Léim go dtí an príomhábhar

7ú Sceideal FBS (Iarratasóir): Iarratas Pleanála (Céim 3)

5. Iarratas Pleanála (Céim 3)

5.1 Ginearálta

I gcás ina n-eisíonn an Bord fógra d'iarratasóir ionchasach go meastar gur forbairt bonneagair straitéisigh a bheadh i bhforbairt bheartaithe (cinneadh Chéim 1), is chuig an mBord amháin is ceadmhach iarratas i scríbhinn ar chead chun an fhorbairt bheartaithe sin a dhéanamh agus ní mór TMTT a bheith in éineacht leis. Tá foirm iarratais ar fáil a chaithfear a chomhlánú agus a chur isteach in éineacht leis na doiciméid iarratais. (Ní ghlactar le hiarratais leictreonacha i láthair na huaire). Má mheasann an Bord nach leor an t-iarratas nó an TMTT nó go bhfuil siad neamhiomlán féadfaidh sé diúltú déileáil leis an iarratas nó eolas breise a iarraidh.

Ar ais go barr


5.2 Fógra Iarratais

Ní ceadmhach iarratas a dhéanamh chuig an mBord sula mbíonn an fhaisnéis seo a leanas foilsithe ag an iarratasóir ionchasach i nuachtán amháin nó níos mó atá i gcúrsaíocht i gceantar an láithreáin is ábhar:-

  • nádúr agus suíomh na forbartha beartaithe,
  • go bhfuil cead á lorg ón mBord agus gur ullmhaíodh Tuairisc Measúnaithe Thionchar Timpeallachta (TMTT) agus Ráiteas Tionchair Natura (RTN) i gcás inar cuí,
  • an t-am agus na háiteanna agus an tréimhse (nach lú ná 6 seachtaine) ar féidir an t-iarratas agus an TMTT/RTN a iniúchadh nó a cheannach lena linn (ba cheart go dtosódh an tréimhse ama sin cúig lá oibre ar a laghad tar éis an t-iarratas a bheith seolta chuig an mBord),
  • gur féidir aighneachtaí agus tuairimí a chur chuig an mBord maidir le himpleachtaí na forbartha beartaithe do phleanáil chuí agus d'fhorbairt inbhuanaithe an cheantair agus leis na héifeachtaí is dócha a bheadh aici ar an timpeallacht nó ar aon suíomh Eorpach, dá ndéanfaí an fhorbairt,
  • go gceanglaíonn na Rialacháin, i gcás aon aighneacht nó tuairim dá sórt, go luafar ina n-iomláine ábhar na haighneachta nó na tuairime, mar aon leis na cúiseanna, na dálaí agus na hargóintí ar a bhfuil sí bunaithe. (Tagraíonn Airteagal 217 de na Rialacháin Phleanála agus Forbartha),
  • that it is at the absolute discretion of the Board whether to hold an oral hearing on the case. (For further details see Strategic Infrastructure Development information on this website),
  • indicating the types of decision the Board can make in relation to the application,
  • léiriú ar na cineálacha cinntí is ceadmhach don Bhord a thabhairt i dtaca leis an iarratas,
  • i gcás ina mbeidh ceadúnas comhtháite um chosc agus rialú ar thruailliú (CCRT) nó ceadúnas dramhaíola nó Rialacháin Mórthionóiscí de dhíth, léiriú air sin – féach, leis, 5.7.4,
  • ainm/seoladh an láithreáin Ghréasáin neamhspleáiche, agus
  • an tslí is féidir le duine ceist a chur mar gheall ar bhailíocht aon chinnidh de chuid an Bhoird agus an áit is féidir eolas praiticiúil a fháil ar an meicníocht athbhreithnithe.

Lena chois sin, d'fhéadfadh fógraí láithreáin, úsáid na meán áitiúil nó náisiúnta nó cruinnithe poiblí i dtaobh an iarratais bheartaithe a bheith riachtanach. Sonróidh an Bord aon riachtanas dá shórt ag an gcéim réamhiarratais.

Gheofar sampla d'fhógra poiblí ón mBord.

