Léim go dtí an príomhábhar

Conas Éisteacht ó Bhéal a Iarraidh maidir le hAchomharc Pleanála

Cad is éisteacht ó bhéal ann?

Cruinniú poiblí chun gur féidir gach saincheist a bhaineann leis an iarratas a phlé agus a scrúdú. Is féidir le duine ar bith freastal ar éisteacht, ach ní féidir ach leis na daoine atá páirteach sa chás páirt a ghlacadh sa díospóireacht. Uaireanta tionólann an Bord Pleanála éisteacht ó bhéal chun cabhrú lenár gcigire eolas breise a bhailiú ó rannpháirtithe ar chás achomhairc pleanála. Ní seisiún foirmiúil nó dlíthiúil í ó thaobh dearaidh nó cleachtaidh.

 

Cathain a thionólann an Bord Pleanála éisteacht ó bhéal?

Is gnách don Bhord éisteacht ó bhéal a thionól má chreideann sé go dtabharfadh sé tuiscint ar chás casta. Is féidir éisteachtaí ó bhéal a thionól i gcás ina measann an Bord go bhfuil saincheist náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil shuntasach ann. Tá an chumhacht ag an mBord éisteacht ó bhéal a thionól ar iarratas nó in éagmais iarratais.

 

Cé ar féidir leo éisteacht ó bhéal a iarraidh?

Ní féidir ach leis an iarratasóir, an t-achomharcóir nó an t-údarás pleanála atá páirteach san achomharc éisteacht ó bhéal a iarraidh.

 

Cá mhéad ama atá agam le héisteacht ó bhéal a iarraidh?

teorainneacha dochta ama ann maidir le héisteacht ó bhéal a iarraidh.

 

Má tá tuairim á tabhairt agat agus éisteacht ó bhéal a iarraidh agat, leis,

ní mór an t-iarratas ar éisteacht ó bhéal a dhéanamh laistigh de cheithre seachtain ag tosú ar dháta an chinnidh ón údarás pleanála.

Sampla

Má dhéanann an t-údarás pleanála cinneadh ar an Déardaoin, 11 Aibreán, ,
ansin ní mór dúinn d'iarratas ar éisteacht ó bhéal a fháil Dé Céadaoin 8 Bealtaine ar a dhéanaí.

 

Má fuair tú cóip d’achomharc nó d’achomhairc agus más mian leat éisteacht ó bhéal a iarraidh,

is féidir leat éisteacht ó bhéal a iarraidh laistigh de cheithre seachtain ón dáta ar a gcuirimid cóip den achomharc deireanach chugat.

Sampla

Má scríobhaimid chugat le cóip den achomharc deireanach Dé Céadaoin 2 Lúnasa, ansin ní mór d’iarratas ar éisteacht ó bhéal a bheith faighte againn Dé Máirt 29 Lúnasa ar a dhéanaí.

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn má bhíonn cabhair uait chun an lá deiridh chun d’iarratas a dhéanamh a oibriú amach. Tá rialacha difriúla ann mar gheall teorainneacha ama idir an 24 Nollaig agus 1 Eanáir (agus an dá dháta san áireamh) ar féidir leo difríocht a dhéanamh don dáta deiridh.

Ní ghlacann an Bord Pleanála le hiarratais dhéanacha.
Ortsa atá an fhreagracht a chinntiú go bhfaighimid d'iarratas ar éisteacht ó bhéal laistigh de na teorainneacha ama atá leagtha síos.


An féidir liom éisteacht ó bhéal a iarraidh tar éis dom m’achomharc a dhéanamh?

Is féidir. Chun iarratas a dhéanamh, ní mór achomharc bailí a bheidh déanta agat agus gach riachtanas le haghaidh iarratas bailí a chomhlíonadh. ní mór an t-iarratas ar éisteacht ó bhéal a dhéanamh laistigh de cheithre seachtain ag tosú ar dháta an chinnidh ón údarás pleanála.