Léim go dtí an príomhábhar

FST Iarratais (Iarratasóirí): Cinneadh an Bhoird

An Cinneadh

Déanfaidh an Bord cinneadh ar an iarratas FST ar bhonn phleanáil chuí agus forbairt inbhuanaithe an cheantair agus na héifeachtaí ar an timpeallacht. Féadfaidh an Bord cead a dheonú le coinníoll nó gan choinníoll; cead a dheonú faoi réir mionathruithe; cead a dheonú go páirteach amháin, nó diúltú cead a dheonú don fhorbairt bheartaithe faoi alt 9(4) d’Acht 2016. Luafar i gcinneadh an Bhoird na príomhchúiseanna agus cúinsí ar ar bunaíodh an cinneadh.

I gcás nach bhfeidhmíonn an Bord a fheidhmeanna chun diúltú déileáil le hiarratas laistigh de 2 sheachtain ón uair a fhaightear é, féadfaidh sé cead a dhiúltú do FST beartaithe faoi alt 9(5) d’Acht 2016 i gcás ina measann sé go mbeadh forbairt den chineál seo roimh am de bharr easnamh nó neamhiomláine an RTT nó an RTN a cuireadh isteach leis an iarratas, más gá ceann. Níl aon fhoráil in Acht 2016 faoina bhféadfadh an Bord eolas breise i dtaobh iarratas FST a lorg.

Agus cinneadh á dhéanamh chun cead do FST a dheonú, féadfaidh an Bord coinníollacha a chur ag gabháil leis ar an ngnáthshlí, i. mar atá sonraithe in alt 34(4) d’Acht 2000. Anuas air sin, féadfaidh an Bord coinníoll a chur ag gabháil leis, ag éileamh go n-íocfaí ranníocaíochtaí forbartha den chineál céanna agus a ghearrfadh an t-údarás pleanála lena mbaineann faoi alt 28 nó 49 d’Acht 2000. Coimeádann an t-údarás pleanála aige féin an fhreagracht as gnóthaí comhlíonta agus forfheidhmiúcháin.

Seolfaidh an Bord Pleanála cóip den chinneadh FST chuig an iarratasóir, chuig an údarás pleanála lena mbaineann agus chuig aon duine a rinne aighneacht nó tuairim ar an iarratas. Ceanglaítear ar an mBord Pleanála faoi alt 10 d’Acht 2016 fógra nuachtáin a fhoilsiú chun an cinneadh a chur in iúl don phobal.