Léim go dtí an príomhábhar

Rochtain ar Eolas ar na Rialacháin Comhshaoil (AIE)

Rochtain ar Eolas ar na Rialacháin Chomhshaoil 2007 – 2014

Eolas Ginearálta ar an Rochtain ar Eolas ar na Rialacháin Comhshaoil

 

Eolas atá ar fáil faoi Rialacháin AIE

Faoi Rialacháin AIE, is ceadmhach do dhuine ar bith iarratas a dhéanamh chuig an mBord Pleanála ar rochtain ar eolas comhshaoil atá i seilbh an Bhoird Phleanála, nó atá á choimeád thar ceann an Bhoird Phleanála.

Ní bhaineann na Rialacháin le heolas is ábhar d'fhoráil reachtúil cheana féin, faoina gceanglaítear é a chur ar fáil don phobal. Mar shampla, ceanglaítear ar an mBord Pleanála faoi na hAchtanna Pleanála rochtain iomlán a thabhairt ar chomhaid i gcásanna cinnte laistigh de thrí lá oibre de chinneadh an Bhoird Phleanála. Lena chois sin, bíonn ordú cinnidh agus treoir an Bhoird agus aon tuarascáil ó chigire a bhaineann leis an gcás céanna ar fáil ar shuíomh Gréasáin an Bhoird laistigh den tréimhse chéanna (www.pleanala.ie).


Iarratas a dhéanamh ar eolas faoi Rialacháin AIE

Ba cheart iarratais ar eolas faoi na Rialacháin a sheoladh chuig:

An tOifigeach Rochtana ar Eolas Comhshaoil
An Bord Pleanála,
64 Sráid Mhaoilbhríde,
Baile Átha Cliath 1.
Fón (01) 858 8100
Facs (01) 872 2684
R-phost aie@pleanala.ie

Ní mór na coinníollacha seo a chomhlíonadh i gcás gach iarratais:

  • É a bheith i scríbhinn, agus seachadta tríd an bpost, de láimh nó i r-phost
  • A rá go bhfuil an t-iarratas á dhéanamh faoi rialacháin AIE
  • Ainm, seoladh agus sonraí teagmhála ábhartha eile an té atá ag déanamh an iarratais a chur ar fáil
  • A rá, i dtéarmaí atá chomh sainiúil agus is féidir, cad iad na sonraí comhshaoil atá á n-iarraidh agus cibé an gcaithfear an t-eolas a chur ar fáil i bhfoirm nó ar mhodh ar leith.

Ní gá a rá cad chuige atá an t-iarratas á dhéanamh.
 

Teorainneacha Ama ar Chinntí tar éis Iarratais

Ceanglaítear ar an mBord Pleanála freagairt a thabhairt ar aon iarratas AIE tráth nach déanaí ná mí amháin tar éis an t-iarratas a fháil ach amháin i gcásanna ina gcuirtear in iúl don té a rinne an t-iarratas, roimh dheireadh na tréimhse sin, nach féidir an t-iarratas a chomhlíonadh i ngeall ar mhéid nó ar chastacht an eolais chomhshaoil iarrtha. I gcás ina gcuirtear an cinneadh siar ní mór a shonrú san fhógra a thugtar don té a dhéanann an t-iarratas an dáta ar a ndéanfar an cinneadh agus ní bheidh sin níos déanaí ná 2 mhí ón dáta ar a bhfaightear an t-iarratas. I gcás nach gcuirtear cinneadh in iúl don iarrthóir laistigh den tréimhse ábhartha, measfar go ndearna an Bord Pleanála cinneadh chun diúltú don iarratas ar dháta éaga na tréimhse sin.
 

Cinneadh ar Iarratas

Tá an Bord Pleanála i dteideal diúltú d'iarratas go hiomlán nó go páirteach, ar an mbonn, inter alia, go mbeadh éifeacht dhíobhálach aige ar rúndacht eolas pearsanta nó ar rúndacht imeachtaí an Bhoird Phleanála i gcás ina ndéantar an rúndacht sin a chosaint ar shlí eile faoin dlí nó i gcás ina mbaineann iarratas le hábhar atá á thabhairt chun críche. Féadann sé, leis, iarratas a dhiúltú ar an mbonn gur léir go bhfuil an t-iarratas míréasúnta ag féachaint do mhéid nó raon an eolais iarrtha nó go bhfuil an t-iarratas curtha i bhfocail atá róghinearálta. I gcás ina ndiúltaítear d'iarratas, déarfar cad é an fáth nó na fáthanna leis an diúltú i bhfógra an diúltaithe agus léireofar, leis, gur féidir athbhreithniú inmheánach ar an gcinneadh a iarraidh.
 

