Léim go dtí an príomhábhar

FBS: Scópáil

Scópáil agus cathain a dhéantar é

Nós imeachta roghnach a fhaightear i dtreoracha AE is ea scópáil. Tugann sé deis don iarrthóir ionchasach iarraidh ar an mBord Pleanála tuairim i scríbhinn a thabhairt ar an bhfaisnéis a bheidh ag teastáil i dtuarascáil measúnachta tionchair timpeallachta le forbairt bheartaithe. Is cuid é seo de ról an Bhoird Phleanála mar údarás toilithe don iarratas.
I gcás forbairt bonneagair straitéisigh, is iarrataí deonacha iad iarrataí ar scóipeáil agus is féidir iad a dhéanamh le haghaidh:

  • Forbairtí 7ú Sceideal,
  • forbairtí údarais áitiúil,
  • forbairtí Stáit,
  • sreanga tarchuir leictreachais nó idirnascairí,
  • forbairtí gáis, agus
  • forbairtí iarnróid, agus
  • forbairtí bóthair.

Féadfaidh an Bord a iarraidh ar chomhlachtaí forordaithe a shonraítear sna Rialacháin Pleanála agus Forbartha páirt a ghlacadh agus a gcuid tuairimí a thabhairt sa phróiseas scóipeála.

An pobal a choinneáil ar an eolas faoi na hiarrataí ar scóipeáil

Nuair a fhaigheann an Bord Pleanála iarratas scóipeála, cuirfimid an t-iarratas san áireamh sa liosta seachtainiúil de ‘chásanna a fuarthas’ar ár suíomh Gréasáin. Nuair a bheidh sé sin déanta, cuirfimid iad san áireamh é sa liosta seachtainiúil de ‘chásanna a fuarthas’ ar ár suíomh Gréasáin.

Nuair a bheidh an iarraidh ar scóipeáil tugtha chun críche, beidh cáschomhad an Bhoird Phleanála ar fáil lena léamh agus lena cheannach. Is féidir leat na cáschomhaid chinnte seo a léamh trínár seirbhís rochtana poiblí.