Léim go dtí an príomhábhar

FST Iarratais (Údaráis Phleanála): An táille iarratais a íoc go páirteach

An táille iarratais a íoc go páirteach

De ghnáth comhroinnfear na táillí iarratais pleanála a íoctar leis an mBord Pleanála maidir le tograí FST idir an Bord Pleanála agus an t-Údarás Pleanála lena mbaineann, ag féachaint dá n-ionchur faoi seach sa phróiseas cinnte, de réir airteagal 305 de Rialacháin 2017.

Tar éis an cinneadh a dhéanamh, íocfaidh an Bord Pleanála leis an Údarás Pleanála caoga faoin gcéad den táille a d’íoc an t-iarratasóir leis an mBord. I gcás ina mbeadh an fhorbairt bheartaithe suite i gceantar feidhmeach níos mó ná Údarás Pleanála amháin, íocfaidh an Bord Pleanála céatadán comhréireach le gach Údarás Pleanála i dtrácht.

I gcás ina dteipeann ar Údarás Pleanála tuarascáil óna Phríomhfheidhmeannach a chur isteach chuig an mBord Pleanála laistigh de 8 seachtaine agus 3 lá oibre ó fuair an t-údarás cóip den iarratas agus teipeann ar an mBord Pleanála cinneadh a dhéanamh ar an iarratas laistigh den tréimhse shonraithe, ní íocfaidh an Bord Pleanála aon chion den táille íoctha leis an Údarás Pleanála.