Léim go dtí an príomhábhar

Iarratas a dhéanamh

Conas a iarraim éisteacht ó bhéal?

Braitheann an tslí le hiarratas a dhéanamh ar do chás:

Más achomharcóir thú agus achomharc á dhéanamh agat,

is féidir éisteacht ó bhéal a iarraidh trí:

  • tic a chur sa bhosca “Tá, is mian liom éisteacht ó bhéal a iarraidh” ar an bhFoirm Achomhairc Pleanála, (cuid 9),
  • iarratas i scríbhinn a dhéanamh ar éisteacht ó bhéal in éineacht le d’achomharc.
 

Más achomharcóir thú a bhfuil achomharc bailí curtha isteach agat cheana féin

is féidir iarratas ar éisteacht ó bhéal i scríbhinn a chur chugainn.

 

Má tá tú ag tabhairt freagra ar achomharc a sheolamar chugat,

is féidir iarratas ar éisteacht ó bhéal i scríbhinn a chur chugainn.

 

Cé mhéad a chosnaíonn iarratas ar éisteacht ó bhéal?

Caoga euro (€50) a chosnaíonn iarratas ar éisteacht ó bhéal. Ní aisíoctar an táille seo.

Conas is féidir liom an táille ar éisteacht ó bhéal a íoc?

Tá modhanna éagsúla ann chun táille a íoc leis an mBord Pleanála.

 

Ag an deasc fáiltithe Leis an bpost

Airgead tirim

✔ Glactar leo Ní mholtar duit airgead tirim a chur chugainn riamh leis an bpost.

Cártaí Dochair agus Creidmheasa*

✔ Glactar leo ✖ Ní ghlactar leo

Seiceanna

✔ Glactar leo ✔ Glactar leo

Dréachtaí baincéara

✔ Glactar leo ✔ Glactar leo

Orduithe Poist

✔ Glactar leo ✔ Glactar leo


Cad é an seoladh don iarratas ar éisteacht ó bhéal?

Ní mór duit:

  • é a chur leis an bpost chuig: An Rúnaí, An Bord Pleanála, 64 Sráid Mhaoilbhríde, Baile Átha Cliath 1, D01 V902,
  • é a thabhairt do bhall d’fhoireann An Bhoird Pleanála ag ár n-oifigí i Sráid Mhaoilbhríde (seoladh thuas) le linn uaireanta oifige - Ó Luan go hAoine, óna 9.15 ar maidin go dtí 5.30 tráthnóna. Ní féidir leis an bhfoireann slándála san oifig glacadh le hiarratas ar éisteacht ó bhéal.
 

Ná dearmad nach féidir d’iarratas ar éisteacht ó bhéal a chur i mbosca litreacha na hoifige ná a sheoladh chugainn le ríomhphost; má dhéanann, iarratas neamhbhailí a bheidh ann.

Bíonn an oifig dúnta ag an deireadh seachtaine, ar laethanta saoire phoiblí agus ar laethanta fógartha eile amhail Lá Nollag agus Aoine an Chéasta.