Léim go dtí an príomhábhar

7ú Sceideal FBS (Údaráis Phleanála): Comhairliúcháin Réamhiarratais – alt 37B.

2. Comhairliúcháin Réamhiarratais – alt 37B.

Aon duine a bheartaíonn iarratas a dhéanamh ar chead chun forbairt a shonraítear sa 7ú Sceideal a dhéanamh, rachaidh sé nó sí i mbun comhairliúcháin réamhiarratais leis an mBord. Leagtar amach in ailt 37B(3) d'Acht 2000, agus in airteagal 210 de Rialacháin um Pleanáil 2001 na nithe a d'fhéadfadh a bheith ina n-ábhair chomhairliúcháin / chomhairle. Cuimsíonn siad saincheisteanna ar nós nósanna imeachta do dhéanamh an iarratais, tréimhsí ama agus seicheamhú an phróisis iarratais, cúrsaí a bhaineann le pleanáil chuí agus forbairt inbhuanaithe agus leis an gcomhshaol a d'fhéadfadh tionchar a bheith acu ar chinneadh an Bhoird i dtaca leis an iarratas, na comhlachtaí forordaithe nár mhór a chur ar an eolas i dtaobh iarratais, agus an cineál comhairliúcháin phoiblí ar cheart a bheith ann sula ndéantar iarratas a thaisceadh.

Ar iarratas ar chomhairliúcháin réamhiarratais a fháil, ní mór don Bhord an t-iarratas sin a chur in iúl don údarás pleanála iomchuí (nó do na húdaráis phleanála i gcás ina dtrasnódh an láithreán is ábhar limistéir éagsúla údaráis áitiúil). Is éard a bheidh san fhógra litir ina mbeidh tuairisc ar nádúr na forbartha beartaithe agus léarscáil(eanna) de shuíomh an láithreáin.

Ní mór don Bhord taifead scríofa a choimeád d'aon chomhairliúcháin réamhiarratais a bhíonn ann. Ní mór na taifid scríofa sin a bheith ar fáil d'iniúchadh an phobail a luaithe a thabharfar an próiseas comhairliúcháin chun críche.

Tar éis dul i gcomhairle leis an iarratasóir ionchasach, ní mór don Bhord fógra a sheirbheáil ar an iarratasóir ionchasach agus ar an údarás pleanála (na húdaráis phleanála) ina luafar a thuairim cibé an bonneagar straitéiseach é an fhorbairt bheartaithe nó nach ea.

Chun cáiliú mar fhorbairt bonneagair straitéisigh, ní mór d'fhorbairt bheartaithe bheith, ar an gcéad dul síos, faoi réim ceann amháin nó níos mó de na haicmí sa 7ú Sceideal agus géilleadh do na tairseacha atá luaite sa Sceideal sin. Lena chois sin, ní mór don Bhord teacht ar an tuairim go mbeadh an fhorbairt bheartaithe, dá gcuirfí i gcrích é, faoi réim ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas: -

  • tábhacht straitéiseach geilleagrach nó sóisialta a bheith léi i dtaca leis an Stát nó leis an réigiún ina mbeadh sí suite,

  • í a bheith ina cuidiú suntasach chun aon cheann de chuspóirí na Frámaíocht Pleanála Náisiúnta nó cuspóirí de chuid straitéisí réigiúnacha spásúla agus eacnamaíocha atá i bhfeidhm sa cheantar a chomhlíonadh,

  • éifeacht shuntasach a bheith aici ar limistéar feidhme níos mó ná údarás pleanála amháin.

Cuirfear comhairle ar iarratasóirí ionchasacha maidir lena thábhachtaí atá sé, de réir an Bhoird, an tionscadal beartaithe a shuí i gcomhthéacs a phlean agus a bheartais, go háirithe ó thaobh ordlathas na bpleananna, is é sin, an Frámaíocht Pleanála Náisiúnta, Straitéisí Réigiúnacha Spásúla agus Eacnamaíocha, Straitéisí Réigiúnacha Dramhaíola agus Pleananna Forbartha Cathrach, Contae nó Limistéir Áitiúil.

Má chinneann an Bord gur forbairt bonneagair straitéisigh a bheadh san fhorbairt bheartaithe, ansin ní mór an t-iarratas ar chead a dhéanamh go díreach chuig an mBord faoi alt 37E d'Acht 2000, arna leasú. Sa chás go gcinneann an Bord nach forbairt bonneagair straitéisigh a bheadh san fhorbairt bheartaithe, ní mór an t-iarratas a dhéanamh ansin, faoi mar a dhéantaí roimhe sin, chuig an údarás pleanála faoi alt 34 d'Acht 2000.

Molfar d'iarratasóirí ionchasacha dul i gcomhairle go díreach leis an údarás áitiúil ar ina limistéar a bheadh an fhorbairt bheartaithe suite agus le haon chomhlacht forordaithe iomchuí.

Féadfaidh an Bord dul i gcomhairle leis an údarás áitiúil/na húdaráis áitiúla ar ina limistéar a bheadh an fhorbairt bheartaithe suite, nó le haon cheann de na comhlachtaí forordaithe. An cuspóir a bheadh le comhairliúcháin dá sórt ná aon srian a mbeadh tionchar aige ar an láithreán a shainaithint agus a fháil amach cibé an bhfuil plean nó clár á bheartú nó á chur i gcrích a bhainfeadh leis an iarratas.

I gcás ina dtéann an Bord i gcomhairle leis an údarás áitiúil ar ina limistéar atá an láithreán suite nó le haon chomhlacht forordaithe, déanfar taifead de chomhairliúcháin dá sórt agus tabhairt cóip den taifead/de na taifid sin don iarratasóir ionchasach. Cuirfear aon taifead dá shórt ar fáil do chigireacht an phobail a luaithe a thugtar an próiseas comhairliúcháin réamh-iarratais chun críche go foirmiúil.

Nuair a bheidh deireadh le céim an chomhairliúcháin réamhiarratais agus a chinneadh/a chomhairle fhoirmiúil ar an iarratas eisithe ag an mBord, foilseoidh sé a chinneadh sa liosta seachtainiúil de 'chásanna a cuireadh de láimh' ar a láithreán Gréasáin agus cuirfidh sé a chomhad ar fáil d'iniúchadh an phobail. Ar chríoch chéim an chomhairliúcháin, cuirfidh an Bord cóip den chomhad sin ar aghaidh chuig an údarás pleanála agus ba cheart an comhad sin a chur ar fáil go háitiúil d'iniúchadh an phobail. I gcás ina ndéanfaí iarratas ar chead chuig an mBord dá éis, ceanglófar an comhad comhairliúcháin réamhiarratais den chomhad iarratais.