Léim go dtí an príomhábhar

Ár n-oifig a fhágáil

Ár n-oifig a fhágáil

 

Ag deireadh do chuairte ar an mBord Pleanála, imigh amach trí na doirse céanna ar Shráid Mhaoilbhríde.

Osclóidh na doirse póirse go huathoibríoch nuair a théann tú chucu.

Agus tú ag siúl tríd an bpóirse, ba chóir go n-osclódh an doras amach ar Shráid Mhaoilbhríde nuair a shroicheann tú é. Osclóidh an doras isteach chugat. Ansin rachaidh tú amach ar Shráid Mhaoilbhríde os comhair foirgneamh Eir. Más mian leat dul chuig Sráid Chathail Brugha, Sráid Thalbóid nó Sráid Uí Chonaill, cas ar dheis. Cas ar chlé chun dul chuig Sráid Parnell.

Mura n-osclaíonn an doras, ciallaíonn sé nár bhraith an braiteoir thú. Téigh siar cúpla céim agus siúl suas chuig na doirse arís. Ba chóir go n-osclódh na doirse an uair seo.

Má bhíonn cabhair uait chun an doras amach ar an tsráid a oscailt, brúigh an cnaipe glas ar fhráma an dorais phóirse, a osclóidh an doras duit. Nó iarr cabhair ar an bhfáilteoir nó ar an ngarda slándála.

Cnaipe chun an doras seachtrach a oscailt, a bhfuil ar fráma dhorais an phóirse. San íomhá seo taispeántar an cnaipe a úsáidtear chun an doras seachtrach a oscailt le dul amach ar an sráid má tá cabhair chun an doras a oscailt ag teastáil. Is féidir cabhair a iarraidh ón bhfoireann nó ó na gardaí slándála chomh maith.

San íomhá seo, taispeántar an cnaipe i mbosca buí agus saighead ghlas ag díriú ar an mbosca buí chomh maith.