Tarchuir
Baineann an príomhchineál tarchuir le ceisteanna, in aon chás ar leith, maidir le cad is forbairt ann nó cibé an bhfuil nó nach bhfuil sé díolmhaithe mar fhorbairt de réir bhrí na nAchtanna um Pleanáil agus Forbairt.
Tá tarchuir difriúil ó chineálacha cásanna eile a chuirtear faoi bhráid an Bhoird sa mhéid is go socraíonn cinntí sna cásanna seo fasaigh a bhfuil tionchar díreach acu ar chásanna ina dhiaidh sin. Is díol suntais iad don phobal, d’fhorbróirí agus dá ngníomhairí atá ag smaoineamh ar fhorbairt a dhéanamh ar gá nó nach gá cead pleanála ina leith.
Is féidir féachaint ar na cineálacha tarchuir a dhéantar chuig An mBord Pleanála.
Cásanna faoi na hAchtanna um Rialú Foirgníochta
Féadann an Bord Pleanála achomhairc a fháil ar roinnt cinntí faoi na hAchtanna um Rialú Foirgníochta.