Léim go dtí an príomhábhar

Tar éis d'iarratas a dhéanamh

Cad a tharlaíonn tar éis dom m’iarratas a dhéanamh?

Tar éis iarratas ar éisteacht ó bhéal a fháil, cuirimid comhad an cháis chuig duine dár gcigirí. Athbhreithneoidh an cigire an cás agus déanfaidh siad moladh don Bhord cibé ar chóir éisteacht ó bhéal a thionól. Scrúdóidh an Bord comhad an cháis, an t-iarratas agus moladh an chigire. Úsáidfidh an Bord an chumhacht atá aige chun an t-iarratas ar éisteacht ó bhéal a cheadú nó a dhiúltú. Ní bhíonn dul thar chinneadh an Bhoird maidir leis an iarratas ar éisteacht ó bhéal. Ina dhiaidh sin, cuirfimid an cinneadh in iúl i scríbhinn duitse agus do na rannpháirtithe ar fad san achomharc.

Tá cinneadh déanta ag an mBord éisteacht ó bhéal a thionól. Cad is gá dom a dhéanamh?

Scríobhfaimid chugat le sonraí na héisteachta ó bhéal agus gheobhaidh tú cuireadh a bheith i láthair. Léigh an litir sin go cúramach. Seolfar an litir chugat cúig lá ar a laghad sula dtosóidh an éisteacht ó bhéala. Nuair a bheidh an éisteacht ó bhéal socraithe, foilseofar na mionsonraí ar ár suíomh gréasáin. Gheofar tuilleadh eolais i dtaobh éisteachtaí ó bhéal inár dtreoir d’éisteachtaí ó bhéal.

Tá cinneadh déanta ag an mBord gan éisteacht ó bhéal a thionól Cad a tharlaíonn anois?

Má shocraíonn an Bord gan éisteacht ó bhéal a tionól, seolfar an t-achomharc chuig duine dár gcigirí. Scrúdóidh an cigire gach doiciméad sa chás agus de ghnáth tabharfaidh sé/sí cuairt ar an láithreán. Tar éis an éisteacht ó bhéal a chríochnú, ullmhaíonn an cigire tuarascáil agus moladh don Bhord. Ansin déanfaidh an Bord cinneadh bunaithe ar na doiciméid uile sa chás.