Léim go dtí an príomhábhar

FST Iarratais (Údaráis Phleanála): Comhaltaí Tofa a chur ar an eolas

Comhaltaí Tofa a chur ar an eolas

Tar éis an t-iarratas a fháil, ceanglaítear ar an Údarás Pleanála fógra a sheoladh chuig na comhaltaí tofa lena mbaineann go bhfuil an t-iarratas á dhéanamh, go bhfuil sé ar fáil don phobal, agus go bhfuil tréimhse 5 seachtaine ann chun aighneachtaí / tuairimí a chur isteach agus cad iad na cineálacha cinntí is féidir leis an mBord a dhéanamh ar an iarratas. Tá sé seo leagtha amach in alt (8)(4)(c) d’Acht 2016.

Ag an gcéad chruinniú eile den Choiste Ceantair, nó den dúiche bhardasach i ngach dúiche bardasaigh i dtrácht, mar is cuí, cuirfidh an t-Údarás Pleanála an méid seo a leanas in iúl do na comhaltaí tofa lena mbaineann:

  • Sonraí an iarratais,
  • An comhairliúchán a bhí ann i dtaca leis an bhforbairt bheartaithe leis an Údarás Pleanála agus an Bord Pleanála.
  • Sonraí an Fhógra Tuairime a d’eisigh an Bord Pleanála.
  • I gcás ina dtionóltar an cruinniú i dtrácht ag deireadh na tréimhse 5 seachtaine d’aighneachtaí poiblí, eolas ar na pointí a tarraingíodh anuas sna haighneachtaí / tuairimí a fuair an Bord Pleanála maidir leis an iarratas, mar aon le tuairimí an Phríomhfheidhmeannaigh.