Ar ais go barr


5.3 Iarratas a Dhéanamh

5.3.1 Na Doiciméid a bheidh le Soláthar

Agus iarratas ar chead á dhéanamh, ní mór don iarratasóir na nithe seo a leanas a sholáthar i scríbhinn don Bhord:-

  • Foirm iarratais chomhlánaithe,
  • Cóipeanna de phleananna agus de shonraí na forbartha beartaithe, lena n-áirítear an TMTT, agus aon phlean, sonra nó eolas eile a bheidh de dhíth ar an mBord (soiléireofar líon na gcóipeanna agus a leagan amach le linn chéim an chomhairliúcháin réamhiarratais),
  • Scagadh tuairime i dtaca le hairteagal 6 den Treoir maidir le Gnáthóga agus den Ráiteas Tionchair Natura i gcásanna ábhartha. (Soiléireofar líon na gcóipeanna agus a leagan amach le linn chéim an chomhairliúcháin réamhiarratais).
  • Cóip den fhógra / de na fógraí foilsithe lena n-áirítear aon fhógra láithreáin (más gá),
  • Liosta de na comhlachtaí ar cuireadh an t-iarratas in iúl dóibh agus léiriú ar an dáta ar cuireadh an fógra sin chugaibh,
  • Liosta de na fógraí poiblí eile nó de na comhairliúcháin phoiblí eile, agus léiriú de dháta(í) an fhógra/na bhfógraí nó na gcomhairliúchán (lena n-áirítear aon fhógra nó aon chomhairliúcháin a d'iarr an Bord agus a cuireadh in iúl don iarratasóir ionchasach i bpléití réamhiarratais),
  • Táille iarratais a bheidh iníoctha nuair a thaiscfear an t-iarratas

Ní mór doiciméid iarratais, lena n-áirítear an TMTT agus an RTN i gcás inar cuí, a bheith comhlánaithe ina n-iomláine ar an iarratas a bheith taiscthe, agus níor cheart féachaint ar sheoladh éisteacht ó bhéal mar ghné éigeantach de gach cás ná mar chéim sa phróiseas mar ar féidir easpa a chúiteamh. Dírítear aird ar chumhacht an Bhoird faoi a.37E(2) chun diúltú déileáil le haon iarratas mar a measann an Bord nach leor an t-iarratas nó an TMTT nó go bhfuil siad neamhiomlán, agus ar lánrogha an Bhoird maidir le cibé ar cheart éisteacht ó bhéal a reáchtáil in aon chás ar leith. I gcoitinne níor cheart eolas breise nár lorgaíodh i bhfoirm ábhair shuirbhé nó tuarascála a chur isteach tar éis an t-iarratas a bheith taiscthe agus d'fhéadfaí iad a chur ar ais chuig an Iarratasóir. Níor cheart a chur isteach i bhfoirm eolais gan iarraidh ach nithe neamhchonspóideacha amhail soiléiriú ar shonraí a cuireadh isteach cheana (faoi mar a mhínítear sna Treoirlínte Bainistíochta Forbartha 2007). Beidh feidhm aige sin, freisin, i gcás ina n-iarrtar ar iarratasóir roimh an éisteacht ó bhéal freagra a thabhairt ar thuairimí a cuireadh chuig an mBord.

5.3.2  Cóipeanna chuig an Údarás Pleanála

Sula ndéantar iarratas ar chead chuig an mBord, ní mór don iarratasóir líon forordaithe cóipeanna den iarratas agus den TMTT/RTN a chur chuig an údarás pleanála ar laistigh dá limistéar feidhme a bheadh an fhorbairt bheartaithe suite.
 

5.3.3 Cóip chuig Comhlachtaí Forordaithe

Beidh ar an iarratasóir cóip den iarratas agus den TMTT/RTN a chur chuig aon chomhlacht forordaithe (arna sonrú in airteagal 213) a d'aithin an Bord chun na críocha sin ag céim an chomhairliúcháin réamhiarratais. (Féadfaidh an Bord a iarraidh go gcuirfí breis is cóip amháin). Beidh ráiteas in éineacht leis an iarratas agus an TMTT/RTN ag iarraidh ar na comhlachtaí forordaithe aighneachtaí nó tuairimí a dhéanamh chuig an mBord i dtaca le haon impleachtaí a ghabhfadh leis an fhorbairt bheartaithe do phleanáil chuí agus d'fhorbairt inbhuanaithe an cheantair, na héifeachtaí is dócha a bheadh aici ar an timpeallacht agus na héifeachtaí is dócha a bheadh aici ar aon láithreán Eorpach, dá ndéanfaí an fhorbairt bheartaithe. Gheofar fógra samplach chuig comhlachtaí forordaithe ón mBord.

