Léim go dtí an príomhábhar

FST Iarratais (Iarratasóirí): An Próiseas Iarratais

An Próiseas Iarratais FST

Is gá roinnt príomhchéimeanna a chríochnú maidir le próiseas iarratais FST agus d’fhéadfadh 16 seachtaine ar a mhéad a bheas i gceist ón uair a fhaightear an t-iarratas (ach amháin nuair a bhíonn gá le héisteacht ó bhéal), chun é a thabhairt chun críche:

  • Iarratas FST a thaisceadh leis an mBord Pleanála.
  • Aighneachtaí agus tuairimí ón bpobal chuig an mBord Pleanála.
  • Aighneachtaí ó údaráis fhorordaithe chuig an mBord Pleanála.
  • Tuarascáil an údaráis phleanála a chur isteach chuig an mBord Pleanála.
  • Cinneadh an Bhoird Phleanála.

 


Iarratas FST a thaisceadh leis an mBord Pleanála

Ba chóir an fhaisnéis dá bhforáiltear faoi alt 8 d’Acht 2016 agus airteagail 297 (1), (2), (3), (4), (5) and (6) agus airteagal 298 de Rialacháin 2017 a bheith san iarratas FST. San áireamh ba chóir go mbeadh na rudaí seo a leanas:

  • Foirm iarratais FST comhlánaithe.
  • Toiliú an úinéara chun iarratas a dhéanamh nuair nach ionnann an t-iarratasóir agus úinéir na talún atá i gceist.
  • Cóipeanna de na fógraí nuachtáin agus de na fógraí láithreáin/
  • Cur síos gairid ar an bhforbairt bheartaithe.
  • Léarscáil den láithreán atá mór go leor agus ina bhfuil sonraí gnéithe sa chomharsanacht trína bhféadfaí an láithreán lena mbaineann an t-iarratas a shainaithint, de réir riachtanais airteagal 297(2)(c) de Rialacháin 2017.
  • Fianaise gur dheimhnigh Uisce Éireann go bhfuil sé indéanta seirbhís nó seirbhísí oiriúnacha a sholáthar agus go bhfuil an acmhainn ag an líonra nó ag na líonraí uisce i dtrácht an fhorbairt a sheirbhísiú.
  • Eolas ar aon chóras cóireála fuíolluisce ar an láithreán agus fianaise ar a oiriúnaí is atá an láithreán don chóras beartaithe.
  • Na doiciméid, sonraí, pleananna, líníochtaí agus léarscáileanna dá dtagraítear in airteagal 297(4) de Rialacháin 2017.
  • Sonraí na slí ina mbeartaíonn an t-iarratasóir riachtanais Chuid V a chomhlíonadh, mar atá leagtha amach in airteagail 297(2)(g) agus (h) de Rialacháin 2017.
  • I gcás ina n-eisíonn an Bord tuairim faoi alt 6(7) d’Acht 2016 gur gá tuilleadh breithnithe agus leasú ar na doiciméid a cuireadh isteach leis an iarratas ar chomhairliúchán réamhiarratais le go mbeidís ina mbonn réasúnta le hiarratas ar chead pleanála, beidh ráiteas ag gabháil leis an iarratas de na tograí atá san áireamh san iarratas chun díriú ar na saincheisteanna atá leagtha amach san fhógra.
  • Ráiteas ina leagtar amach an tslí a mbeadh an fhorbairt ar aon dul le cuspóirí an phlean forbartha nó leis an bplean limistéir áitiúil, agus i gcás ina sáraíonn an fhorbairt bheartaithe go hábhartha forálacha an phlean sin seachas i dtaca le zónáil talún, na cúiseanna ar chóir an cead a thabhairt mar sin féin ag féachaint d’ábhar atá sonraithe in alt 37(2)(b) d’Acht 2000.
  • RTT agus / nó RTN nuair is gá.
  • An táille chuí.

Faoi airteagal 285(5) de Rialacháin 2017, féadfaidh an Bord Pleanála a fhógairt don iarratasóir ionchasach ag deireadh an phróisis chomhairliúcháin réamhiarratais go gcaithfear eolas eile / breise a chur isteach le hiarratas ar chead, lena n-áirítear grianghraif, pleananna, léarscáileanna, líníochtaí nó ábhar nó sonraí eile agus lena n-áirítear measúnú ar an tionchar a bheadh ag an bhforbairt bheartaithe ar an gcóras iompair sa cheantar, lena n-áirítear an tionchar ar bhóithre, agus / nó samhail scála den fhorbairt bheartaithe lena n-áirítear talamh agus foirgnimh sa chomharsanacht, ag taispeáint ingearchlónna agus peirspictíocht na forbartha beartaithe.

