Léim go dtí an príomhábhar

Leagan amach an limistéir phoiblí

Leagan amach an limistéir phoiblí

Deasc Fáilte
An láthair fáiltithe
Seomra Comhdhála Mhaoilbhríde
Seomra Parnell
Áit suí
Seomra Chathail Brugha
Seomra Sheán Mhic Dhiarmada

 

Deasc Fáilte

Ag an deasc fáilte, is féidir leat:

  • Achomhairc, iarratais, tarchuir agus tuairimí a chur isteach.
  • Ceist a chur ar bhall foirne mar gheall ar chás nó iarraidh orthu doiciméid a sheiceáil nuair a bhíonn achomharc, iarratas, tarchur nó tuairim á cur isteach agat.
  • Iarratas a chur isteach ar chomhad cáis chinnte a fheiceáil.
  • Iarratas a dhéanamh labhairt leis an Oifigeach Rochtana.
  • Treoracha a iarraidh má tá cáipéisí nó rudaí le cur isteach agat nó má tá coinne agat.

Deasc Fáiltithe. Taispeánann an íomhá seo an deasc fáiltithe agus an rúnaí ag suí taobh thiar den deasc. Tá an deasc seo inrochtana. Bíonn rúnaí amháin ar a laghad ann i gcónaí agus de ghnáth, bíonn beirt rúnaí ann.

Bíonn ar a laghad rúnaí amháin ag an deasc fáilte, agus de ghnáth bíonn beirt ann, le labhairt le custaiméir ar bith a bhfuil ceist acu. Tá córas lúibe ann do dhaoine a bhfuil fadhbanna éisteachta acu.

Tá dífhibrileoir, fearas garchabhrach agus múchtóir dóiteáin suite gar don deasc fáilte.

Ar ais go barr

 

An láthair fáiltithe

Sa láthair fáiltithe tá:

  • seastáin foilseachán ar a bhfuil bileoga ar nós:
    • Conas achomharc pleanála a dhéanamh
    • Conas tuairim a chur isteach
    • Táillí
    • Doiciméid chorparáideacha
  • Áit ríomhairí le trí ríomhaire ar ar féidir eolas pleanála agus ár suíomh gréasáin a chuardach. Tá ríomhaire amháin ann do bhaill den phobal a bhfuil riachtanais inrochtaineachta acu.
  • Doras Sheomra Comhdhála Mhaoilbhríde, áit a mbíonn éisteachtaí ó bhéal agus cruinnithe eile. Ní bhíonn an seomra seo ar oscailt don phobal gan cuireadh nó cead a bheith faighte ó fhoireann an Bhoird Pleanála.
  • Doras Sheomra Parnell, áit a mbíonn cruinnithe ar siúl. Ní bhíonn an seomra seo ar oscailt don phobal gan chuireadh nó cead a bheith faighte ó fhoireann an Bhoird Pleanála.

Áit an fháiltithe. San íomhá seo, feictear áit an fháiltithe leis an seastán foilseacháin, ríomhairí don phobal, agus bealaí isteach don Seomra Mhaoilbhríde agus Seomra Parnell.

Ar ais go barr

 

Seomra Comhdhála Mhaoilbhríde

  • Ní bhíonn an seomra seo ar oscailt don phobal gan cuireadh a bheith faighte chuig cruinniú nó éisteacht ó bhéal, nó cead a bheith faighte ó fhoireann an Bhoird Pleanála chun an seomra a úsáid.
  • Má bhíonn tú ag freastal ar ócáid sa seomra seo, is ball foirne den Bhord Pleanála nó garda slándála a ligfidh isteach thú.
  • Má bhíonn tú ag labhairt ag ócáid agus más mian leat cur i láthair a dhéanamh nó rud éigin a thaispeáint, déan teagmháil leis an duine a thug an cuireadh duit nó cuir ríomhphost chuig bord@pleanala.ie.
  • Tá póidiam i seomra comhdhála Mhaoilbhríde ar féidir a airde a athrú agus atá oiriúnach don uile dhuine.
  • Agus tú ag fágáil an tseomra, beidh ort dordánaí ar dheis an dorais a bhrú chun na doirse a dhíghlasáil. Nuair a bheidh siad díghlasáilte agat, siúl díreach ar aghaidh agus beidh tú ag an deasc fáilte.
  • Tabharfaidh an fhoireann treoracha duit i gcás éigeandála.

Seomra Mhaoilbhríde: Radharc inmheánach. San íomhá seo, feictear an Seomra Mhaoilbhríde agus taobh istigh den seomra ó bhun an seomra, leis na suíocháin socraithe d'éisteacht ó bhéal nó do chaint   seimineáir. Is féidir an seomra a athrú de réir riachtanas na hócáide, áfach.