Ar ais go barr


5.4 Cóip Leictreonach

Le cois an mhéid thuas, féadfaidh an Bord a iarraidh aon cheann nó de gach ceann de na doiciméid iarratais a chuirtear isteach chuige agus chuig an údarás pleanála a bheith i bhfoirm leictreonach. Féadfaidh an Bord iarraidh ar an iarratasóir láithreán Gréasáin ar leith a chruthú ina mbeadh gach ceann de na doiciméid iarratais. I gcásanna dá sórt, sonróidh an Bord an tréimhse ama ar lena linn a bheidh teacht ag an bpobal ar an láithreán Gréasáin agus iarrfaidh sé ar an iarratasóir a dheimhniú gurb ionann na doiciméid ar an láithreán Gréasáin agus na doiciméid iarratais a taisceadh leis an mBord.

Ar ais go barr


5.5 Liostaí Seachtainiúla

Foilseoidh an Bord liosta seachtainiúil de na hiarratais a fuarthas ar chead chun forbairt bonneagair straitéisigh a dhéanamh agus beidh sé ar fáil d'iniúchadh an phobail ag oifigí an Bhoird agus ar láithreán Gréasáin an Bhoird.

Ar ais go barr


5.6 Tuarascáil an Údaráis Phleanála

Ceanglaítear ar an údarás pleanála don cheantar tuarascáil a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Bhoird laistigh de dheich seachtaine ón iarratas a bheith faighte ag an mBord. Baineann an fhoráil seo le hiarratais a dhéantar faoi Alt 37E den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000. Leagfar amach sa tuarascáil tuairimí an údaráis ar éifeachtaí na forbartha beartaithe ar an timpeallacht agus/nó ar phleanáil chuí agus ar fhorbairt inbhuanaithe limistéar an údaráis ag féachaint do na gnáthchúinsí faoi mar atá leagtha amach in alt 34(2) d'Acht 2000 (leasaithe). Ní mór an tuarascáil a chur faoi bhráid chomhaltaí tofa an údaráis ar an gcéad dul síos agus ní mór aon leasú a dhéanann siad siúd i bhfoirm rúin a bheith curtha i gceangal leis an tuarascáil sula gcuirtear chuig an mBord í in éineacht le taifead riaracháin an chruinnithe. Chun údaráis phleanála a éascú maidir leis seo, moltar d'iarratasóirí ionchasacha dul i gcomhairle le húdaráis áitiúla phleanála tamall maith sula ndéantar an t-iarratas ar chead.

Beidh éagsúlacht ó chás go cás idir na saincheisteanna ar gá díriú orthu in aighneachtaí agus i dtuairimí an údaráis phleanála ag brath ar nádúr na forbartha beartaithe agus ar an timpeallacht ghlactha. Seo a leanas liosta de thopaicí mar threoir ghinearálta d'údaráis phleanála – ní bheidh gach ceann díobh bainteach le gach cás.

