Léim go dtí an príomhábhar

Conas is féidir linn cabhrú leat

Conas is féidir linn cabhrú leat

Daoine atá ar bheagán gluaiseachta

  • Tá teacht ag an bpobal ar ár n-ionad fáiltithe agus ar na príomhsheomraí cruinnithe.
  • Tá teacht ar ár n-ionad fáiltithe agus príomhsheomraí cruinnithe ón tsráid, gan aon chéim. Tá rampa réidh suas go dtí na doirse isteach agus amach as seomra cruinnithe Parnell. Taispeánfar an rampa le comharthaíocht agus tíleanna buí urláir.
  • Tá suíocháin ar fáil san ionad fáiltithe.
  • Tá spás páirceála amháin do dhaoine faoi mhíchumas os comhair ár n-oifig ar Shráid Mhaoilbhríde.
  • Má táthar ag freastal ar chruinnithe in áiteanna eile san fhoirgneamh, tá ardaitheoirí ar fáil tar éis duit dul tríd an áis slándála.

     

Daoine atá ar bheagán radhairc

  • Beidh an fhoireann ar fáil chun tú a threorú tríd an bhfoirgneamh nó ag ionad seachtrach.
  • Tá fáilte roimh mhadraí treoracha agus madraí cúnaimh agus beidh uisce ar fáil dóibh.
  • Tá teacht ar ár n-ionad fáiltithe agus príomhsheomraí cruinnithe ón tsráid, gan aon chéim. Tá rampa réidh suas go dtí na doirse isteach agus amach as seomra cruinnithe Parnell.
  • Soilsiú nádúrtha agus saorga san ionad fáiltithe agus sna seomraí cruinnithe. Is féidir an soilsiú a ísliú le linn léirithe agus cur i láthair físeáin.

     

Daoine atá ar bheagán éisteachta

  • Tá lúbanna ionduchtaithe suiteáilte san ionad fáiltithe. Tá lúbanna ionductaithe suiteáilte i seomraí Mhaoilbhride, Chathal Brugha and Parnell. Níl lúb ionduchtaithe ar fáil i seomra Sheán Mhic Dhiarmada.
  • Beidh léirmhínitheoirí Theanga Chomharthaíochta na hÉireann, fotheidil fíorama nó SpeedText ar fáil ach iad a iarraidh. Abair linn é roimh ré más mian leat léirmhínitheoir Theanga Chomharthaíochta na hÉireann a bheith ann ionas gur féidir linn é sin a eagrú duit.