Bí cinnte go bhfuil do ghléas lánluchtaithe
Bí in am
Téigh isteach sa chruinniú roimh ré agus má tá fadhb cheangail agat, beidh tú in ann é a réiteach sula dtosaíonn an cruinniú.
Aíonna Seachtracha
Féach chuige go mbeidh a fhios roimh ré ag gach duine sa chruinniú go mbeidh aíonna seachtracha ag an gcruinniú.
Bí balbh nuair nach bhfuil tú ag caint
Ní chreidfeá é, ach bíonn torann cúlra ann fiú sna hoifigí agus sna seomraí is ciúine. Má chuireann tú an micreafón ar sos nuair nach bhfuil tú ag caint, is lú seans go gcuirfidh torann cúlra – fóin ag bualadh nó daoine ag clóscríobh – isteach ar an gcruinniú.
Ná cuir isteach ar chainteoirí eile
Bíonn sé deacair ciall a bhaint as cruinniú má bhíonn níos mó ná duine amháin ag caint. Gheobhaidh tú deis cainte ar ball.
Ná himigh ón ábhar cainte
Má tá rud éigin le rá agat, breac nóta faoi ionas go mbeidh tú soiléir agus beacht nuair a labhraíonn tú.
Leathanaigh láithreáin a chomhroinnt
Agus leathanaigh ghréasáin á gcomhroinnt, zúmáil isteach go bhfeice daoine an rud atá i gceist agat.
Úsáid físeán nuair is féidir agus nuair a bhíonn an ceangal idirlín láidir go leor
Is féidir d’ainm a thabhairt tríd an gceamara a chasadh air, ach an ceamara a mhúchadh nuair a thosaíonn an cruinniú agus leanúint ar aghaidh mar is gnách. Spárálfaidh sé sin bandaleithead ort.