  • Príomhfhorálacha an Phlean Fhorbartha maidir leis an suíomh i dtrácht agus leis an gceantar máguaird lena n-áirítear aon fhoráil ábhartha den Chroí-Straitéis; Ba cheart stádas reatha an Phlean Fhorbartha agus aon Dréachtphlean iomchuí a léiriú go soiléir, mar aon le haon saincheist ag éirí as.
  • Sonraí aon fhorálacha eile ábhartha den Phlean (m.sh. Pleananna Limistéir Áitiúil) agus ráiteas maidir le stádas na bPleananna sin (glactha nó i bhfoirm dhréachta).
  • Stair iomchuí phleanála an láithreáin is ábhar agus an cheantair máguaird.
  • Eolas forfheidhmiúcháin iomchuí i dtaobh an láithreáin is ábhar.
  • Beartais ábhartha náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla.
  • Aon Ordú um Limistéar Taitneamhachta Speisialta (OLTS) a bhféadfadh an fhorbairt bheartaithe tionchar a bheith aici air.
  • Ainmníochtaí Eorpacha, Limistéir Oidhreachta Natura, a bhféadfadh an fhorbairt bheartaithe tionchar a bheith aici orthu (cibé laistigh den chéanna nó gar dó).
  • Tuairimí maidir le hairteagal 6 den Treoir maidir le Gnáthóga i dtaca le Measúnú Iomchuí i gcásanna ábhartha.
  • Struchtúir faoi Chosaint, Limistéar Caomhantais Ailtireachta (LCA) srl.
  • Beartas dramhaíola, a bhféadfadh baint a bheith aige leis an fhorbairt bheartaithe.
  • Aon tuairim ar a leordhóthanaí atá an soláthar poiblí uisce (ag cur san áireamh go bhféadfadh Uisce Éireann a bheith ina Chomhlacht Forordaithe).
  • Aon tuairim maidir le saoráidí séarachais poiblí agus an acmhainn chun an fhorbairt bheartaithe a éascú (ag cur san áireamh go bhféadfadh Uisce Éireann a bheith ina Chomhlacht Forordaithe).
  • Infhaighteacht agus acmhainn na saoráidí draenála poiblí d'uisce dromchla.
  • Measúnú riosca tuilte de réir The Planning System and Flood Risk Management – Guidelines for Planning Authorities (Samhain 2009).
  • Measúnú faoin gCreat-Treoir Uisce agus faoi rialacháin ghaolmhara.
  • Measúnú ar stádas an tírdhreacha agus an éifeacht ó thaobh amhairc, mar is cuí.
  • Acmhainn iompair agus sábháilteacht líonra na mbóithre ag freastal ar an fhorbairt bheartaithe.
  • Acmhainn iompair chomhshaoil an láithreáin is ábhar agus an cheantair máguaird, agus an éifeacht shuntasach is dócha a bheadh ag an fhorbairt bheartaithe, dá ndéanfaí é.
  • Tuairisc ar aon úsáid phoiblí de thailte tadhlacha nó teorantacha nó comharsanacha faoi úinéireacht an iarratasóra, agus tuairim an údaráis phleanála ar aon choinníoll a d'fhéadfadh a bheith iomchuí chun críocha taitneamhacht phoiblí a chaomhnú ar na tailte sin.
  • Tuairim an údaráis phleanála i dtaca leis an gcinneadh a bheidh le déanamh ag an mBord.
  • Tuairim an údaráis phleanála ar choinníollacha is ceart a bheith ag gabháil leis an gcead, má chinneann an Bord ar chead a dheonú. (I gcás inar gá ceadúnas CCRT nó ceadúnas dramhaíola, ní ceadmhach don Bhord coinníollacha a fhorchur maidir le rialú astaíochtaí ón ngníomhaíocht a dteastaíonn ceadúnas lena haghaidh).
  • Tuairim an údaráis phleanála ar choinníollacha maidir le tairbhe don phobal a d'fhéadfadh a bheith cuí.
  • Cuid V (tithíocht shóisialta agus inacmhainne) (ní dócha go mbeidh siad infheidhme ach go hócáideach).
  • Sonraí aon scéime do ranníocaíocht forbartha ábhartha faoi alt 48/49 is ceart a chur ag gabháil leis i gcás deonú.
  • Sonraí aon choinníollacha 'speisialta' ranníocaíochta is ceart a chur ag gabháil leis i gcás deonú mar aon le ríomhaireachtaí mionsonraithe agus bonn cirt leis na coinníollacha.

Ar ais go barr

 

5.7 Próiseáil an Iarratais

5.7.1 Aighneachtaí agus Tuairimí

Is ceadmhach do dhuine ar bith aighneacht nó tuairim a dhéanamh chuig an mBord i ndáil leis an fhorbairt bheartaithe. Ní mór aon aighneacht dá sórt a bheith faighte ag an mBord laistigh den tréimhse a shonraítear san fhógra poiblí agus an táille riachtanach a bheith in éineacht leis. Ní fhoráiltear sa reachtaíocht d’aighneachtaí scríofa leantacha ach sa chás go n-iarrann an Bord iad go sonrach. D’fhéadfadh deis a bheith ann ag éisteacht ó bhéal, má thionóltar ceann, faoi réir rogha an chigire, aighneacht a shaothrú tuilleadh. Féachfaidh an Bord do gach aighneacht nó tuairim a dhéantar de réir Acht agus Rialacháin 2000 agus a chinneadh á dhéanamh aige

5.7.2 Eolas breise

Faoi lánrogha an Bhoird atá sé a iarraidh ar iarratasóir eolas breise a chur ar fáil, lena n-áirítear TMTT/RTN athcheartaithe. I bhfoirm fhógra don iarratasóir a dhéanfar iarraidh mar sin agus d'fhéadfadh fógraí poiblí nua a bheith de dhíth Tá sé de chumhacht ag an mBord iarraidh ar dhuine ar bith (cibé an duine é nó í a rinne aighneacht nó tuairim ar an iarratas nó nach ea) a mbeadh, i dtuairim an Bhoird, eolas aige nó aici a bheadh ábhartha do chinneadh an iarratais aighneachtaí nó tuairimí (breise) a dhéanamh chuige. Féadfaidh an Bord aon eolas i dtaobh an iarrata a chur ar fáil lena iniúchadh, fógra a chur chuig duine ar bith nó chuig an bpobal go bhfuil eolas ar fáil amhlaidh agus aighneachtaí nó tuairimí breise a iarraidh, más cuí, laistigh de thréimhse shonraithe.