San dara íomhá seo, feictear an Seomra Mhaoilbhríde agus taobh istigh den seomra ó bhun an seomra, leis na suíocháin socraithe d'éisteacht ó bhéal nó do chaint   seimineáir. Is féidir an seomra a athrú de réir riachtanas na hócáide, áfach.

Ar ais go barr

 

Seomra Parnell

  • Ní bhíonn an seomra seo ar oscailt don phobal ach amháin má fhaightear cuireadh nó cead ó fhoireann an Bhoird Pleanála chun an seomra a úsáid.
  • Má bhíonn tú ag freastal ar ócáid sa seomra seo, is ball foirne den Bhord Pleanála nó garda slándála a ligfidh isteach thú. Nuair a thiocfaidh tú isteach sa seomra, beidh rampa réidh díreach romhat. Comhartha chuige is ea na tíleanna buí urláir.
  • Agus tú ag fágáil an tseomra, beidh an rampa ag dul síos romhat i dtreo na ndoirse. Comhartha chuige is ea na tíleanna buí urláir.
  • Ag an doras, beidh ort an dordánaí ar chlé a bhrú chun na doirse a dhíghlasáil. Siúl díreach ar aghaidh go dtí na chéad doirse eile. Anseo, beidh ort dordánaí eile a bhrú chun na doirse a dhíghlasáil. Ansin, beidh tú sa láthair fáiltithe.
  • Tabharfaidh an fhoireann treoracha duit i gcás éigeandála.

Seomra Parnell: Radharc Inmheánach. San íomhá seo, feictear taobh istigh den Seomra Parnell

Ar ais go barr

 

Áit suí

  • Áit suí mar ar féidir leat feitheamh ar bhall d'fhoireann an Bhoird Pleanála.
  • Is féidir go mbeidh samhlacha de chásanna a cinneadh le deireanas ar taispeáint.
  • Tá bord agus cathaoireacha ann le gur féidir leat doiciméid a sheiceáil sula dtugann tú don Bhord Pleanála iad.
  • Is féidir féachaint ar chásanna a d'iarr tú ón tseirbhís rochtana ar chásanna anseo freisin.

Láthair suí. San íomhá seo, feictear an láthair suí san fháiltiú.

Ar ais go barr

 

Seomra Chathail Brugha

  • Ní bhíonn an seomra seo ar oscailt don phobal ach amháin má fhaightear cuireadh nó cead ó fhoireann an Bhoird Pleanála chun an seomra a úsáid.
  • Má bhíonn tú ag freastal ar ócáid i Seomra Chathail Brugha, osclaíonn an doras seo isteach sa seomra. Le dul isteach, tarraing an doras i dtreo na láithreach fáiltithe agus téigh isteach tríd an bhearna is mó. Le dul amach, brúigh an doras i dtreo na láithreach fáiltithe agus fág tríd an bhearna is mó.
  • Tabharfaidh an fhoireann treoracha duit i gcás éigeandála.

Íomhá den Seomra Chathail Brugha agus an doras atá ann. San íomhá seo feictear Seomra Chathail Brugha agus an doras a chasann le dul isteach nó amach ón seomra. 

Le dul isteach, caithfidh tú an doras a tharraingt i dtreo an fháiltithe agus téigh isteach sa bhearna is mó. Le fágáil, caithfidh tú an doras a bhrú i dtreo an fháiltithe agus fág tríd an bhearna is mó.

Seomra Chathail Brugha (Radharc inmheánach). San íomhá seo, feictear taobh istigh de Sheomra Chathail Brugha

 


Ar ais go barr

 

Seomra Sheán Mhic Dhiarmada

Bíonn an seomra seo ar fáil de ghnáth don phobal agus ní bhíonn cead speisialta de dhíth má tá an doras ar oscailt. Tá an seomra seo ciúin agus tá solas nádúrtha ann. Is féidir leat

  • fanacht ar fhoireann an Bhoird Pleanála ar do chompord
  • ábhair phleanála a phlé go príobháideach leis an bhfoireann, nó
  • féachaint ar chomhaid a d'iarr tú tríd an tseirbhís rochtana poiblí ar chásanna cinnte.

I gcás éigeandála, ba chóir duit an seomra a fhágáil agus dul chuig an láthair fáiltithe agus treoracha foirne nó gardaí slándála a leanúint.

Taobh amuigh de Sheomra Sheáin MacDiarmada. San íomhá seo, feictear taobh amuigh de Sheomra Sheáin MacDiarmada

Seomra Sheáin Mac Diarmada (taobh istigh). San íomhá seo, feictear na suíocháin agus boird atá i Seomra Sheáin Mac Diarmada. Feictear chomh maith na múnlaí a bhíonn ar thaispeáint sa seomra uaireanta.

Ar ais go barr