Léim go dtí an príomhábhar

FBS: Eolas eile nó eolas breise

Tá cumhachtaí ag an mBord faisnéis bhreise a iarraidh ar an iarratasóir agus ar dhaoine eile faoin iarratas má mheasann sé go bhfuil sé oiriúnach. Uaireanta féadfaidh sé a mheas go mbeadh sé oiriúnach aon cheann nó níos mó de na rudaí seo a leanas a iarraidh:

  • Tuarascáil Measúnachta Tionchair Timpeallachta athbhreithnithe nó Ráiteas Tionchair Natura athbhreithnithe ón iarratasóir
  • aighneachtaí breise:
    • ón iarratasóir,
    • dhuine ar bith a thug tuairim faoin iarratas, nó
    • duine ar bith eile lena n-áirítear comhlachtaí forordaithe a bhféadfadh faisnéis ábhartha a bheith acu.

Nuair a fhaigheann an Bord Tuarascáil Measúnachta Tionchair Timpeallachta, Ráiteas Tionchair Natura athbhreithnithe, nó tuilleadh faisnéise, féadfaidh sé a mheas go bhfuil faisnéis bhreise shuntasach sa Tuarascáil Measúnachta Tionchair Timpeallachta, Ráiteas Tionchair Natura nó tuilleadh faisnéise maidir le héifeachtaí na forbartha beartaithe ar an gcomhshaol. Sa chás seo, déanfaidh an Bord:

  • an Tuarascáil Measúnachta Tionchair Timpeallachta, Ráiteas Tionchair Natura athbhreithnithe nó an fhaisnéis bhreise a chur ar fáil lena léamh, agus
  • aighneachtaí breise a iarraidh laistigh de thréimhse shonraithe agus fógra a thabhairt faoi na hábhair sin.

Cé go bhfuil sé de chumhacht ag an mBord Tuarascáil Measúnachta Tionchair Timpeallachta nó Ráiteas Tionchair Natura athbhreithnithe nó tuilleadh faisnéise a iarraidh, ní i gcónaí a iarrtar iad. Ba chóir d’aon duine a thugann tuairim a chuid argóintí iomlána a dhéanamh ar an gcás ina dtuairim.