Meabhraítear d'iarratasóirí nach gá go mbainfeadh an Bord leas as a lánrogha chun faisnéis/aighneachtaí breise a lorg chun easnaimh in aighneachtaí an iarratais bhunaidh a chúiteamh. Is féidir go gcuirfeadh úsáid na gcumhachtaí seo moill ar chás-obair ionas nach láimhseálfaí go gasta é.

Féadfaidh an Bord iarraidh ar iarratasóir Ráiteas Tionchair Natura (RTN) a chur isteach de réir alt 177T(5) den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 (leasaithe). I gcás ina n-iarrtar ráiteas dá shórt ní mór don iarratasóir fógra a fhoilsiú tráth nach déanaí ná dhá sheachtain sula gcuirtear an RTN isteach. Leagtar amach in Airteagal 214B de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt mionsonraí an eolais a bheidh san fhógra poiblí. D'fhéadfaí aighneachtaí nó tuairimí a dhéanamh dá éis chuig an mBord maidir le héifeachtaí na forbartha beartaithe ar aon láithreán Eorpach. I gcás ina gcuirtear RTN faoi bhráid an Bhoird sna himthosca seo beidh táille iníoctha. I gcás nach gcuireann iarratasóir Ráiteas Tionchair Natura isteach ar a iarraidh sin laistigh den tréimhse shonraithe measfar an t-iarratas a bheith aistarraingthe.

5.7.3 Éisteachtaí ó Bhéal agus Cruinnithe

Is é beartas an Bhoird seoladh éisteacht ó bhéal a ordú i gcoitinne i gcásanna dá sórt, ach is féidir nach ndéanfaí é sin i ngach cás, go háirithe i gcás ina measann an Bord go bhféadfaí nádúr na saincheisteanna atá ag teacht chun cinn a mheasúnú go leordhóthanach agus go cuí i bhfoirm aighneachtaí scríofa. I gcás ina seoltar éisteacht ó bhéal, faoi lánrogha an chigire atá sé an tslí ina reáchtálfar é a shocrú. Lena chois sin, faoi lánrogha an Bhoird atá sé, ag brath ar nádúr na forbartha beartaithe agus na saincheisteanna a thagann chun cinn, agus tar éis mholadh an chigire, breithniú a dhéanamh cibé ar chóir clár oibre teoranta a chur i bhfeidhm maidir leis an éisteacht ó bhéal. Cuirfidh an Bord gach páirtí ar an eolas i scríbhinn má dhéantar cinneadh dá shórt.

Féadfaidh an Bord cruinniú nó cruinnithe a thionól i gcás gur dóigh go réiteodh an cruinniú nó na cruinnithe sin aon saincheist leis an iarratasóir nó aon easaontas idir an t-iarratasóir agus aon pháirtí eile nó i gcás ina d'éascódh an cruinniú éisteacht ó bhéal a bheith tionólta go héifeachtach. Féadfaidh cruinniú a bheith ann roimh an éisteacht ó bhéal, le linn éisteacht ó bhéal a bheith ar athló nó tar éis éisteacht ó bhéal. Déanfar taifead scríofa d’aon chruinniú agus cuirfidh an Bord é ar fáil do na rannpháirtithe ar fad.

bheidh an cigire nó foireann na cigireachta a bheidh ag déileáil leis an iarratas ar fáil leis an iarratas a phlé leis an iarratasóir ná le haon pháirtí eile ach amháin trí bhíthin cruinnithe foirmiúla nó éisteachtaí ó bhéal.

I gcás ina n-ordaítear éisteacht ó bhéal, tionólfar an éisteacht ó bhéal de réir Éisteacht ó Bhéal: Treoir.

