Léim go dtí an príomhábhar

FST Iarratais (Iarratasóirí): Riachtanais d’Iarratasóirí sula ndéantar Iarratas ar FST

Riachtanais d’Iarratasóirí sula ndéantar Iarratas ar FST

Ceanglaíonn ar iarratasóirí faoin Acht 2016 agus Rialacháin 2017 riachtanais áirithe a chomhlíonadh sula ndéantar iarratas faoi alt 4. Ní mór don iarratasóir na rudaí seo a leanas a dhéanamh ag am iarratas:

  • Comhairliúchán a bheith déanta leis an údarás pleanála faoi alt 247 den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000-2016.
  • Tuairim a bheith iarrtha agus faighte ón mBord Pleanála faoi alt 6(7) den Acht maidir leis na doiciméid a cuireadh isteach ag an gcéim réamhiarratais a d’fhéadfadh a bheith mar bhonn réasúnta le haghaidh iarratas a dhéanamh.
  • Riachtanais alt 8 den Acht agus airteagail 292, 293, 294 agus 295 de na Rialacháin maidir le fógraí láithreáin agus nuachtáin, fógra d’údaráis phleanála agus d’údaráis fhorordaithe, a bheith comhlíonta.
  • Na riachtanais atá leagtha amach in alt 8(1)(c) den Acht agus airteagal 296 de na Rialacháin maidir le héifeachtaí suntasacha a d’fhéadfadh a bheith ar thimpeallacht Bhallstát den Aontas Eorpach nó stát atá ina pháirtí den Choinbhinsiún Trasteorann, nuair is cuí.

Iarrtar ar an iarratasóir an doiciméad ‘Treoir d’Iarratasóirí Ionchasacha maidir le Comhairliúchán Réamhiarratais i gcás Forbairt Straitéiseach Tithíochta’ a cheadú maidir le comhairliúcháin alt 247 leis an údarás pleanála agus alt 6(7) Tuairimí an Bhoird Phleanála.

Nóta maidir le hAlt 7 d’Acht 2016

Féadfaidh iarratasóir iarratas a dhéanamh chuig an mBord Pleanála le haghaidh cinneadh tástála nó tuairim scóipe a fháil maidir le MTT/MC faoin alt 7 d’Acht 2016. Is faoi lánrogha an iarratasóra atá sé iarratas den sórt seo a dhéanamh agus ní cuid riachtanach é den phróiseas réamhiarratais ar FST. Mar sin féin, tar éis d’iarratasóir iarratas a thaisceadh faoi alt 7, ní féidir iarratas FST a thaisceadh go dtí go mbíonn an cinneadh / tuairim ábhartha eisithe ag an mBord Pleanála.

Sárú Ábhartha ar an bPlean Forbartha

Faoi alt 3 d’Acht 2016, ina dtugtar sainmhíniú ar FST, is léir nach forbairt straitéiseach tithíochta é aon fhorbairt bheartaithe a sháraíonn go hábhartha forálacha an phlean forbartha nó an phlean limistéir áitiúil lena mbaineann maidir le zónáil talún, agus nach bhfuil feidhm ag forálacha Acht 2016 maidir leis an bhforbairt. Mar sin féin, ní bhaineann an t-eisiamh seo ó fhorálacha FST ach le zónáil agus foráiltear san Acht gur féidir leis an mBord cead a dheonú do thogra FST fiú nuair a sháródh sé go hábhartha an plean forbartha lena mbaineann seachas i dtaca le zónáil talún (alt 5(6)).

Anuas ar sin, i gcás ina bhfuil difear idir riachtanais an bheartais pleanála sa phlean forbartha lena mbaineann agus na riachtanais atá leagtha amach i dTreoirlínte alt 28, sa chás sin tabharfar tús áite do Threoirlínte alt 28 seachas do riachtanais an phlean forbartha sa mhéad atá difear eatarthu.

