Léim go dtí an príomhábhar

Conas Tuairim a Thabhairt ar Achomharc Pleanála

Conas tuairim a thabhairt

Ní mór duit do thuairim a thabhairt i scríbhinn agus é a chur sa phost nó a thabhairt isteach san oifig chugainn. Féadfaidh tú ár saoráid ar líne a úsáid freisin. Tá Foirm le haghaidh Tuairim ar Achomharc Pleanála ann le líonadh isteach. Is féidir doiciméad a chlóscríobh nó a lámhscríobh. Mar sin féin, ní gá duit an fhoirm seo a líonadh isteach chun tuairim a thabhairt. Is féidir an fhoirm a úsáid scríobh chugainn.

Cá mhéad ama atá agam le tuairim a thabhairt?

teorainneacha dochta ama ann chun tuairimí a thabhairt, ag brath ar an gcás.

1. Is mian leat tuairim a thabhairt ar achomharc pleanála atá os comhair an Bhoird Pleanála faoi láthair.

Is é ceithre seachtaine an teorainn ama, ó dháta an achomhairc nó an achomhairc is déanaí.

Sampla

Faigheann an Bord Pleanála an t-achomharc deiridh Dé hAoine 5 Aibreán, mar sin is é an Déardaoin 2 Bealtaine an lá deiridh le do thuairim a fháil, roimh 5.30 san iarnóin.

 

2. Is mian leat tuairim a thabhairt de bharr fógra poiblí foilsithe ina ndeirtear gur iarr agus go bhfuair an Bord Pleanála tuairisc mheasúnú tionchair timpeallachta.

Is é cúig seachtaine an teorainn ama, ó dháta foilsithe an fhógra phoiblí.

Sampla

Foilsítear an fógra poiblí Dé Céadaoin 2 Lúnasa, mar sin is é Dé Máirt 5 Meán Fómhair an lá deiridh le do thuairim a fháil, roimh 5.30 san iarnóin.

 

3. Is mian leat tuairim a thabhairt de bhrí gur iarr an Bord Pleanála ar an iarratasóir fógra eile suímh nó nuachtáin a fhoilsiú.

Is é ceithre seachtaine an teorainn ama, ón dáta ar a bhfógraítear an fógra suímh nó nuachtáin.

Sampla

Foilsítear an fógra poiblí Dé hAoine 4 Deireadh Fómhair, mar sin is é Déardaoin 31 Deireadh Fómhair an lá deiridh le do thuairim a fháil, roimh 5.30 san iarnóin.

 

Tá áiritheoir féilire ar ár suíomh gréasáin a chabhróidh leat an dáta deiridh do d’achomhairc a oibriú amach. Tá rialacha difriúla ann mar gheall teorainneacha ama idir an 24 Nollaig agus 1 Eanáir (agus an dá dháta san áireamh) ar féidir leo difríocht a dhéanamh don dáta deiridh.

Cá mhéad a chosnaíonn sé tuairim a thabhairt?

Caoga euro (€50) a chosnaíonn sé tuairim a thabhairt. Ní mór duit féachaint chuige go gcuirtear an táille cheart isteach leis an iarratas. Ní ghearrtar aon táille ar eagraíochtaí áirithe atá leagtha amach sna Rialacháin. Gheobhaidh tú liosta iomlán na n-eagraíochtaí sin inár dTreoir maidir le Táillí agus Muirir.

Conas is féidir liom íoc as tuairim a thabhairt?

Tá modhanna éagsúla ann chun táille a íoc leis an mBord Pleanála.

  Ag an deasc fáilte Leis an bpost Ag baint úsáide as an tairseach ar líne

Airgead tirim

✔ Glactar leo Ní mholtar duit airgead tirim a chur chugainn riamh leis an bpost. ✖ Ní ghlactar leo

Cártaí Dochair agus Creidmheasa*

✔ Glactar leo ✖ Ní ghlactar leo ✔ Glactar leo

Seiceanna

✔ Glactar leo ✔ Glactar leo ✖ Ní ghlactar leo

Dréachtaí baincéara

✔ Glactar leo ✔ Glactar leo ✖ Ní ghlactar leo

Orduithe poist

✔ Glactar leo ✔ Glactar leo ✖ Ní ghlactar leo

*Tabhair ar aird nach nglacaimid le híocaíochtaí cárta creidmheasa nó dochair ar an bhfón.

