Léim go dtí an príomhábhar

Tuairim a Thabhairt ar Achomharc Pleanála ar líne

Is ionann tuairim agus do dhearcadh a thabhairt ar achomharc bailí chuig an mBord Pleanála.

Nuair a thugann tú do thráchtaí ar acomharc, deirtear go bhfuil tuairim á tabhairt agat nó is féidir aighneacht a thabhairt air. Ceithre seachtaine an teora ama ó dháta an achomhairc nó an achomhairc dheiridh. Iarrfar ort táille a íoc murar comhlacht forordaithe thú. Ní mór tuairim ar líne a chur isteach faoina 5.30 pm ar an lá deiridh chun tuairim a thabhairt.

Trí chéim atá i gceist i dtuairim a thabhairt ar líne.

1. Na rudaí is gá a chur san áireamh sa tuairim​:

Chun tuairim bhailí a chur chuig an mBord Pleanála, ní mór duit:
do thuairim a thabhairt i scríbhinn (clóscríofa nó lámhscríofa)
d’ainm agus do sheoladh poist féin a thabhairt go soiléir. Más gníomhaire atá ag tabhairt na tuairime ar do shon, ní mór don ghníomhaire a ainm agus a sheoladh a thabhairt mar aon le d’ainmse agus do sheoladh.
dóthain mionsonraí a thabhairt le gur féidir an t-iarratas is ábhar don tuairim a aithint gan dua. Seo samplaí de na mionsonraí a nglacaimid leo:
  • ainm agus suíomh na forbartha beartaithe san achomharc (mar shampla: Tionscadal Chearnóg an Bhaile, An Phríomhshráid, Baile an Bhaile, Co. an Bhaile) 
  • uimhir thagartha an Bhoird Pleanála don iarratas. Uimhir shé dhigit is ea an cás-uimhir thagartha: 300000).
Tabhair dúinn:
  • na forais phleanála le do thuairim (cúiseanna agus argóintí), agus
  • aon mhír eile is mian leat a chur leis chun tacú le forais do thuairime
fáil a bheith agat ar chárta sochair nó creidmheasa a bheith agat lenar féidir an táille cheart a íoc.
  • Tuairim ar achomharc pleanála - €50. (Ní ghearrtar táille ar chomhlachtaí forordaithe.)
Ní mór dúinn do bhreathnóireacht a dhéanamh laistigh den teorainn ama a shonraítear thuas. Téigh i dteagmháil le appeals@pleanala.ie má theastaíonn cúnamh uait.
 
 
an doiciméad tuairime a chríochnú agus a shábháil mar dhoiciméad Microsoft Word nó mar PDF ina mbeidh d’ainm agus sonraí an cháis. (Is é uasmhéid an chomhaid don doiciméad ná 10MB). Tar éis é a shábháil, ba chóir an chuma seo a leanas a bheith ar theideal an doiciméid:
  • 300000 - Ann Duine.docx, or
  • Tionscadal Chearnóg an Bhaile, An Phríomhshráid, Baile an Bhaile, Co. an Bhaile) - Seán Ó Murchú.pdf

Nótae: Má chuir An Bord Pleanála cóip den achomharc chugat, agus má iarradh ort aighneacht /tuairim a thabhairt ar an achomharc, ní bhíonn táille le híoc. Ní mór na cineálacha achomhairc seo a chur isteach le agus ní féidir iad a chur isteach tríd an tairseach ar líne.

2. Conas tuairim a thabhairt

Chun tuairim a thabhairt, is féidir leat aon cheann díobh seo a dhéanamh:

Rogha 1
An Fhoirm Tuairime a íoslódáil. Tá i sé i bhfoirm Microsoft Word agus méid 109Kb ann.
 Beidh ort an fhoirm a líonadh isteach agus é a shábháil mar dhoiciméad Microsoft Word. .
 
Rogha 2
Is féidir leat do dhoiciméad tuairime féin a ullmhú in ionad an fhoirm a úsáid.
Mar shampla, seans gur mhaith leat tuairim a thabhairt i bhfoirm litreach i bhfoirm doiciméad
Microsoft Word. Beidh ort an doiciméad a shábháil nó a scanadh i gcónaí mar dhoiciméad
Microsoft Word nó mar PDF chun an t-uaslódálaí a úsáid. 
(Is é uasmhéid an chomhaid don doiciméad ná 30MB).
  

3. An tuairim iomlán a chur isteach ar líne

Tar éis an tuairim a chríochnú, bíodh do chárta sochair nó creidmheasa réidh agat don táille.

Seol Tuairm

Tabhair faoi deara nach n-úsáidtear an áis “Sonraí Teagmhála” ar líne ach amháin le cur in iúl duit go bhfuarthas do thuairim/d’aighneacht ar líne. Caithfear d’ainm agus do sheoladh poist a leagan amach sa tuairim/aighneacht féin.