Nuair a bheidh a chinneadh déanta ag an mBord, seolfar cóip d’Ordú an Bhoird chuig gach rannpháirtí sa chás agus foilseofar í ar ár suíomh Gréasáin. Uaireanta seolfar cóip de Threoir an Bhoird chuig na rannpháirtithe sa chás. Gheobhaidh an t-údarás pleanála don limistéar ina bhfuil an cás cóip den Ordú Boird dá thaifid. Seo deireadh ról an Bhoird Phleanála i dtaca leis an bhforbairt.
Seachas Orduithe Iarnróid, ní thugann an dlí an fhreagracht don Bhord Pleanála a chinntiú go bhfuil cinntí á n-urramú agus á leanúint. Forfheidhmiú a thugtar air seo. Níl cumhachtaí againn chun a chinntiú go bhfuil cinntí an Bhoird á leanúint nó á gcomhlíonadh. Ina áit sin tá an t-údarás pleanála áitiúil freagrach as coinníollacha Ordú an Bhoird a léirmhíniú agus as a chinntiú go ndéantar cinneadh an Bhoird.
Má tá imní ort nach bhfuil cinneadh an Bhoird á leanúint nó á chomhlíonadh, déan teagmháil le rannóg forfheidhmithe an údaráis phleanála áitiúil. Ní mór d’údarás pleanála iar-obair a dhéanamh ar fhíorghearáin a dhéanann baill den phobal air maidir le forbairt neamhúdaraithe lena n-áirítear neamhchomhlíonadh cinntí pleanála.
An t-údarás pleanála a dhéanfaidh gearáin maidir le forbairt neamhúdaraithe a imscrúdú. I gcásanna ina meastar nach bhfuil an t-údarás pleanála ag déanamh iar-oibre ar fhíorghearán maidir le forbairt / forfheidhmiú neamhúdaraithe, d’fhéadfadh go mbeadh an tOmbudsman nó Oifig an Rialtóra Pleanála toilteanach cuidiú leis an gceist a réiteach. I gcásanna áirithe, féadfaidh aon duine iarratas a dhéanamh chun na hArd-Chúirte nó na Cúirte Cuarda ar urghaire i ndáil le forbairt neamhúdaraithe. Gheofar tuilleadh faisnéise ón tSeirbhís Faisnéise do Shaoránaigh nó iarr comhairle dlí.
I gcás ina ndeonaíonn an Bord iarratas ar ordú iarnróid, féadfaidh an Bord an t-ordú a chúlghairm má mhainnítear nó má dhiúltaítear coinníoll, srian nó ceanglas a shonraítear san ordú iarnróid a chomhlíonadh. Féadfaidh aon duine scríobh chuig an mBord má mheasann siad nach bhfuil ordú an Bhoird á chur i bhfeidhm de réir an deontais agus déanfaidh an Bord iar-obair ar an ábhar.
Sa roinn seo:
- Forbairt Bonneagair Straitéisigh: Treoir
- FBS: Cineálacha forbartha bonneagair straitéisigh
- FBS: Céimeanna sa phróiseas forbartha bonneagair straitéisigh
- FBS: Comhairliúcháin réamhiarratais
- FBS: Scópáil
- FBS: Iarratais
- FBS: Éisteachtaí ó bhéal agus cruinnithe
- FBS: Eolas eile nó eolas breise
- FBS: Cinneadh an Bhoird
- FBS: Tar éis don Bhord a chinneadh a dhéanamh
- FBS: Costais
- FBS: A chinntiú go leantar cinneadh an Bhoird: Forfheidhmiú