Seo iad na formáidí eile scríofa:
- Prionta Mór
- Ardchodarsnacht
- Furasta le léamh
- Braille
- Taifeadadh fuaime
Seo a leanas na formáidí labhartha eile:
- Léirmhíniú de Theanga Chomharthaíochta na hÉireann
- Fotheidil fíorama
- SpeedText
Déanfaimid iarracht d'iarratas a chomhlíonadh go tráthúil ach is féidir go dtógfaidh formáidí áirithe níos faide ná a chéile le heagrú. Más amhlaidh, is féidir go gcuirfidh ball foirne an fhaisnéis ar fáil duit i bhformáid eile. Mar sin féin, is féidir leat dul ar aghaidh leis an iarratas bunaidh agus déanfaimid iarracht é a chomhlíonadh.
Iarraimid a mhéad fógra agus is féidir i gcás cruinnithe, éisteachtaí ó bhéal nó imeachtaí eile. Mura féidir dóthain fógra a thabhairt is féidir nach mbeidh ar ár gcumas formáid labhartha eile a eagrú don imeacht, ach déanfaimid ár ndícheall an fhormáid labhartha a d'iarr tú a chur ar fáil a luaithe is féidir.
Uaireanta, is féidir nach mbeidh sé indéanta d'iarratas a chomhlíonadh, ar bhonn ama, costais nó ar fhorais eile. Sa chás sin, cuirfimid roghanna eile ar fáil duit má tá siad ar fáil.
Conas iarratas ar fhormáid eile a dhéanamh
Chun cabhrú linn d'iarratas a éascú, iarrtar ort an fhaisnéis ghinearálta seo a leanas a chur ar fáil nuair a ghlaonn tú orainn:
Ginearálta
- D'ainm
- Do shonraí teagmhála.
- An fhormáid eile atá á iarraidh agat.
Iarratais ar fhormáidí labhartha eile
- Má tá formáid labhartha eile á iarraidh agat, tabhair ainm, dáta agus am an iarratais dúinn. Is féidir go dtógfaidh sé roinnt ama seirbhísí áirithe eile a shocrú, ag brath ar a infhaighte atá na soláthraithe seirbhíse. Tabhair an oiread fógra is féidir dúinn.
Iarratais ar fhormáidí scríofa eile
- Má tá formáid eile scríofa á iarraidh agat, tabhair ainm an doiciméid nó seoladh suímh an URL ónár suíomh gréasáin dúinn.
- Inis dúinn cibé an mian leat formáid eile scríofa a fháil ar pháipéar nó go le ríomhphost nó CD.
- Má tá prionta mór nó ardchodarsnacht á iarraidh agat, tabhair an chlófhoireann, méid clófhoirne, dath clófhoirne agus dath cúlra atá uait dúinn.
An té ar cheart teagmháil a dhéanamh leis chun iarratas ar fhormáid eile a dhéanamh
Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an mball foirne a bhfuil cúram an cháis nó na seirbhíse air/uirthi. Nó is féidir glaoch ar d'Oifigeach Rochtana.