5.7.4 Ceisteanna Comhshaoil agus Sábháilteachta

I gcás ina mbeadh ceadúnas CCRT nó ceadúnas dramhaíola de dhíth maidir le togra forbartha, de ghnáth iarrfaidh an Bord ar an nGníomhaireacht um Chosaint Comhshaoil (EPA) tuairimí a dhéanamh laistigh den tréimhse shonraithe agus ní mór dó féachaint d'aon tuairim mar sin a fhaightear. Aon tuairim a fhaightear ón EPA, déanfar é gan dochar d’aon fheidhm eile de chuid na Gníomhaireachta. I gcás ina mbeadh ceadúnas CCRT nó ceadúnas dramhaíola de dhíth maidir le togra forbartha, ní mór é sin a bheith ráite in aon fhógra poiblí maidir leis an iarratas beartaithe. Beidh feidhm ag forálacha Rialachán an Aontais Eorpaigh (RTT (CCRT)2012 agus Rialacháin an Aontais Eorpaigh (RTT)(Dramhaíl) maidir le cásanna den sórt sin.

I gcás ina bhfuil feidhm ag Rialacháin an Achta Ceimiceán, cuirfidh an Bord fógra chuig an Údarás Sláinte agus Sábháilteachta agus féadfaidh sé comhairle theicniúil ábhartha a iarraidh ar an riosca nó ar iarmhairtí mórthionóisce ag éirí as an fhorbairt bheartaithe dá ndéanfaí é. I gcás ina mbaineann an togra le forbairt a bhfuil feidhm ag Rialacháin an Achta Ceimiceán maidir leo, ní mór é sin a bheith ráite in aon fhógra poiblí maidir leis an iarratas beartaithe.

5.7.5 Bheith ag Smaoineamh ar Chead a Dheonú

Faoi lánrogha an Bhoird atá sé a léiriú go bhfuil sé ag smaoineamh ar chead a dheonú faoi réir sonraí, pleananna nó líníochtaí leasaithe a bheith curtha isteach. I bhfoirm fhógra don iarratasóir, don údarás pleanála, do chomhlachtaí forordaithe agus do bhreathnóirí i dtaca leis an iarratas a thabharfaí faisnéis dá sórt, agus d'fhéadfadh fógra poiblí a bheith i gceist, leis.

Ar ais go barr


5.8 Nithe a bheidh le Breithniú

Ar bhonn phleanáil chuí agus forbairt inbhuanaithe an cheantair a dhéanfar cinneadh an Bhoird, agus ar na héifeachtaí is dócha a bheadh ag an fhorbairt ar an timpeallacht. Agus é ag teacht ar chinneadh, féachfaidh an Bord do na nithe seo a leanas:

  • Aon aighneacht nó tuairim a dhéantar chuig an mBord de réir na bhforálacha reachtúla,
  • Measúnú ar na héifeachtaí suntasacha a bheadh ag an fhorbairt bheartaithe ar an timpeallacht,
  • Tuarascáil an údaráis phleanála agus aon mholadh a dhéanann na comhaltaí tofa i bhfoirm rúin agus taifead an riarthóra den chruinniú inar cuireadh i gceangal iad.
  • Aon fhaisnéis bhreise a cuireadh isteach mar fhreagairt ar iarraidh ón mBord,
  • Taifead scríofa d'aon chruinniú a tionóladh i dtaca leis an iarratas,
  • Forálacha an phlean fhorbartha/pleananna forbartha agus/nó Phlean(anna) Limistéir Áitiúil don cheantar, lena n-áirítear aon tionchar ar struchtúir faoi chosaint.
  • Forálacha aon Ordú um Limistéar Taitneamhachta Speisialta a bhaineann leis an gceantar,
  • Aon láithreán Eorpach nó ainmníocht mar Limistéar Oidhreachta Natura a bhaineann leis an láithreán nó aon tionchar ar láithreán éiceolaíoch ainmnithe dá shórt, lena n-áirítear Ráiteas Tionchair Natura agus Measúnú Iomchuí i gcás inar cuí,
  • Cóngaracht aon láithreáin SEVESO,
  • Aon éifeacht thrasteorann,
  • Aon bheartas ábhartha de chuid an Rialtais, Údaráis Stáit, an Aire nó aon Aire Rialtais,
  • Aon fhoráil ábhartha d'Acht 2000 (leasaithe) nó aon fhoráil de Rialacháin ghaolmhara,
  • An leas náisiúnta agus aon éifeacht a d'fhéadfadh a bheith ag feidhmiú fheidhmeanna an Bhoird ar cheisteanna a bhfuil tábhacht straitéiseach gheilleagrach nó sóisialta leo don Stát,
  • An Straitéis Spáis Náisiúnta agus aon treoirlíne réigiúnach pleanála atá i bhfeidhm ag an am sin, agus
  • Tuarascáil agus moladh an Chigire a sannadh don chás, lena n-áirítear tuarascáil ó aon éisteacht ó bhéal a tionóladh.