Gheofar tuilleadh sonraí faoi Tháillí agus Muirir agus conas iad a íoc ar ár suíomh gréasáin.

Cad a chaithfear a chur ar fáil i mo thuairim?

Ba chóir duit forais do thuairime (na cúiseanna agus na hargóintí) agus aon mhír is mian leat a chur ar fáil a ullmhú go cúramach. Ní bheidh cead agat aon rud eile a chur isteach tar éis an tuairim a thabhairt, ach amháin má iarraimid ort. Ní féidir leis an mBord Pleanála aon saincheist a chur san áireamh nach saincheist phleanála í.

Chun tuairim iomlán bhailí a thabhairt:

Ní mór duit an tuairim a thabhairt i scríbhinn (clóscríofa nó lámhscríofa)
Ní mór duit d'ainm agus do sheoladh a bheith soiléir. Má tá gníomhaire ag gníomhú ar do shon, ní mór don gníomhaire a (h)ainm agus a s(h)eoladh a thabhairt mar aon le d'ainm agus do sheoladh.

Ní mór duit dóthain mionsonraí a thabhairt le gur féidir an t-iarratas is mian leat a achomharc lena mbaineann an tuairim a aithint gan dua. Seo samplaí de na mionsonraí a nglacaimid leo:
• cóip de chinneadh an údaráis pleanála,
• ainm an údaráis pleanála agus uimhir thagartha an chláir pleanála (mar shampla:) Comhairle Cathrach Bhaile Crainn, 23719/18),
• uimhir thagartha an Bhoird Pleanála (mar shampla: ABP-300000-19).

Ní mór duit na nithe seo a leanas a chur ar fáil dúinn:
• na forais phleanála le do thuairim (cúiseanna agus argóintí), agus
• aon mhír eile is mian leat a chur leis chun tacú le forais do thuairime.
Ní mór duit an táille €50 a íoc.
Ní mór duit do thuairim a thabhairt in am.

 

Cad é an seoladh don tuairim?

Ní mór duit:

  • é a chur sa phost chuig: An Rúnaí, An Bord Pleanála, 64 Sráid Mhaoilbhríde, Baile Átha Cliath 1, D01 V902,
  • é a thabhairt do bhall d’fhoireann An Bhoird Pleanála ag ár n-oifigí le linn uaireanta oifige - Ó Luan go hAoine, óna 9.15 ar maidin go dtí a 5.30 tráthnóna. Ní féidir leis an bhfoireann slándála san oifig glacadh le tuairimí.

Ní féidir an tuairim a chur i mbosca litreacha na hoifige ná a sheoladh chugainn le ríomhphost; má dhéanann, tuairim neamhbhailí a bheidh ann.

Bíonn an oifig dúnta ag an deireadh seachtaine, ar laethanta saoire phoiblí agus ar laethanta fógartha eile amhail Lá Nollag agus Aoine an Chéasta.

An bhfaighidh mé admháil má thugaim an tuairim do dhuine san oifig?

Gheobhaidh. Má thugann tú an tuairim go dtí an oifig is féidir admháil a iarraidh, a déarfaidh go bhfuarthas do thuairim san oifig. Nuair a thugann tú do thuairim do bhall d'fhoireann an Bhoird Pleanála, ní féidir é a thabhairt ar ais duit ná fótachóip a dhéanamh de do dhoiciméid agus stampa dáta orthu.


An bhfaighidh mé admháil má seolaim an tuairim leis an bpost?

Is féidir. Gheobhaidh tú admháil uainn sa phost.


An féidir liom éisteacht ó bhéal a iarraidh?

Ní féidir. Má tá tuairim á tabhairt agat, ní féidir éisteacht ó bhéal a iarraidh.