Léim go dtí an príomhábhar

FTS Iarratais: Údaráis Phleanála

An tAcht um Pleanáil (Tithíocht) agus um Thionóntachtaí Cónaithe 2016
Na Rialacháin Pleanála agus Forbartha (Forbairt Straitéiseach Tithíochta) 2017

Ní mór iarratais Alt 4 ar fhorbairtí straitéiseacha tithíochta (FST) a dhéanamh go díreach chuig an mBord Pleanála. Tiocfaidh na socruithe nua i bhfeidhm Dé Luain, an 3 Iúil 2017 go ceann tréimhse suas go 31 Nollaig 2019, nuair a d’fhéadfaí an tréimhse a shíneadh go dtí an 31 Nollaig 2021, faoi réir próiseas athbhreithnithe.

Tá treoir ghinearálta foilsithe ag an mBord Pleanála maidir le nósanna imeachta éagsúla nua a tugadh isteach le hAcht 2016. Tá an doiciméad seo ar cheann de shraith doiciméad a bhaineann le hiarratais ar FST leis an mBord Pleanála.

Gheofar treoir bhreise i dtaca le comhairliúcháin réamhiarratais ar FST chuig an mBord Pleanála agus i dtaca le hiarratais alt 7 ar chinntí / tuairimí tástála / staidéir scóipe maidir le Measúnacht Tionchair Timpeallachta / Measúnacht Chuí chuig an mBord Pleanála.


Cad is Forbairt Straitéiseach Tithíochta ann (FST)?

Faoin Acht um Pleanáil (Tithíocht) agus um Thionóntachtaí Cónaithe 2016, sainmhínítear FST faoi alt 3 den mar:

(a) forbairt de 100 teach nó níos mó ar thalamh atá zónáilte d’úsáid chónaithe nó do mheascán d’úsáid chónaithe agus úsáidí eile,

(b) forbairt d’aonaid chóiríochta do mhic léinn, ina mbeidh 200 spás leaba, nó níos mó, san iomlán, ar thalamh atá zónáilte do chóiríocht do mhic léinn nó do mheascán de chóiríocht do mhic léinn agus d’úsáidí eile,

(c) forbairt ina n-áirítear forbairtí den chineál dá dtagraítear in alt (a) agus den chineál dá dtagraítear in alt (b), nó ina bhfuil meascán de thithe agus de chóiríocht do mhic léinn nó

(d) athrú ar chead reatha pleanála a deonaíodh faoi alt 34 (seachas faoi fho-alt (3A)) mar a mbaineann an t-athrú beartaithe le forbairt a shonraítear i bparagraf (a), (b) nó (c).


An Bonn Reachtach le FST

Foráiltear in alt 4(1) den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2016 go ndéanfar ar chead d’fhorbairt straitéiseach tithíochta (FST) go díreach chuig an mBord Pleanála faoin alt seo agus ní chuig Údarás Pleanála.

Ar mhaith leat leagan inphriontáilte?


FST Iarratais: Údaráis Phleanála [PDF, 540KB]