Léim go dtí an príomhábhar

Féachaint ar chomhaid agus doiciméid a chóipeáil inár n-oifig

Fáil ar chomhad an cháis iomláin leis an tseirbhís rochtana poiblí atá againn

Is féidir breathnú ar chomhaid iomlána na gcásanna trí chuairt a thabhairt ar an oifig ar laethanta seachtainiúil idir 9.15 r.n. agus 5.30 i.n. Le fiosrú má tá comhad ar fáil roimh a thagann tú isteach, déan teagmháil leis an tseirbhís rochtana poiblí againn ag publicaccess@pleanala.ie. Más féidir, déan tagairt ar uimhir chomhad an cháis atá uait nó tabhair dúinn an méid is mó eolais agus is féidir maidir leis an gcás, ar nós seoladh an láithreáin.


Ag féachaint ar chomhaid san oifig againn

Sula dtugtar comhad duit beidh ort foirm dhearbhúcháin a líonadh, atá ar fáil ar an suíomh againn nó ó ball foirne.

Tabharfar an comhad duit san áit suí san fháiltiú nó sa seomra Seán MacDiarmada. Caithfear a bheith cúramach agus tú ag scrúda na gcomhad chun iad a chosaint. Iarrtar ort:

  • ord na gcáipéisí a choimeád i gceart sa chomhad agus gan cáipéis a bhaint amach ón gclib atá ag coimeád na gcáipéisí le chéile.
  • an comhad a láimhsiú go cúramach.
  • gan a bheith ag luí ar an gcomhad nó aon rud a dhéanamh a dhéanfadh dochair don chomhad.
  • na leathanaigh a chasadh go cúramach ionas nach ndéantar damáiste nó a chuirtear filltíní iontu.
  • na cáipéisí a bhaint ó phúitse amháin ceann ar cheann ionas nach gcuirfear na cáipéisí trína chéile, agus aon rud a bhaintear ó phúitse a chur ar ais sa phúitse ceart.
  • gan comharthaí, nótaí nó Post-It a chur ar cháipéisí sa chomhad.
  • d'áit sa chomhad a mharcáil leis na duillíní nó ná comharthaí marcála eile a thabharfar duit.
  • gan a bheith ag ithe nuair atá tú ag féachaint ar na comhaid.

Cuir ball foirne ar an eolas má tá fadhb leis an gcomhad, mar shampla, má tá leathanach stróicthe ann nach bhfuil ceangailte leis an gclib a thuilleadh.


Cáipéisí a chóipeáil agus dlí cóipchirt

Is féidir cóip a dhéanamh do gach cháipéis i gcomhad pleanála. Cuireann cóipcheart coinníollacha speisialta, áfach, ar cháipéisí áirithe ar nós líníochtaí, léarscáileanna agus pleananna. Le cloí leis an dlí, cuirfimid stampa gach cóip de na cáipéisí seo le fios a thabhairt go bhfuil siad ar fáil le scrúdú amháin a dhéanamh.

Sula fhéachann tú ar chomhad, beidh ort foirm dhearbhúcháin a líonadh a chinntíonn go:

  • dtuigeann tú go bhfuil an chomhad á chur ar fáil le féachaint air agus gan aon chúis eile ag baint leis.
  • nglacann tú go mbeidh ort cead a lorg ón duine nó ón eagraíocht a chum an cháipéis má tá tú ag iarraidh níos mó cóipeanna a dhéanamh de (an sealbhóir cóipchirt).

Ní bhaineann na srianta cóipchirt seo le hOrdú an Bhoird, le Treoir an Bhoird nó le Tuarascáil an Chigire.


Fótagrafaíocht fhéinseirbhíse de cháipéisí

Is féidir grianghraif a ghlacadh de beagnach gach cháipéis i gcomhad pleanála le ceamara, táibléad, fón nó gluais eile. Ní cheadaítear feidhm splaince do cheamara nó do ghléis a úsáid. Ní cheadaítear seastáin tríchosacha nó trealamh scanta ach an oiread. Le grianghraif a ghlacadh, caithfear foirm dhearbhúcháin a líonadh. De bharr srianta cóipchirt, ní féadtar grianghraif a ghlacadh de gach cháipéis. Ní féadtar grianghraif a ghlacadh de na cáipéisí seo a leanas:

  • Plean, líníocht, sceitse nó fótamontáis ar bith.
  • Léarscáil ar bith, le léarscáileanna Shuirbhéireacht Ordanáis Éireann san áireamh.
  • Cáipéisí nó eolas atá faoi chosaint chóipchirt.

Is féidir leis an bhFoireann Rochtana Poiblí fótachóipeáil a dhéanamh de cháipéisí nach féidir leat grianghraif a ghlacadh díobh. Mura bhfuil tú cinnte má tá cáipéis faoi srian nó nach bhfuil, cuir ceist ar ball foirne. Féach thuas le tuilleadh eolais a fháil maidir le srianta cóipchirt.

Tabhair faoi deara go bhfuil na grianghraif a ghlacann tú faoi dlíthe cóipchirt, príobháideachta agus cosanta sonraí agus ní féidir ach scrúdú pearsanta amháin a dhéanamh orthu. Is cion é reachtaíocht chóipchirt, chosanta sonraí agus phríobháideachta a shárú. Tá tú freagrach as aon chóip a déantar.

Tá tuilleadh eolais maidir le grianghraif a ghlacadh de chomhaid cháis an Bhord Pleanála sa treoirleabhar maidir le fótagrafaíocht fhéinseirbhíse.


Fótachóipeanna de cháipéisí

Faoi réir gnáthrialacháin cóipchirt mar a leagtar amach thuas, is féidir leat fótachóip a cheannach d'aon cháipéis ar chomhaid cháis. Má theastaíonn uait méid mór cháipéisí a fótachóipeáil, is féidir leat an t-iarratas a chur isteach agus na fótachóipeanna a bhailiú nó iad a fháil tríd an bpost níos déanaí. Ní féidir leat ach cóip amháin an cháipéis a fháil.


Srianta ar úsáid na bhfótachóipeanna nó ngrianghraf

Ní cheadaítear grianghraf ar bith a ghlactar tríd an seirbhís seo a chóipeáil, a fhoilsiú, a roinnt, a uaslódáil, nó a chur sa réim poiblí trí mheán ar bith (le meán leictreonach san áireamh, m.sh. na meáin cumarsáide nó an idirlín).