Léim go dtí an príomhábhar

Mar is féidir faisnéis a fháil faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014

Faisnéis ghinearálta faoin Acht um Shaoráil Faisnéise

Ní mór na hiarratais a dhéanamh i scríbhinn agus a rá go bhfuiltear ag iarraidh na faisnéise faoin Acht um Shaoráil Faisnéise. Leis an rochtain a éascú, is féidir an fhoirm iniata a líonadh, dar teideal 'Iarratas ar Rochtain ar Thaifid faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014’. Tabhair gach eolas is féidir le go bhféadfaidh an fhoireann an taifead a aithint. Más deacair duit na taifid áirithe úd a aithint atá ag teastáil uait, cuideoidh baill foirne na hoifige go lántoilteanach leat an t-iarratas a ullmhú.

Tá iallach ar an mBord Pleanála freagra a thabhairt ar an iarratas laistigh de cheithre sheachtain. Ní mór na hiarratais a admháil laistigh de choicís.

Faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, tá gach duine i dteideal rochtain a iarraidh ar fhaisnéis atá i seilbh an Bhoird Phleanála agus nach bhfuil le fáil go poiblí aon áit eile. Tá gach duine i dteideal:

  • teacht ar na taifid atá i seilbh an Bhoird Phleanála,
  • aon fhaisnéis phearsanta a bhaineann leis agus atá i seilbh an Bhoird Pheanála a cheartú, ma tá a leithéid míchruinn, neamhiomlán nó míthreorach,
  • teacht ar na cúiseanna a bhí ag an mBord Pleanála le cinntí a bhaineann go díreach leis.

Tagann na taifid seo a leanas faoi raon an Achta:

  • gach taifead a baineann le faisnéis phearsanta atá i seilbh an Bhoird Pheanála, cuma cén uair a cruthaíodh é,
  • gach taifead eile a cruthaíodh ón 21 Aibreán, 1998,
  • aon taifead eile atá riachtanach leis an taifead reatha a thuiscint.

Ní bhaineann an ceart rochtana le "taifid díolmhaithe", atá arna sainiú an Achta.

Ní bhaineann an Acht seo le taifid atá le fáil go poiblí cheana féin. Mar shampla, is féidir achomharc atá cinnte ag an mBord Pleanála cheana féin a fháil lena cheannach/lena scrúdú faoi chóras rochtana poiblí an Bhoird Phleanála – cuir ceist ag an deasc fáiltithe.

Iarratais faoi na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise

Ba chóir iarratais ar fhaisnéis faoi na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise a chur chuig:

Colm Walsh, Uas
Oifigeach Feidhmeannach Sinsearach,
An Bord Pleanála,
64 Sráid Mhaoilbhríde,
Baile Átha Cliath 1.
Guthán (01) 858 8100
Facs(01) 872 2684
Ríomhphost foi@pleanala.ie

  • Ní bhíonn aon táille le híoc ar iarratas SF a dhéanamh.


Táillí do Chuardach, Aisghabháil agus Cóipeáil Taifid

Is féidir go ngearrfadh an Bord Pleanála táillí as an méid ama a chaitear ag cuardach agus ag aisghabháil taifead, agus as aon chostas cóipeála is gá chun an t-ábhar iarrtha a chur ar fáil duit. Ní dócha go ngearrfar táillí i dtaca le taifid phearsanta, ach amháin má bhíonn lear mór comhad i gceist.

Más lú ná €100 costas an chuardaigh, na haisghabhála agus na cóipeála, ní ghearrtar aon táille. Más mó ná €100 é, gearrtar an táille iomlán. Ní féidir táille is mó ná €500 a ghearradh.

Más mó ná €700 costas measta an chuardaigh, na haisghabhála agus na cóipeála, féadfaidh an Bord Pleanála diúltú d’iarratas a phróiseáil, chun táillí an chuardaigh, na haisghabhála agus na cóipeála a thabhairt faoin teorainn sin.