Ar ais go barr


5.9 Sárú an Phlean Fhorbartha

Cé go bhféadfadh an Bord cead a dheonú d’fhorbairt bheartaithe a sháródh go hábhartha an Plean Forbartha don cheantar, tosaíocht is ea é don Bhord an tionscadal beartaithe a shuí i gcomhthéacs a phlean agus a bheartais, go háirithe in ordlathas na bpleananna, .i. an Straitéis Spáis Náisiúnta, Treoirlínte Réigiúnacha Pleanála agus Plean Forbartha Contae, Cathrach nó Limistéir Áitiúil. Ina theannta sin, féadfaidh an Bord féachaint d'aon stádas nó d'aon ainmniúchán idirnáisiúnta a bhféadfadh an fhorbairt bheartaithe a bheith faoina réir – dála ainmniú mar Thionscadal Leasa Choitinn.

Ar ais go barr
 

5.10 Cinneadh an Bhoird

5.10.1 Tráthúlacht

Tá sé de dhualgas ar an mBord a gcinneadh a dhéanamh a luaithe is féidir i gcomhréir le pleanáil chuí agus forbairt inbhuanaithe, agus moill a sheachaint. Cuspóir reachtúil is ea é cinneadh a dhéanamh laistigh de 18 seachtaine ag tosú ar an lá deireanach ar a nglactar le haighneacht nó le tuairim ón bpobal tar éis fógra rúin an iarratasóra i dtaca le hiarratas a dhéanamh ar chead a bheith foilsithe i nuachtán. I gcás nach féidir leis an mBord cloí le tréimhse an chuspóra reachtúil, ní mór dó fógra a sheirbheáil i scríbhinn ar an iarratasóir, ar an údarás pleanála iomchuí agus ar dhuine ar bith a rinne aighneacht nó tuairim agus an chúis nach gcinnfear an cás laistigh den tréimhse sin a bheith tugtha ann. Ní mór dáta nua a bheith tugtha air do dhéanamh an chinnidh.

5.10.2 Na Cineálacha Cinnidh

<

Féadfaidh an Bord a chinneadh:-

  • Cead a dheonú le coinníollacha nó gan choinníollacha,
  • Cead a dheonú le mionathruithe sonraithe, coinníollacha nó gan choinníollacha,
  • Cead a dheonú go páirteach, le coinníollacha nó gan choinníollacha, nó
  • Cead a dhiúltú.

5.10.3 A mBeidh sa Chinneadh

Agus é ag teacht ar chinneadh, ní mór don Bhord an méid seo a leanas a rá:

  • na príomhchúiseanna leis an gcinneadh agus na gnéithe a raibh tionchar acu ar an gcinneadh,
  • an phríomhchúis le haon choinníoll a fhorchuireadh,
  • gur fhéach an Bord d’aon aighneacht nó d'aon tuairim a fuarthas de réir an Achta agus na Rialachán,
  • an tsuim airgid is iníoctha:
  • leis an mBord
  • le haon údarás pleanála agus,
  • le haon duine eile – (féachtar paragraf 5.11, leis).
  •  

I gcás nach nglacann an Bord le moladh an chigire i dtaca le ceadú nó diúltú, is é cleachtas an Bhoird an chúis/na cúiseanna leis sin a thabhairt.

5.10.4 Dáta Éifeachtach an Cheada

Ní thiocfaidh deonú ceada i bhfeidhm go dtí go mbeidh costais arna gcinneadh ag an mBord íoctha

5.10.5 Ní thiocfaidh deonú ceada i bhfeidhm go dtí go mbeidh costais arna gcinneadh ag an mBord íoctha

 

Ní mór don Bhord cóip dá chinneadh a chur chuig an iarratasóir, chuig an údarás pleanála don cheantar sin agus chuig aon duine eile a rinne aighneacht nó tuairim maidir leis an bhforbairt bheartaithe. Cuireann an Bord páirtithe ar an eolas, leis, i dtaca le nósanna imeachta d’athbhreithniú breithiúnach.