Fógra Nuachtáin

Ceanglaíonn Alt 8(1) d’Acht 2016 agus airteagal 294 de Rialacháin 2017 ar an iarratasóir fógra a fhoilsiú i nuachtán amháin nó níos mó atá i gcúrsaíocht i gceantar an láithreáin sula ndéantar iarratas FST. Ní mór na nithe seo a leanas a bheith luaite san fhógra:

  • An suíomh agus cur síos gairid ar an bhforbairt bheartaithe lena n-áirítear líon na dtithe nó na n-aonad cóiríochta do mhic léinn beartaithe, faoi mar a bheadh, agus i gcás aonaid chóiríochta do mhic léinn, líon iomlán na spásanna leapa i dteannta a chéile, agus aon úsáid eile a d’fhéadfaí a bhaint as na haonaid.;
  • Go bhfuil cead á iarraidh ar an mBord Pleanála don fhorbairt bheartaithe.
  • Amanna agus áiteanna ar féidir cóip den iarratas agus aon RTT nó RTN a léamh saor in aisce nó a cheannach ar tháille shonraithe lena linn, lena n-áirítear oifigí an Bhoird Phleanála agus oifigí an údaráis phleanála lena mbaineann agus luafar san fhógra an tréimhse cúig seachtaine go bhféadfaí teacht ar na doiciméid seo ón uair a fhaigheann an Bord an t-iarratas.
  • Ráiteas a bheith san iarratas ina leagtar amach an tslí a mbeadh an fhorbairt ar aon dul le cuspóirí an phlean forbartha nó an phlean limistéir áitiúil lena mbaineann, agus i gcás ina sáraíonn an fhorbairt bheartaithe go hábhartha forálacha an phlean sin seachas i dtaca le zónáil talún, na cúiseanna ar chóir an cead a thabhairt mar sin féin ag féachaint d’ábhar atá sonraithe in alt 37(2)(b) d’Acht 2000.
  • I gcás iarratas go gcaithfear RTT nó RTN a bheith in éineacht leis, go bhfuil sé sin déanta.
  • Más cuí, gur dócha go mbeidh éifeacht shuntasach ag an bhforbairt bheartaithe ar thimpeallacht Bhallstát den Aontas Eorpach nó stát atá páirteach sa Choinbhinsiún Trasteorann agus ag iarraidh aighneachtaí agus tuairimí chuig an mBord Pleanála le linn na tréimhse ábhartha chúig seachtaine, maidir le:
    1. impleachtaí na forbartha beartaithe, má chuirtear i gcrích é, do phleanáil chuí agus d’fhorbairt inbhuanaithe sa cheantar nó sna ceantair i dtrácht, agus
    2. na héifeachtaí is dócha a bheidh ag an bhforbairt bheartaithe, má chuirtear i gcrích é, ar an timpeallacht nó ar láithreán Eorpach, faoi mar a bheadh.
  • Na cineálacha cinntí a d’fhéadfadh an Bord a dhéanamh, faoi alt 9 d’Acht 2016, i dtaca leis an iarratas.
  • Gur féidir le duine bailíocht chinneadh an Bhoird a cheistiú ar mhodh iarratas athbhreithniú breithiúnach a dhéanamh faoi Ordú 84 de Rialacha na nUaschúirteanna (I.R. Uimh.15 de 1986), de réir ailt 50 agus 50A d’Acht 2000, agus faisnéis a thabhairt ar an áit is féidir faisnéis phraiticiúil ar an meicníocht athbhreithnithe a fháil.

Fógra Suímh

Ceanglaíonn airteagal 292 ar Rialacháin 2017 ar an iarratasóir fógra suímh a chur in airde tráth nach déanaí ná an lá a fhoilsítear an fógra nuachtáin. Ní mór don fhógra láithreáin na riachtanais seo a leanas a chomhlíonadh:

