Léim go dtí an príomhábhar

FST Iarratais (Údaráis Phleanála): Tuarascáil an Phríomhfheidhmeannaigh

Tuarascáil an Phríomhfheidhmeannaigh

Foráiltear in alt 8(5) d’Acht 2016 go n-ullmhóidh an t-Údarás Pleanála agus go gcuirfidh sé isteach chuig an mBord Pleanála, laistigh de 8 seachtaine ón uair a fhaightear cóip den iarratas, tuarascáil óna Phríomhfheidhmeannach ina leagfar amach:

  1. achoimre ar na pointí a tarraingíodh anuas sna haighneachtaí nó sna tuairimí maidir leis an iarratas a fuair an Bord Pleanála,
  2. a dtuairim ar éifeachtaí na forbartha beartaithe ar phleanáil chuí agus forbairt inbhuanaithe cheantar an údaráis agus ar an timpeallacht, ag féachaint go speisialta do –
    • na nithe atá sonraithe in alt 34(2) d’Acht 2000 maidir le rudaí le cur san áireamh agus cinneadh á dhéanamh ar an iarratas pleanála, agus
    • aighneachtaí agus tuairimí a fuair an Bord Pleanála maidir leis an iarratas, agus
  3. i gcás inar tionóladh cruinniú / cruinnithe an Choiste Ceantair, achoimre ar na tuairimí a nocht na comhaltaí tofa ag an gcruinniú / na cruinnithe ar an bhforbairt bheartaithe
  4. tuairim an údaráis phleanála maidir le cibé an bhfuil an fhorbairt straitéiseach tithíochta bheartaithe ar aon dul le cuspóirí ábhartha an phlean fhorbartha nó an phlean limistéir áitiúil, faoi mar a bheadh.
  5. ráiteas maidir le cibé an molann an t-údarás don Bhord cead a dheonú nó a dhiúltú, mar aon leis na cúiseanna leis an moladh. Sa mhéid seo,
    • beidh coinníollacha pleanála (más ann) a mholfadh an t-Údarás Pleanála i gcás go gcinneann an Bord cead a dheonú, mar aon leis na cúiseanna agus na forais leis na coinníollacha sin, san áireamh.

Le cois Thuarascáil an Phríomhfheidhmeannaigh, féadfaidh an Bord, i gcás ina measann sé gur gá, iarraidh ar an Údarás Pleanála eolas breise a chur isteach chuig an mBord maidir le héifeachtaí na forbartha beartaithe straitéisí tithíochta ar phleanáil chuí agus forbairt inbhuanaithe an cheantair i dtrácht agus ar an timpeallacht, faoi mar a shonródh an Bord, de réir alt 8(6) d’Acht 2016.

Mar sin féin, ós é intinn na reachtaíochta cinnteacht a thabhairt d’fhorbróirí i dtaobh tréimhsí ama le haghaidh cinneadh, ní iarrfaidh an Bord Pleanála eolas breise, mar phrionsabal ginearálta.