Léim go dtí an príomhábhar

TB2019: 05 - Iarratais ar Bhonneagar Straitéiseach (Aonáin Phríobháideacha agus Gealltóirí Reachtúla) a Fuarthas in 2019

5. Iarratais ar Bhonneagar Straitéiseach (Aonáin Phríobháideacha agus Gealltóirí Reachtúla) a Fuarthas in 2019

Fo-stáisiún leictreach agus bonneagar gaolmhar 110kV agus MV is gá chun giniúint PV gréine talamh-ghléasta a cheangal le córas tarchuir leictreachais mar aon le gach oibreacha forbartha láithreáin gaolmhara agus coimhdeacha, Gillinstown, Damhliag, Co. na Mí.

Líne tharchuir ciorcad dúbailte 110kV faoi thalamh idir fo-stáisiún 220kV agus 110kV Belcamp agus fo-stáisiún 110kV Dharndál a chlúdaíonn fad dhá mhéadar nó mar sin, iar-láithreán Diamond Innovations, Páirc Ghnó agus Theicneolaíochta Chluain Seach, Baile Átha Cliath 17.

Leathnú ar acmhainn an phoirt, Faing, Co. Luimneach.

Fo-stáisiún 110kV agus campún gaolmhar, trealamh coimhdeach, agus ceangal chun ceangal le feirm ghaoithe toilithe a éascú, Baile Harlóg, Polleban agus Vesingstown, Dún Bóinne, Co. na Mí.

Cead pleanála deich mbliana le haghaidh fo-stáisiún leictreachais 110kV, dhá fhoirgneamh rialála, crann raidió, ceithre uimhir túr laitís, mionathruithe agus ceangal le líne tharchuir 110kV atá ar an láithreán cheana, claí imlíne agus geata rochtana agus gach seirbhísí agus oibreacha forbartha coimhdeacha, baile fearainn An Chorr Dhuibh, Co. Phort Láirge.

Fo-stáisiún inslithe lascthrealaimh gáis 220kV, 2 uimh. chiorcad 220kV faoi thalamh a dhéanfaidh lúb isteach/lúb amach chuig Líne Lastuas 220kV Mhá Nuad-Fhearann na Coille agus 6 uimh chiorcad 220kV faoi thalamh agus cáblú gaolmhar ísealvoltais agus cumarsáide faoi thalamh trína gceanglófar an fo-stáisiún beartaithe le trasfhoirmeoirí leictreachais laistigh de shaoráid Intel Ireland, agus gach oibreacha forbartha láithreáin gaolmhara agus coimhdeacha, laistigh de bhailte fearainn Bogganstown, Contae na Mí agus Gleanntán na bhFiach, Baile Uí Cheallaigh, Baile an Bhlácaigh (North Salt By) agus Léim an Bhradáin, Contae Chill Dara.

Fo-stáisiún tarchuir aer-inslithe lascthrealaimh 110kV, Baile Chearráin agus Caulstown, Plaitín, Damhliag, Co. na Mí.

Cead cúig bliana déag le haghaidh forbairt ag Beart Ola 3 agus Beart Ola 4, Lamairne Ola an Oirthir agus ag Bearta 50A, 50N, 50S, 51, 51A, 49, 52, 53 agus clóis ghaolmhara teirminéil chun soláthar a dhéanamh do mhíreanna éagsúla lena n-áirítear Lamairne Ro-Ro agus comhdhlúthú na bhfoirgneamh teirminéil do phaisinéirí, Port Átha Cliath, amach ó Bhóthar an Lamairne agus Bóthar an Tonnchoisc Theas, Bóthar an Chríochfoirt Theas, Síneadh Bhóthar Alexandra, Bóthar Alexandra, Bóthar Ché na Tulchann agus Bóthar an Phromanáid, Baile Átha Cliath 1 agus 3.

Cead pleanála deich mbliana le haghaidh forbairt comhdhéanta d’fho-stáisiún leictreachais 4 bhá 110kV de chineál C (mar aon le campún 33kV do chustaiméirí) (lena n-áirítear dhá fhoirgneamh rialála, cosaint ar thintreach, claí slándála imlíne, soilsiú slándála, bonneagar draenála, campún sealadach foirgníochta) chun ceangal agus freastal a dhéanamh ar fheirm ghaoithe bheartaithe (faoi Thag. Chlár Chomhairle Contae Loch Garman 20191272); bonneagar gaolmhar lúb isteach a cheangal le líne tharchuir lastuas 110kV lena n-áirítear cáblú 100kV faoi thalamh agus 2 uimh. chrann nua cinn le cáblú 110kV atreoraithe; slí isteach d’fheithiclí agus cosán rochtana ón mbóthar poiblí; gach oibreacha forbartha láithreáin gaolmhara agus tírdhreachú, An Tulaigh Bheag, Cam Eolaigh, Co. Loch Garman.

Fo-stáisiún leictreach agus bonneagar gaolmhar 110kV agus MV is gá chun giniúint PV gréine talamh-ghléasta a cheangal le córas tarchuir leictreachais le gach obair ghaolmhar láithreán coimhdeach, Ráth na Sceallóg, An tSráidbhaile, Co. Phort Láirge.

Fo-stáisiún leictreachais 4 bhá 110kV de chineál C agus bonneagar gaolmhar lúb isteach chun ceangal leis an líne tharchuir 110kV, An Tulaigh Mhóir, Lios Tuathail, Co. Chiarraí.

Cead pleanála deich mbliana maidir le feirm ghaoithe a thógáil a bheidh comhdhéanta de 24 uimh. tuirbín gaoithe, fo-stáisiún 110kV agus gach oibreacha gaolmhara, Feirm Ghaoithe Dhoire Fhada, Ascaill Bhéal Átha Liag, Co. an Longfoirt.

Forbairt comhdhéanta d’fho-stáisiún nua 110kV, cáblú faoi thalamh 110kV agus oibreacha coimhdeacha chun fo-stáisiún Feirm Ghaoithe an Teampaill Uachtaraigh, atá toilithe cheana, a cheangal leis an líne 110kV lastuas atá ann cheana, Cluain Comair, Co. Thiobraid Árann.

25 tuirbín gaoithe a chur ó mhaith agus a thabhairt ar shiúl agus suas le 13 tuirbín gaoithe a thógáil agus gach oibreacha gaolmhara forbartha láithreáin agus oibreacha coimhdeacha lena n-áirítear oibreacha uasghrádaithe a bhaineann leis an nasc greille 10kV atá ann agus leathnú an acomhail agus an bhóthair áitiúil, Suíomh Fheirm Ghaoithe Barnesmore, bailte fearainn Chéide Uachtaraigh, Chuilleann Buí agus an Chlochair, Co. Dhún na nGall.