Léim go dtí an príomhábhar

Inrochtaineacht

Inrochtaineacht sa Choimisiún Pleanála

Ráiteas Inrochtaineachta

Tá an Coimisiún Pleanála tiomanta dár seirbhísí a dhéanamh inrochtana do gach duine agus dár bhfreagrachtaí faoin Acht um Míchumas 2005 a chomhlíonadh.

  • Rochtain ar ár bhfoirgneamh agus ar ionaid sheachtracha ina dtionólaimid cruinnithe agus éisteachtaí ó bhéal.
  • Rochtain ar ár seirbhísí.
  • Inrochtaineacht sna seirbhísí agus sna hearraí a sholáthraítear dúinn.
  • Rochtain ar fhaisnéis a tháirgeann an Coimisiún Pleanála.
 

Tá feidhm ag an ráiteas inrochtaineachta seo maidir leis an suíomh Gréasáin: www.pleanala.ie

Oibrímid i gcónaí chun a inrochtana agus a inúsáidte atá ár suíomh Gréasáin agus ár seirbhísí a mhéadú. Cé go bhféachann an Coimisiún Pleanála le treoirlínte agus caighdeáin a bhfuil glacadh leo a leanúint, tá seans ann nach mbeidh sé indéanta ná praiticiúil é sin a dhéanamh i gcásanna áirithe. I gcásanna den sórt sin, cuirfimid tú ar an eolas faoi sin agus tairgfimid roghanna malartacha duit. Comhlíontar caighdeán AA de na Treoirlínte maidir le hInrochtaineacht ar an nGréasán (WCAG) 2.1 go páirteach ar an suíomh Gréasáin seo.

Níl an t-inneachar atá liostaithe thíos inrochtana ar na cúiseanna seo a leanas:

  • Doiciméid PDF agus Cartlanna Pleanála Stairiúla: Tá seans ann go bhfuil clibeanna struchtúracha cuí, oird loighciúla léitheoireachta nó roghanna eile téacs (téacs malartach) a theastaíonn do léitheoirí scáileáin in easnamh ar roinnt seanfhormáidí doiciméid (PDFanna), ar léarscáileanna pleanála agus ar thaifid stairiúla scanta atá foilsithe ar ár suíomh Gréasáin
  • Eilimintí Comhéadain Úsáideora: Tá seans ann go bhfuil eilimintí idirghníomhacha nó táblaí dinimiciúla a bhfuil cóimheasa ísle codarsnachta datha ag baint leo ar leathanaigh áirithe oidhreachta.

Faisnéis Teagmhála

Más rud é gur mhaith leat iarraidh inrochtaineachta a chur isteach, go dteastaíonn faisnéis i bhformáid mhalartach uait, nó gur gá duit cúnamh a iarraidh, déan teagmháil lenár nOifigeach Rochtana:
Féadfaidh aon duine aonair gearán a dhéanamh leis an Oifigeach Fiosrúcháin murar chomhlíon an Coimisiún ailt 25, 26, 27, 28 nó 29 den Acht um Míchumas 2005. Chun cabhrú le hOifigeach Fiosrúcháin an Choimisiúin Pleanála freagra a thabhairt ar do ghearán, ní mór é a bheith i scríbhinn agus ní mór é a sheoladh le ríomhphost nó leis an bpost nó é a sheachadadh ar ár n-oifig.

•    Ríomhphost: Déan teagmháil leis an Oifigeach Fiosrúcháin ag: enquiryofficer@pleanala.ie
•    Seoladh Poist: An Coimisiún Pleanála, 64 Sráid Maoilbhríde, Baile Átha Cliath 1, D01 V902

Más rud é nach mbeidh tú sásta lenár bhfreagra ar d’iarraidh inrochtaineachta, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le hOifig an Ombudsman ag www.ombudsman.ie (Osclófar an nasc i dtáb nua)
Athbhreithníodh an ráiteas an uair dheireanach an 8 Iúil 2026.

Ar mhaith leat leagan inphriontáilte?


Faisnéis do chuairteoirí: An Coimisiún Pleanála [PDF]