Léim go dtí an príomhábhar

Sula dtagann tú isteach

Cá bhfuilimid
Uaireanta oscailte
Ag taistil chun na hoifige seo
 

Cá bhfuilimid

Tá oifig an Coimisiún Pleanála suite ag 64 Sráid Mhaoilbhríde, Baile Átha Cliath, D01 V902.


Uaireanta Oscailte

Seo a leanas ár ngnáthuaireanta oscailte:

Dé Luain
9.15rn – 5.30in
Dé Máirt
9.15rn – 5.30in
Dé Céadaoin
9.15rn – 5.30in
Déardaoin
9.15rn – 5.30in
Dé hAoine
9.15rn – 5.30in
Dé Sathairn
Dúnta
Dé Domhnaigh
Dúnta
Saoire Poiblí 
Dúnta

Bímid ar oscailt an lá ar fad; ní dhúnaimid ag am lóin.

Ar laethanta áirithe eile nuair a bhíonn ár n-oifig dúnta, cuirfimid scéala chuig an bpobal go bhfuilimid dúnta. Fógrófar aon dúnadh eisceachtúil eile don phobal, más féidir.

Mura bhfuil tú cinnte an mbeidh an oifig ar oscailt, féach ár suíomh gréasáin www.pleanala.ie nó cuir glao orainn ar 1890 275 175 sula bhfágann tú baile.

Siar go Clár Ábhair

 


Ag Taistil chun na hOifige Seo

Tá modhanna taistil éagsúla ar fáil chuig an oifig – bus, rothar, LUAS, traein agus carr. Tá An Bord Pleanála mar chomhpháirtí sa scéim Ionad Oibre Thaisteal Níos Cliste agus tacaíonn sé le polasaí taistil inbhuanaithe don fhoireann agus do chustaiméirí. Molaimid duit an córas iompair phoiblí a úsáid chun teacht chun na hoifige.

Is liosta cuimsitheach de roghanna iompair poiblí é an  Journey Planner from Transport for Ireland a chabhraíonn leat turais a phleanáil ar shlí níos cruinne ó aon áit in Éirinn. Tá busanna, tramanna, tacsaithe, báid farantóireachta agus siúl san áireamh sa Phleanálaí – 120 oibreoir san iomlán – agus tá eolas ar bhealaí leagtha amach go hiomlán. Gheofar amchláir inphriontáilte agus sonraí ar an méid ama a thógann turais.

Is féidir an feidhmchlár don Journey Planner a íoslódáil ó www.transportforireland.ie.

Bus Átha Cliath

Tá stadanna ag Bus Átha Cliath gar don oifig ar Shráid Uí Chonaill, Sráid Parnell, Sráid Chathail Brugha agus sráideanna eile. Ar shuíomh gréasáin Dublin Bus gheofar an t-eolas is déanaí ar bhealaí atá oiriúnach do chathaoireacha rothaí, eolas faoi bhusanna san fhíor-am agus amchláir ghinearálta i mBaile Átha Cliath.

www.dublinbus.ie

Bus Éireann

Téann seirbhísí náisiúnta agus réigiúnacha Bus Éireann go Busáras, atá I bhfoisceacht siúl deich nóiméad ón oifig seo. Gheofar ar shuíomh gréasáin Bhus Éireann eolas ar amchláir, ar thicéid agus ar sheirbhísí bus náisiúnta agus réigiúnacha.

www.buseireann.ie

Oibreoirí Bus Eile

Tá oibreoirí eile ann a chuireann seirbhísí bus ar fáil go dtí áiteanna atá gar don oifig seo. Cabhróidh leis an Journey Planner ó Transport for Ireland leat fáil amach an bhfuil seirbhís ar fáil gar duit.

www.transportforireland.ie

LUAS

Tá seirbhísí LUAS ar an Líne Ghlas agus ar an Líne Dhearg ar fáil go dtí an oifig seo.

Ar sheirbhísí na Líne Glaise go dtí Droichead Broome, ba chóir tuirlingt ag an stad tram ar Shráid Uí Chonaill Uachtarach agus siúl síos Sráid Chathail Brugha. Ar sheirbhísí na Líne Glaise go Parnell, Áth an Ghainimh nó Gleann Bhríde, ba chóir tuirlingt den tram ag Stad Parnell agus siúl síos Sráid Mhaoilbhríde.

Ar seirbhísí na Líne Deirge, ba chóir tuirlingt den tram ag stad Shráid na Mainistreach agus siúl suas Sráid Mhaoilbhríde.

www.luas.ie

Iarnród Éireann - Irish Rail

Is iad Stáisiún Uí Chonghaile agus Stáisiún Heuston na príomhstáisiúin traenach i mBaile Átha Cliath. Seirbhísí DART agus seirbhísí comaitéireachta amháin a stopann i Stáisiún Shráid Tara.

Conghaile: Tá oifig an Bhoird Pleanála fad siúil ó Stáisiún Uí Chonghaile agus a sheirbhísí iarnróid náisiúnta, comaitéireachta agus DART. Tá an oifig seo fad siúil 10 nóiméad ón stáisiún nó is féidir leat an LUAS (Líne Dhearg) a fháil go dtí Sráid na Mainistreach agus siúl suas Sráid Mhaoilbhríde.

Heuston: Seirbhísí iarnróid náisiúnta agus comaitéireachta a stopann i Stáisiún Heuston agus ta sé dhá chiliméadar ón oifig seo. Tá seirbhísí Dublin Bus ar fáil ó Stáisiún Heuston go Lár na Cathrach agus téann an LUAS (Líne Dhearg) ó Heuston go Sráid na Mainistreach chomh maith.

www.irishrail.ie

Rothaíocht

Tá ionad ag Dublin Bikes ar Shráid Chathail Brugha in aice leis an oifig seo, agus gheofar an t-eolas is déanaí ar rothair agus ar spásanna ag an ionad seo agus ag ionaid eile Dublin Bikes ar a suíomh gréasáin.

Ta seastáin rothar ar fáil ar Sráid Chathail Brugha chomh maith agus gheofar bealaí rothaíochta chun na hoifige sa Journey Planner ó Transport for Ireland.

Tá amanna rothaíochta measta chuig an oifig seo ó mhórcheantar Bhaile Átha Cliath ar fáil ar ár suíomh gréasáin.

www.dublinbikes.ie
Siar go Clár Ábhair