Athbhreithniú Inmheánach ar Chinneadh

I gcás inar diúltaíodh d'iarratas ar rochtain ar eolas go hiomlán nó go páirteach féadann an té a dhéanann an t-iarratas iarraidh ar an mBord Pleanála an cinneadh tosaigh sin a athbhreithniú. Ní mór aon iarratas dá shórt ar athbhreithniú a dhéanamh tráth nach déanaí ná mí amháin tar éis an cinneadh tosaigh a bheith faighte. Ba cheart a chur san áireamh, leis, gur duine nach mbeidh ceangal aige nó aici leis an gcinneadh tosaigh a dhéanfaidh an t-athbhreithniú.

Ba cheart iarratas ar athbhreithniú inmheánach a sheoladh chuig:

An tOifigeach Eolais ar an Athbhreithniú Comhshaoil
An Bord Pleanála,
64 Sráid Mhaoilbhríde,
Baile Átha Cliath 1.
Fón (01) 858 8100
Facs(01) 872 2684

R-phost aie@pleanala.ie

Ní mór don Bhord Pleanála cinneadh athbhreithnithe a chur in iúl duit laistigh de mhí ón uair a fhaightear iarratas ar athbhreithniú inmheánach.

Féadann an tOifigeach um Athbhreithniú Inmheánach an cinneadh tosaigh ar an iarratas a dhearbhú, a éagsúlú nó a chealú agus más cuí, scaoileadh eolais chomhshaoil a éileamh.
 

Achomharc chuig an gCoimisinéir Eolais Chomhshaoil

Is féidir achomharc a dhéanamh in aghaidh chinneadh an athbhreithnithe inmheánaigh chuig an gCoimisinéir Eolais Chomhshaoil tráth nach déanaí ná mí amháin tar éis an cinneadh sin nó cinneadh measta a bheith faighte nó laistigh de cibé síneadh ama a chinnfeadh an Coimisinéir a chur leis.

Gheofar sonraí ar shuíomh Gréasáin an Choimisinéara ar an tslí le hachomharc dá shórt a dhéanamh ag www.ocei.ie/index.xml?&Language=ga

Ba chóir achomhairc a sheoladh chuig:

Oifig an Choimisinéara Eolais Chomhshaoil
18 Sráid Líosain, Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2

Fón (01) 639 5689
Glao áitiúil 1890 253238
R-phost info@ocei.ie
 

Táillí

Ní ghearrtar aon táille as iarratas a dhéanamh faoi rialacháin AIE, nó as iarratas a dhéanamh ar athbhreithniú inmheánach. Gearrtar táille as achomharc a dhéanamh chuig an gCoimisinéir Eolais Chomhshaoil.

Ach d'fhéadfaí táillí a ghearradh nuair a dhéanann an Bord Pleanála cóipeanna den eolas atá ar fáil mar fhreagra ar iarratas. Ní bhainfidh na táillí ach le cóipeanna den eolas a chuirtear ar fáil. Aon táillí a ghearrfar, beidh siad ar aon dul leis na táillí a ghearrtar as ábhar a chóipeáil faoi chóras an Bhoird Phoiblí um rochtain phoiblí ar chóras na gcásanna cinnte. (féach www.pleanala.ie)
 

Eolas Ábhartha Eile

Tá Nótaí Treoracha ar na Rialacháin curtha ar fáil ag an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil agus tá siad ar fáil, in éineacht le téacs na Rialachán, ar a suíomh Gréasáin ag www.dccae.gov.ie. Ar shuíomh Gréasáin na Roinne sin gheofar naisc chuig eolas gaolmhar, lena n-áirítear Treoracha ábhartha ón Aontas Eorpach agus chuig Coimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip, an Coinbhinsiún maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, le Rannpháirteachas an Phobail sa Phróiseas Cinnteoireachta agus le Rochtain ar Cheartas in Ábhair Chomhshaoil ("Coinbhinsiún Aarhus").

Ní mhaítear gur léirmhíniú dlíthiúil ar na Rialacháin é an achoimre roimhe seo ar na Rialacháin.