Léim go dtí an príomhábhar

FBS: Cineálacha forbartha bonneagair straitéisigh

Cad iad na cineálacha forbartha bonneagair straitéisigh?

Tá cineálacha éagsúla forbartha bonneagair straitéisigh ann agus is féidir le grúpaí príobháideacha, údaráis áitiúla nó údaráis Stáit iad seo a dhéanamh.

Tá forbairtí príobháideacha ar scála mór áirithe liostaithe sa 7ú Sceideal de na hAchtanna um Pleanáil agus Forbairt. Is forbairtí iad seo a mbíonn measúnú tionchair timpeallacht de dhíth maidir leo de ghnáth agus a ndeimhníonn an Bord go gcomhlíonann siad critéir áirithe tar éis próiseas comhairliúcháin réamhiarratais.

Roinneann an 7ú sceideal forbairtí i gcatagóirí agus i gcineálacha éagsúla forbartha a rangaítear mar fhorbairtí bonneagair straitéisigh. Gheofar roinnt samplaí sa tábla thíos.

Bonneagar fuinnimh

Samplaí:

  • stáisiún cumhachta teirmí,
  • scaglann amhola,
  • píblíne ola,
  • stóras gáis nádúrtha,
  • suiteáil hidrileictreach, agus
  • feirm ghaoithe a bhfuil os cionn 25 tuirbín gaoithe i gceist leis nó a bhfuil os cionn 50 meigeavata d’aschur iomlán aige.

Bonneagar Iompair

Samplaí:

  • saoráid paisinéirí nó earraí,
  • foirgneamh le haghaidh iarnróid nó trambhealach, agus
  • calafort nó fearas poirt.

Bonneagar comhshaoil

Samplaí:

  • Suiteáil diúscartha dramhaíola le haghaidh loscadh, cóireála ceimiceáin nó líonadh talún.
  • Gléasraí cóireála fuíolluisce a fhreastalaíonn ar bhreis agus 10,000 duine,
  • Uisce a aistriú idir abhantracha,,
  • Damba,
  • Uiscrianta os cionn talún,
  • Oibreacha canála nó faoisimh tuile, agus
  • Oibreacha cósta chun creimeadh a chomhrac nó oibreacha muirí atá in ann an cósta a athrú.

Bonneagar sláinte

Samplaí:
  • Saoráid cúraim sláinte

Le bheith rangaithe mar bhonneagar straitéiseach caithfidh forbairt bheartaithe critéir áirithe a chomhlíonadh. Mar shampla: ní dhéanfaí feirm ghaoithe beartaithe de 20 tuirbín gaoithe le haschur iomlán de 45 meigeavata a aicmiú mar fhorbairt bonneagair straitéisigh toisc nach gcomhlíonfadh sí na critéir atá liostaithe sa 7ú Sceideal de na hAchtanna um Pleanáil agus Forbairt. Dhéanfaí an t-iarratas chuig an údarás pleanála áitiúil don cheantar sin. Is féidir cinneadh an údaráis áitiúil a achomharc chuig an mBord Pleanála.

Dhéanfaí feirm ghaoithe beartaithe de 30 tuirbín gaoithe le haschur iomlán de 60 meigeavata a aicmiú mar fhorbairt bonneagair straitéisigh toisc go gcomhlíonfadh sí na critéir atá liostaithe sa 7ú Sceideal de na hAchtanna um Pleanáil agus Forbairt. Chuig an mBord Pleanála a dhéanfaí an t-iarratas. Níl aon achomhairc ar chinneadh an Bhoird.

Chomh maith le forbairtí 7ú Sceideal, áirítear le forbairt bonneagair straitéisigh:

  • forbairt bheartaithe ag údaráis áitiúla ina gceantar féin ar gá Measúnú Tionchair Timpeallachta maidir léi,
  • forbairtí áirithe ag an Stát ar gá Measúnú Tionchair Timpeallachta maidir leo,
  • mór-phíblínte gáis agus na críochfoirt, na foirgnimh agus na suiteálacha a ghabhann leo,
  • sreanga tarchuir leictreachais ardvoltais (110kv nó níos mó) agus idirnaisc,
  • mótarbhealaí agus bóithre móra eile,
  • forbairt ag údarás áitiúil nó thar a cheann ar an urthrá,
  • oibreacha iarnróid lena n-áirítear córais iarnróid éadroim agus mearchóras agus forbairt tráchtála ghaolmhar áirithe ar thalamh cóngarach, agus
  • ceannach éigeantach talún a ghabhann le roinnt de na forbairtí thuas.

Gheofar sonraí iomlána na gcritéar d’fhorbairtí atá le rangú mar bhonneagar straitéiseach le fáil in Achtanna ábhartha an Oireachtais. Mar shampla: maidir le 7ú Forbairt Sceideal tá na critéir liostaithe sna hAchtanna um Pleanáil agus Forbairt.


Feidhmeanna

Gheobhaidh tú eolas ar fheidhmeanna An Bhoird Pleanála maidir le forbairt bonneagair straitéisigh faoin reachtaíocht ábhartha: