Léim go dtí an príomhábhar

An tOifigeach Fiosrúcháin

Inquiry Officer

Is í Colm Walsh Oifigeach Fiosrúcháin an Bhoird Phleanála faoi alt 39(1) den Acht Míchumais 2005. Freagraíonn an tOifigeach Fiosrúcháin gearáin a dhéantar faoi alt 38 den Acht Míchumais 2005 maidir le faillí féideartha an Bhoird Phleanála ó thaobh ailt 25, 26, 27, 28 nó 29 den Acht Míchumais 2005 a chomhlíonadh. Chun cabhrú le hOifigeach Fiosrúcháin an Bhoird Phleanála do ghearán a fhreagairt, ní mór é a dhéanamh i scríbhinn agus é a sheoladh chugainn i ríomhphost, leis an bpost, i facs nó de láimh chuig an oifig.

Féadfaidh daoine eile gearán a dhéanamh ar do shon, nó is féidir leat do ghearán féin a dhéanamh. Seo iad na daoine ar féidir leo gearán a dhéanamh ar do shon:

  • Céile, páirtnéir, tuismitheoir nó gaol,
  • Caomhnóir nó duine a ghníomhaíonn in loco parentis don duine sin,
  • Ionadaí dlíthiúil,
  • Abhcóide pearsanta, a roghnaíonn Bord Eolais na Saoránach chun ionadaíocht a dhéanamh thar ceann an duine sin, nó
  • duine eile atá ag tathant thar ceann an duine sin lena thoiliú nó lena toiliú.

Tá seicliosta thíos den fhaisnéis a chabhródh leis an Oifigeach Fiosrúcháin gearáin a imscrúdú agus a fhreagairt. Ní gá duit an seicliosta seo a úsáid agus má tá cabhair uait chun gearán a dhéanamh faoi sheirbhísí nach bhfuil teacht orthu, is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Oifig Rochtana nó leis an Oifig Fiosrúcháin, a chabhróidh leat do ghearán a dhéanamh, más féidir.

Seicliosta chun gearán a dhéanamh faoin Acht Míchumais 2005

1. Ba chóir gach gearán a dhéanamh i scríbhinn agus a sheoladh le facs nó ríomhphost.
2. Ba chóir duit a rá gur mian leat gearán a dhéanamh faoi alt 38 den Acht Míchumais 2005.
3. Ba chóir an fhaisnéis seo a leanas a bheith sa ghearán:
  • D'ainm, seoladh, uimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist teagmhála.
  • Cé acu díobh seo atá uait:
    • Teacht ar fhaisnéis.
    • Teacht ar ár seirbhís.
    • Teacht ar fhoirgneamh poiblí nó ar áit phoiblí.

Is féidir go dteastóidh uait an méid seo a leanas a chur ar fáil:

  • Cibé an bhfuil teacht á lorg agat ar do shon féin nó ar son duine éigin eile?
  • Cén roinn den Bhord Phleanála a raibh tú ag déileáil léi?
  • Cé a casadh ort? Tabhair ainm nó ainmneacha na mball foirne más féidir.
  • Cén dáta nó cé na dátaí a bhí i gceist?
  • Cad a bhí ag teastáil uait? Tabhair sonraí, le do thoil.
  • Conas nó cén fáth nach raibh teacht agat ar an tseirbhís, ar an fhaisnéis nó ar an bhfoirgneamh i dtrácht?
  • Cérbh é freagra an té/na ndaoine a raibh tú ag déileáil leo?
  • Ar tugadh aon ghealltanas duit go mbeidh teacht agat ar an tseirbhís, ar an bhfaisnéis nó ar an bhfoirgneamh ag dáta eile sa todhchaí? Tabhair sonraí, le do thoil.
  • Cén fáth a raibh tú míshásta leis an bhfreagra nó leis an ngealltanas a tugadh?
4. Ní íoctar táille as gearán a dhéanamh faoi alt 38 den Acht Míchumais.
5. Nuair a bheidh tú réidh, seol an gearán chuig an mBord Pleanála ar cheann de na slite thíos:

Leis an bpost / De láimh:
Gearán faoi Alt 38 den Acht Míchumais
An Príomhoifigeach
An Bord Pleanála
64 Sráid Mhaoilbhríde
Baile Átha Cliath 1
D01 V902

Ríomhphost:
bord@pleanala.ie Gearán faoi Alt 38 den Acht Míchumais" sa líne ábhair

 

Cad a tharlaíonn tar éis gearán a dhéanamh?
Nuair a fhaigheann an Príomhoifigeach do ghearán, cuirfear ar aghaidh é chuig an Oifigeach Fiosrúcháin. Tar éis do ghearán a fháil, seo mar a dhéanfaidh an tOifigeach Fiosrúcháin:

  • do ghearán scríofa a admháil laistigh de 5 lá oibre.
  • do ghearán a scrúdú féachaint an mbaineann sé le faillí a rinne an Bord Pleanála faoi alt 25, 26, 27, 28 or 29 den Acht Míchumais 2005.
  • imscrúdú a thosú ach amháin má chreideann an tOifigeach Fiosrúcháin gur gearán suaibhreosach nó cráiteach é. Cuirfidh an tOifigeach Fiosrúcháin scéala chugatsa agus chuig an bPríomhoifigeach i gcás cinnidh gur gearán suaibhreosach nó cráiteach é.

Imscrúdú

  • Déanfaidh an tOifigeach Fiosrúcháin an gearán a imscrúdú go príobháideach leis an bhfaisnéis atá curtha ar fáil agat. Coimeádfaidh an tOifigeach taifead scríofa den imscrúdú agus ullmhófar tuairisc scríofa.
  • Is féidir go mbeidh eolas eile de dhíth chun cabhrú leis an Oifigeach Fiosrúcháin do ghearán a imscrúdú. Is féidir go dtabharfar spriocdháta duit leis an bhfaisnéis a chur isteach.
  • Féadfaidh an tOifigeach Fiosrúcháin dul i gcomhairle leis na páirtithe uile a bhraitheann sé/sí a bheith cuí i gcúrsa an imscrúdaithe.
  • Féadfaidh siad duine ar bith a chur faoi agallamh má bhraitheann siad gur cuí chun tuilleadh faisnéise a fháil. Is féidir go mbeidh tusa nó an té a rinne an gearán san áireamh ansin.
 

Freagra agus tuairisc an Oifigigh Fhiosrúcháin

  • Ní mór don tOifigeach Fiosrúcháin freagra a thabhairt laistigh de 21 lá oibre. Mura féidir freagra a thabhairt laistigh de 21 lá oibre, déanfaidh an tOifigeach Fiosrúcháin teagmháil leat nó leis an té atá ag déanamh an ghearáin ar do shon le rá leat go mbeidh tuilleadh ama ag teastáil.
  • Leagfar amach toradh an imscrúdaithe i dtuairisc an Oifigigh Fhiosrúcháin. Beidh cinneadh ann, leis, cibé ar theip nó nár theip ar an mBord Pleanála foráil chuí an Achta Míchumais a chomhlíonadh.
  • I gcás go bhfaigheann an tOifigeach Fiosrúcháin amach go raibh a leithéid de theip ann, déarfar sa tuairisc cad iad na céimeanna is gá chun an cás a réiteach agus chun go mbeidh an Bord Pleanála comhlíontach.
  • Gheobhaidh tú cóip den tuairisc agus seolfar cóip di chuig an bPríomhoifigeach. Beidh deireadh ansin le himscrúdú an Oifigigh Fhiosrúcháin.


Athbhreithniú inmheánach ar thorthaí agus cinneadh an Oifigigh Fhiosrúcháin

  • Mura bhfuil tú sásta le torthaí agus cinneadh an Oifigigh Fhiosrúcháin, is féidir leat athbhreithniú inmheánach ar a dtorthaí agus cinneadh a iarraidh. Ball níos sinsearaí foirne a dhéanfaidh an t-athbhreithniú inmheánach.
  • Admhóidh an t-oifigeach a dhéanfaidh an t-athbhreithniú inmheánach d'iarratas ar athbhreithniú inmheánach laistigh de 5 lá oibre.
  • Athscrúdóidh siad do ghearán agus freagróidh siad thú laistigh de 21 lá oibre.
  • Déarfar sa fhreagra cibé ar chinn an tOifigeach Athbhreithnithe seasamh le torthaí nó cinneadh an Oifigigh Fhiosrúcháin nó le do ghearán. I gcás go gcinntear seasamh le do ghearán, déarfar sa fhreagra cad iad na céimeanna is gá chun an cás a réiteach agus chun go mbeidh an Bord Pleanála comhlíontach. Cuirfidh sé sin deireadh leis an athbhreithniú inmheánach ar thorthaí agus cinneadh an Oifigigh Fhiosrúcháin.

Ceart ar achomhairc chuig Oifig an Ombudsman
Mura bhfuil tú sásta le freagairt an Bhoird Phleanála ar do ghearán, is féidir go dteastóidh uait an cheist a tharchur chuig Oifig an Ombudsman.

Sonraí teagmhála Oifig an Ombudsman:

Seoladh: Oifig an Ombudsman,
18 Sráid Líosain Íocht,
Baile Átha Cliath 2.
Teileafón LoCall 1890 22 30 30
Facs 01 639 5674
Ríomhphost ombudsman@ombudsman.ie
Suíomh Gréasáin www.ombudsman.ie

 

Eolas Eile
Má tá eolas eile uait nó más mian leat an doiciméad seo a iarraidh i bhformáid eile, déan teagmháil linn mar seo a leanas:

Teileafón (01) 858 8100
Glao Áitiúil:
1890 275 175
Scríobh chuig Ceist ar Ghearán faoin Alt 38 den Acht Míchumais 2005
An Bord Pleanála
64 Sráid Mhaoibhríde
Baile Átha Cliath 1
D01 V902
Ríomhphost bord@pleanala.ieagus "Ceist i dtaobh Gearán faoi Alt 38 den Acht Míchumais" sa líne ábhair