RTT / RTN

Féadfaidh an Bord Pleanála diúltú déileáil le haon iarratas FST i gcás go measann an Bord nach bhfuil an t-iarratas, nó an RTT nó RTN más gá ceann, críochnaithe go hiomlán nó i gceart de réir na rialachán ábhartha nó de réir aon chomhairliúchán réamhiarratais a tionóladh faoi alt 6 d’Acht 2016. Cuirfear é sin in iúl don iarratasóir laistigh de 2 sheachtain de thaisceadh an iarratais go bhfuiltear ag diúltú déileáil le hiarratas FST. I gcás go ndiúltaíonn an Bord Pleanála déileáil le hiarratas FST, ní mór cúiseanna agus cúinsí an chinnidh a thabhairt.


Leagan amach an eolais a bheidh le cur isteach:

Ní mór don iarratasóir 2 chóip chlóite den iarratas FST a chur isteach chuig an Bord Pleanála, mar aon le 3 chóip den iarratas i bhfoirm inléite ag meaisín ar ghléasanna digiteacha, mar a cheanglaítear faoi airteagal 297(5) de Rialacháin 2017. I gcás FST beartaithe ina dteastaíonn RTT no RTN, cuirfear isteach leis an iarratas iad.

Suíomh Gréasáin:

Ní mór don iarratasóir cóip den iarratas FST a chur ar fáil lena léamh ar an idirlíon ag seoladh gréasáin a bhunófar don tréimhse a thosaíonn ar an dáta a ndéantar an t-iarratas agus a éagfaidh 8 seachtaine tar éis don iarratasóir scéala a fháil faoi chinneadh an Bhoird, mar a cheanglaítear faoi airteagal 301(3) de Rialacháin 2017.


Tuarascáil Phríomhfheidhmeannach an Údaráis Phleanála a chur isteach chuig an mBord Pleanála

Ceanglaítear ar an údarás pleanála lena mbaineann tuarascáil a Phríomhfheidhmeannaigh a ullmhú agus a chur isteach chuig an mBord Pleanála laistigh de 8 seachtaine ón uair a fhaightear cóip den iarratas FST, mar a cheanglaítear faoi alt 8(4) d’Acht 2016. Atreoraítear an t-iarratasóir chuig an doiciméad dar teideal ‘Comhairle d’Údaráis Phleanála ar Chéim an Iarratais i bhForbairt Straitéiseach Tithíochta’ chun eolas a fháil ar thuarascáil Phríomhfheidhmeannach an údaráis phleanála.


Aighneachtaí agus Tuairimí ón bpobal chuig an mBord Pleanála

Féadfaidh baill den phobal aighneacht nó tuairim a chur isteach chuig an mBord Pleanála faoi alt 8(1) d’Acht 2016 suas le 5 seachtaine ón dáta a bhfaightear an t-iarratas FST. Ar mhaithe le cinnteacht a thabhairt d’fhorbróirí i dtaca le tréimhsí ama ar féidir forbairtí FST a chinneadh lena linn, níl aon fhoráil ann do fhorbróirí freagairt a dhéanamh d’aighneachtaí nó do thuairimí ón bpobal.


Iarratas ar Éisteacht ó Bhéal

Féadfaidh an Bord Pleanála, faoina lánrogha, éisteacht ó bhéal a thionól maidir le hiarratas FST faoi alt 18 d’Acht 2016. Mar sin féin, ós é intinn na reachtaíochta iarratais FST a luasghéarú, eisceachtaí a bheidh in éisteachtaí ó bhéal. Foráiltear sa reachtaíocht gur chóir don Bhord Pleanála féachaint do na tosca eisceachtúla faoinar gá tithíocht a sholáthar go práinneach agus gan éisteacht ó bhéal a thionól ach amháin mura bhfuil an dara rogha ann. I gcás ina dtionólann an Bord Pleanála éisteacht ó bhéal maidir le hiarratas FST, déanfaidh sé a chinneadh laistigh de 24 seachtaine ag tosú ar an lá ar taisceadh an t-iarratas pleanála.