Léim go dtí an príomhábhar

Seirbhísí agus áiseanna inár n-oifig

Seirbhísí agus áiseanna inár n-oifig

Cabhair, Garchabhair agus Éigeandálaí eile
Madraí Treorach agus Cabhrach
Áit chiúin
Soilsiú
TCI
Teanga
Leithris Inrochtana
Áit chun clúidín naíonáin a athrú
 

Cabhair, Garchabhair agus Éigeandálaí eile

Má bhíonn cabhair uait uair ar bith le linn do chuairte ar an mBord Pleanála, ná bíodh leisce ort labhairt le ball foirne nó le garda slándála. Má mhothaíonn tú tinn uair ar bith, tá fearas garchabhrach agus dífhibrileoir ar fáil san áit fáilte.

I gcás éigeandála, lean treoracha na foirne agus na ngardaí slándála agus imigh tríd an bhealach éalaithe is gaire duit. Uaireanta, is féidir gur taobh thiar díot a bheidh an bealach éalaithe. Doirse a osclaítear le dordánaí, osclófar iad go huathoibríoch a luaithe a chuirtear an t-aláram dóiteáin ar siúl. Má fhanann an doras faoi ghlas ar aon fháth, tá cnaipí scaoilte suite sna boscaí glasa in aice leis na doirse. Gheofar eolas faoi aslonnaithe agus éigeandálaí san áit fáilte.

Ar ais go barr

 

Madraí Treorach agus Cabhrach

Ta fáilte roimh mhadraí treoracha agus roimh mhadraí cabhracha agus tá áiseanna uisce ar fáil do mhadraí.

Ar ais go barr

 

Áit chiúin

Tá seomra Sheán Mhic Dhiarmada ar fáil do dhaoine a bhfuil seomra níos ciúine uathu.

Ar ais go barr

 

Soilsiú

Tá solas nádúrtha agus saorga san áit fáilte agus sa seomra cruinnithe againn. Is féidir an solas a ísliú fad a bhíonn cur i láthair á dhéanamh nó físeán á thaispeáint.

Ar ais go barr

 

TCI

Déantar taifead ar íomhánna san oifig chun coiriúlacht a chosc agus chun tú a choimeád slán. An Bord Pleanála faoi chúram Aramark a chuireann an córas seo ar fáil, agus is féidir teagmháil a dhéanamh leo ar 01 858 8100.

Ar ais go barr

 

Teanga

Féadfaidh custaiméirí Béarla nó Gaeilge a labhairt.

Ar ais go barr

 

Leithris Inrochtana

Tá dhá leithreas inrochtana aonghnéis ar fáil do chustaiméirí. Osclaíonn doras gach ceann acu amach i dtreo na háite fáilte. Má tá aon fhadhb ann leis an leithreas, abair é leis an bhfoireann fáiltithe.

Leithreas inrochtana. (Cois Seomra Chathal Brugha).

Leithreas inrochtana. (Cois Deasc Fáilte).

Ar ais go barr

 

Áit chun clúidín naíonáin a athrú

Tá áit sa leithreas inrochtana láimh le Seomra Chathail Brugha le clúidín naíonáin a athrú.

Ar ais go barr