Cearta Athbhreithnithe agus Achomhairc
Leagann an tAcht amach sraith díolúintí amach arb aidhm dóibh faisnéis íogair a chosaint a dhéanfadh dochar do leas an Stáit nó tríú páirtithe dá nochtfaí í. Nuair a bhaintear leas as na forálacha seo chun faisnéis a choimeád siar, is féidir an cinneadh a achomharc. Is féidir achomharc a dhéanamh, freisin, maidir le hiarchur na rochtana, táillí, foirmeacha rochtana etc. Ag seo sonraí na meicníochtaí achomhairc:
Athbhreithniú Inmheánach
Féadfaidh tú a iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú inmheánach ar an gcinneadh tosaigh:
1. má tá tú míshásta leis an gcéad fhreagra a fuarthas, m.sh. diúltú na faisnéise, modh na rochtana, costais, etc., nó
2. murar freagraíodh an t-iarratas laistigh de 4 seachtain ón iarratas tosaigh. Meastar gurb ionann é seo agus an t-iarratas a dhiúltú agus tugann sé an ceart don iarrthóir dul i gceann an athbhreithnithe inmheánaigh.
Oifigeach ar leibhéal uachtarach a chuireann an t-athbhreithniú i gcrích. Níor mhór iarratais ar athbhreithniú inmheánach a chur i scríbhinn chuig:
An tUas. Ellen Morrin
An Bord Pleanála,
64 Sráid Mhaoilbhríde,
Baile Átha Cliath 1.
Guthán (01) 858 8100
Facs(01) 872 2684
Ní mór a leithéid d'iarratas ar athbhreithniú inmheánach a chur isteach faoi cheann ceithre sheachtain ón gcinneadh tosaigh. Ní mór an t-athbhreithniú inmheánach a chríochnú taobh istigh de thrí sheachtain. De ghnáth ní mór an t-athbhreithniú a chríochnú sular féidir achomharc a chur faoi bhríd an Coimisinéara Faisnéise.
- Ní mór €30 de tháille chaighdeánach a chur ag gabháil le hiarratas ar athbhreithniú inmheánach faoi Alt 21.
- Cuirtear €10 de tháille laghdaithe i bhfeidhm má tá teideal ag an iarrthóir ar chárta leighis nó má tá sé i gcleithiúnas duine a bhfuil teideal aige ar chárta leighis.
- Tá na hiarratais seo a leanas ar athbhreithniú inmheánach saor ó tháille:/li>
1. iarratas i leith cinnidh ar thaifid nach bhfuil iontu ach faisnéis phearsanta a bhaineann leis an iarrthóir.
2. iarratais i leith cinnidh faoi Alt 9 (ceart taifid a leasú a bhaineann le faisnéis phearsanta).
3. iarratas i leith cinnidh faoi Alt 10 (ceart an duine ar fhaisnéis a bhaineann le bearta comhlachtaí poiblí a théann in éifeacht air).
4. iarratas i leith cinnidh táille nó éarlais a éileamh, nó i leith mhéad na táille nó na héarlaise.
Athbhreithniú an Choimisinéara Faisnéise
Tar éis don athbhreithniú inmheánach a bheith curtha i gcrích, féadfaidh an t-iarrthóir athbhreithniú neamhspleách ar an gcinneadh a iarraidh ar an gCoimisinéir Faisnéise. Chomh maith leis sin, mura bhfaightear freagra ar an iarratas ar athbhreithniú inmheánach taobh istigh de thrí sheachtain, meastar gurb ionann é seo agus diúltú agus féadfaidh an t-iarrthóir achomharc a chur faoi bhráid an Choimisinéara.
Is féidir achomhairc scríofa a chur faoi bhráid an Choimisinéara Faisnéise ag an seoladh seo a leanas:
Oifig an Choimisinéara Faisnéise,
18 Sráid Líosáin Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2.
Guthán (01) 639 5689 nó Glao Áitiúil 1890 22 30 30
Facs (01) 661 0570
Líon www.oic.ie
Beidh a chuid cinntí siúd ceangailteach, faoi réir achomhairc chun na hArdchúirte ar phointe dlí.
- Ní mór €50 de tháille chaighdeánach a chur ag gabháil leis na hiarratais chun an Choimisinéara Faisnéise ar athbhreithniú ar chinntí a rinne comhlachtaí poiblí faoi Alt 22.
- Cuirtear €15 de tháille laghdaithe i bhfeidhm sna cásanna seo a leanas:
1. má tá teideal ag an iarrthóir ar chárta leighis nó má tá sé i gcleithiúnas duine a bhfuil teideal aige ar chárta leighis nó
2. más duine é atá arna shainiú in Alt 38(2) is é sin, tríú páirtí a bhfuil an ceart aige iarratas a chur go díreach chuig an gCoimisinéir Faisnéise má chinneann comhlacht poiblí faisnéis a bhaineann leis a nochtadh ar mhaithe leis an leas poiblí.
- Tá na hiarratais seo a leanas chuig an gCoimisinéir saor ó tháille:
1.iarratas i leith taifead nach bhfuil iontu ach faisnéis phearsanta a bhaineann leis an iarrthóir.
2. iarratas i leith cinnidh faoi Alt 9 (ceart taifid a leasú a bhaineann le faisnéis phearsanta).
3. iarratas i leith cinnidh faoi Alt 10 (ceart an duine ar fhaisnéis a bhaineann le bearta comhlachtaí poiblí a théann in éifeacht air).