De réir alt 37H (1A) den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 (leasaithe) ceanglaítear ar an mBord fógra dá chinneadh a fhoilsiú faoi alt 37G i nuachtán amháin nó níos mó atá i gcúrsaíocht sa cheantar. Ní mór é a bheith ráite san fhógra gur féidir le duine bailíocht an chinnidh a cheistiú de réir alt 50 den Acht. Ní mór é a bheith ráite san fhógra, leis, an áit is féidir faisnéis phraiticiúil a fháil ar an modh achomhairc.

5.10.6 Coinníollacha

Agus cinneadh á dhéanamh chun cead a dheonú le haghaidh forbairt bonneagair straitéisigh, féadfaidh an Bord coinníollacha a chur ag gabháil leis sa ghnáthshlí, mar shampla faoi mar atá sonraithe i roinn 34(4) d’Acht 2000.

Féadfaidh na coinníollacha seo a leanas a bheith ar áireamh iontu:-

  • Coinníoll ina bhforáiltear do ‘thairbhe an phobail’. D’fhéadfadh coinníoll dá shórt a iarraidh go ndéanfaí saoráid a thógáil nó a mhaoiniú, go hiomlán nó go páirteach, nó seirbhís a sholáthar sa cheantar ina mbeadh an fhorbairt bheartaithe suite agus ar dóigh leis an mBord a bheadh ina thairbhe don phobal.
  • Coinníoll a rialódh úsáid tailte tadhlacha, teorantacha nó comharsanacha faoi rialú an iarratasóra, mar a mbeadh sé caoithiúil chun críocha na forbartha nó i dtaca leis an bhforbairt nó iomchuí chun taitneamhacht phoiblí a chaomhnú ar na tailte tadhlacha nó teorantacha nó comharsanacha.
  • Coinníoll ina bhforáiltear go bhféadfar mionsonraí ar leith i dtaca le ceist ar leith a aontú idir an t-údarás pleanála agus an té a bheadh ag déanamh na forbartha. Ní mór aon chomhaontú dá shórt a theorannú do na pointí a shonraíonn an Bord. Ceal comhaontú, d’fhéadfaí an cheist a tharchur chuig an mBord dá gcinneadh.
  • Coinníoll ina n-iarrtar ranníocaíochtaí airgeadais faoi scéimeanna nó scéimeanna forlíontacha do ranníocaíocht forbartha arna ndéanamh ag údaráis phleanála faoi ailt 48 agus/nó 49 d’Acht 2000 (leasaithe) agus ar a n-áirítear aon ranníocaíocht speisialta faoi a.48(2)(c).

5.10.7 CCRT / Cúrsaí Dramhaíola

I gcás inar gá ceadúnas CCRT nó ceadúnas dramhaíola, ní ceadmhach don Bhord coinníoll a fhorchur maidir le rialú astaíochtaí ó oibriú na gníomhaíochta nó chun astaíochtaí a rialú maidir le scor na hoibríochta nó na gníomhaíochta nó dá éis.

Ar ais go barr

 

5.11 Costais an Iarratais

Riachtanas is ea é go luafaí i gcinneadh an Bhoird na costais a bheidh le híoc ag an iarratasóir: -

(a) Leis an mBord as na costais a thabhaigh sé i seoladh aon chomhairliúcháin réamhiarratais agus i ngéilleadh d'aon iarraidh ar fhaisnéis,
(b) Leis an mBord as na costais a thabhaigh sé agus an t-iarratas á chinneadh,
(c) Leis an údarás pleanála as costais réasúnta a tabhaíodh le linn bhreithniú an iarratais,
(d) Le haon duine eile mar ranníocaíocht i leith chostais réasúnta a thabhaigh an duine sin le linn bhreithniú an iarratais.

Faoi lánrogha an Bhoird atá sé costais réasúnta a chinneadh agus ní mór na costais a bheith íoctha sula dtagann cead an Bhoird i bhfeidhm. I gcás ina loictear costais a íoc, féadfaidh an Bord agus duine ar bith ar dámhadh costais ina leith an tsuim a aisghabháil mar fhiach conartha shimplí i gcúirt dlínse inniúla.

Déanfar aon táillí a íocann an t-iarratasóir leis an mBord a fhritháireamh in aghaidh chostais an Bhoird.

Ní mór na costais atá ann a íoc beag beann ar cibé ar cinneadh cead a dheonú nó a dhiúltú.

Ar ais go barr