  • Ní mór an fógra a bheith inscríofa nó clóite i ndúch doscriosta ar chúlra ban, greamaithe d’ábhar righin, inmharthana agus cosanta ar dhamáiste ó dhrochaimsir agus cúiseanna eile. Beidh an fógra inscríofa nó clóite i ndúch doscriosta ar chúlra buí i gcás iarratas FST a dhéantar laistigh de 6 mhí ón dáta a ndéantar iarratas bailí faoi alt 34 d’Acht 2000 nó faoi alt 4 d’Acht 2016 i dtaca leis an talamh nó an struchtúr céanna.
  • Ní mór an fógra a chur in airde go slán nó a dhaingniú in áit fheiceálach ar nó gar don phríomhshlí isteach sa talamh nó sa struchtúr i dtrácht ó bhóthar poiblí, nó i gcás ina bhfuil níos mó ná slí isteach ó bhóithre poiblí, ar nó gar do shlí isteach mar sin, nó ar aon chuid eile den talamh nó den struchtúr cóngarach don bhóthar poiblí, ionas go mbeidh sé infheicthe agus inléite gan dua do dhaoine a úsáideann an bóthar poiblí, agus ní bheidh sé ceilte nó doiléir uair ar bith.
  • I gcás nach bhfuil an talamh nó an struchtúr lena mbaineann iarratas cóngarach do bhóthar poiblí, cuirfear fógra láithreán in airde nó daingneofar é in áit fheiceálach ar an talamh nó ar an struchtúr ionas go mbeidh sé infheicthe agus inléite gan dua ag daoine lasmuigh den talamh nó den struchtúr, agus ní bheidh sé ceilte nó doiléir uair ar bith.
  • I gcás go measann an Bord Pleanála nach leor fógra láithreáin amháin a chur in airde nó a ghreamú chun na riachtanais thuas a chomhlíonadh, nó nach gcuireann sé an pobal ar an eolas ar shlí leordhóthanach, féadfaidh sé a cheangal ar an iarratasóir aon fhógra láithreán nó fógraí láithreáin eile a chur in airde nó a ghreamú ar shlí agus i dtéarmaí a shonróidh sé agus aon fhianaise a shonróidh se i dtaca le comhlíonadh na riachtanas sin a chur isteach.
  • Coimeádfar an fógra láithreáin ina áit ar an talamh nó ar an struchtúr i dtrácht ar feadh tréimhse cúig seachtaine ar a laghad ón dáta a fhaigheann an Bord Pleanála an t-iarratas ar chead pleanála, déanfar é a athnuachan nó a athchur má bhaintear é, nó má thagann sé chun bheith scriosta nó doléite sa tréimhse sin agus bainfidh an t-iarratasóir an fógra tar éis chinneadh an Bhoird a fháil faoi alt 9 d’Acht 2016, mar a cheanglaítear le hairteagal 293 de Rialacháin 2017.

Fógra don Údarás Pleanála

Ceanglaítear ar an iarratasóir 6 chóip chlóite den iarratas agus cóip amháin den iarratas i bhfoirm inléite ag meaisín ar ghléas digiteach, mar aon le haon RTT nó RTN, a sheoladh chuig an údarás pleanála cuí, sula ndéantar iarratas FST chuig an mBord Pleanála, faoi mar a cheanglaítear faoi alt 8(1)(b)(i) d’Acht 2016 agus airteagal 297(6) de Rialacháin 2017.
 

Fógra do na hÚdaráis Fhorordaithe

Ceanglaítear ar an mBord Pleanála faoi airteagal 285(5)(a) de na Rialacháin 2017 an t-iarratasóir a chur ar an eolas ag críoch an phróisis chomhairliúcháin réamhiarratais cad iad na húdaráis forordaithe agus a chaithfear a chur ar an eolas sula ndéantar an t-iarratas FST.

Ceanglaítear ar an iarratasóir faoi alt 8(1)(b)(ii) d’Acht 2016 cóip den iarratais agus d’aon RTT nó RTN i bhfoirm chlóite agus leictreonach a sheoladh chuig na húdaráis fhorordaithe, agus fógra ag gabháil leis, ina mbeidh fógra ina ndéarfar gur féidir aighneachtaí nó tuairimí a sheoladh i scríbhinn chuig an mBord Pleanála le linn na tréimhse ábhartha 5 seachtaine maidir le:

  1. impleachtaí na forbartha beartaithe, má chuirtear i gcrích é, do phleanáil chuí agus d’fhorbairt inbhuanaithe an cheantair nó na gceantar i dtrácht, agus
  2. na héifeachtaí is dócha a bheidh ag an bhforbairt bheartaithe, má chuirtear i gcrích é, ar an timpeallacht nó ar láithreán Eorpach, faoi mar a bheadh.

Ní mór don fhógra na cineálacha cinntí a d’fhéadfadh an Bord a dhéanamh i dtaca leis an iarratas a lua, faoi mar a cheanglaítear le hairteagal 295(3) Rialacháin 2017.

Comhairliúchán Trasteorann

I gcás ina bhféadfadh éifeachtaí suntasacha a bheith ag an FST atá beartaithe ar thimpeallacht Bhallstát den Aontas Eorpach nó stát atá páirteach sa Choinbhinsiún Trasteorann, ceanglaítear ar an iarratasóir faoi alt 8(1)(c) d’Acht 2016 agus airteagal 296 de Rialacháin 2017 cóip amháin den iarratas agus den MTT mar aon le cóipeanna leictreonacha díobh sin, a chur chuig údarás forordaithe an stáit nó na stát lena mbaineann mar aon le fógra ina ndéarfar gur féidir aighneachtaí nó tuairimí a chur isteach i scríbhinn chuig an Bord Pleanála le linn na tréimhse ábhartha cúig seachtaine.