Léim go dtí an príomhábhar

Saoráil Faisnéise – An Scéim Foilsithe

Saoráil Faisnéise – An Scéim Foilsithe

De bharr Alt 8 d’Acht um Shaoráil Faisnéise bíonn dualgais ar eagrais atá faoi scáth na hAchta an méid eolais agus is féidir a ullmhú agus a fhoilsiú ar bhealach atá oscailte agus ar bhealach ina mbeidh siad ar fáil do gach duine. Beidh an t-eolas seo le fáil go rialta gan aon ghá úsáid a bhaint as an Acht de bharr na bprionsabal a bhaineann le hoscailteacht agus le trédhearcacht, prionsabail atá leagtha síos in Ailt 8(5) agus 11(3) den Acht. Dá bhrí sin is féidir faoin Acht taifid a fhoilsiú nó iad a thabhairt gan aon bhaint leis an Acht i gcásanna nach mbíonn aon sárú dlí i gceist. Is ar an mbealach seo a chuireann eagrais, faoi scáth na hAchta seo, eolas ar fáil mar chuid de na gnáthghníomhaíochtaí oibre.

Tá na rudaí seo a leanas mar chuid den Scéim Foilsithe seo:

  • Eolas a chur ar fáil don phobal chun cur leis an tuiscint atá acu ar an mBord Pleanála (tagraítear é mar "an t-eagras chomh maith) agus a gcuid feidhmeanna;
  • An t-eolas atá ag an eagras a fhoilsiú sna ceannteidil atá leagtha amach thíos; agus
  • Míniú a thabhairt ar an gcaoi agus is féidir eolas a fháil nó chun a fháil amach cén cineál eolais atá i seilbh an Bhoird.

Más rud é nach féidir teacht ar an eolas atá á lorg agat, is féidir cuardach a dhéanamh ar shuíomh idirlín an Bhoird, nó dul i dteagmháil le hOifigeach an Bhoird a dhéileálann le Saoráil Faisnéise FOI@pleanala.ie nó chun iarratas a dhéanamh mar gheall ar Shaoráil Faisnéise.

Eolas Ginearálta faoin mBord Pleanála

Eolas faoi fheidhmeanna agus faoi sheirbhísí atá ar fáil

Eolas faoi na Gnásanna ina ndéantar Cinntí

Eolas Airgeadais

Eolas a bhaineann le Soláthar

Eolas eile