húdaráis phleanála iomchuí agus ar aon pháirtí eile a ndeachthas i gcomhairle leo

3.4.2 Forbairt ar cinneadh nach FBS é

I gcás ina n-eisíonn an Bord fógra nach bhféachtar ar an fhorbairt bheartaithe mar fhorbairt bonneagair straitéisigh, is chuig an údarás pleanála/na húdaráis phleanála iomchuí, a chaithfear aon iarratas a dhéanamh. Beidh gnáthcheart achomhairc chuig an mBord ag duine ar bith in aghaidh chinneadh aon údaráis phleanála dá shórt i dtaca leis an iarratas.

3.4.3 Forbairt ar cinneadh gur FBS é

I gcás ina n-eisíonn an Bord fógra go bhféachtar ar an fhorbairt bheartaithe mar fhorbairt bonneagair straitéisigh, is go díreach chuig an a chaithfear iarratas a dhéanamh. Agus an fógra á eisiúint, féadfaidh an Bord an méid seo a leanas a chur in iúl don iarratasóir ionchasach:

  • cé na comhlachtaí, arna bhforordú faoi airteagal 213 de na Rialacháin, ar chóir don iarratasóir ionchasach fógra maidir leis an iarratas a chur chucu,
  • cé na comhlachtaí i cé acu Stát, ar cheart scéala a chur chucu i gcás inarb é tuairim an Bhoird go mbeadh éifeacht shuntasach ar an timpeallacht i Stát Trasteorann, agus cá mhéad cóip den iarratas agus den TMTT ar cheart a bheith in éineacht leis an bhfógra,
  • aon riachtanas ar leith maidir le ceantair Ghaeltachta,
  • na pleananna, na sonraí agus aon eolas eile ar cheart a chur isteach le go bhféadfaí an t-iarratas a bhreithniú,
  • na tréimhsí ama agus seicheamhú an phróisis iarratais,
  • aon cheist eile a bhaineann leis an bpróiseas iarratais lena n-áirítear eolas i dtaobh nádúr na gcostas a d'fhéadfaí a dhámhachtain in aghaidh an iarratasóra faoi alt 37H(2)(c) d'Acht 2000 (leasaithe) agus aon táille a bheidh iníoctha, agus an fhoirm inar cheart an t-iarratas a chur isteach,
  • foirm agus ábhar an fhógra nuachtáin a chaithfear a fhoilsiú sula ndéantar iarratas pleanála chuig an mBord,
  • i gcás ina n-iarrann an Bord fógra láithreáin a bheith curtha in airde, suíomh/áit agus/nó láithreán Gréasáin a shonrú chun an t-iarratas, an TMTT, san RTN agus aon doiciméad iomchuí eile a chur ar fáil ann lena iniúchadh nó lena ceannach ar tháille réasúnta (gheofar an t-eolas sin san fhógra poiblí),
  • úsáid na meán áitiúil nó náisiúnta, agus/nó cruinnithe a bheith tionólta le duine nó le comhlacht ar bith nó leis an bpobal.

Ba cheart a chur san áireamh gurb é an t-iarratasóir ionchasach amháin atá freagrach as cruinneas na tuairisce a dhéantar ar an fhorbairt agus ar a shuíomh sna fógraí poiblí, ar an láithreán Gréasáin agus sna doiciméid iarratais.

3.4.4 Nithe Eile

Ar na comhairliúcháin réamhiarratais a bheith tugtha chun críche: -

  • déanfar cinneadh an Bhoird ar stádas na forbartha beartaithe a thaifeadadh ar liosta seachtainiúil reachtúil an Bhoird de chásanna cinnte agus a phostáil ar láithreán gréasáin an Bhoird (www.pleanala.ie).
  • cuirfear cóip de chomhad an Bhoird, lena n-áirítear taifead aon chruinnithe, ar fáil don phobal.

3.4.5 Cruinnithe gan dochar don Bhord

Ní dhéanann comhairliúcháin dochar do chinneadh an Bhoird in aon iarratas dá éis ar shlí ar bith agus ní féidir brath air sa phróiseas pleanála foirmiúil ná in imeachtaí dlí.

Ar ais go barr