Léim go dtí an príomhábhar

FBS: Iarratais

An pobal a chur ar an eolas faoi iarratas a rinneadh

Sula ndéanfaidh sé iarratas chuig an mBord Pleanála, ní mór don iarratasóir ionchasach fógra faoin iarratas beartaithe a fhoilsiú i nuachtán amháin ar a laghad a scaiptear sa limistéar ina bhfuil an fhorbairt bheartaithe le bheith. I bhformhór na gcásanna, beidh fógraí suímh ag teastáil freisin.
 
Déanfaidh na fógraí seo:

  • ainm an iarratasóra a thabhairt,
  • sonraí faoi nádúr agus suíomh na forbartha beartaithe a thabhairt,
  • a rá cibé an gá Tuarascáil Measúnachta Tionchair Timpeallachta agus an bhfuil ceann ullmhaithe ag an iarratasóir,
  • a rá cibé an gá Ráiteas Tionchair Natura (NIS) agus an bhfuil ceann ullmhaithe ag an iarratasóir,
  • na hamanna agus na háiteanna inar féidir an t-iarratas, Tuarascáil Measúnachta Tionchair Timpeallachta nó Ráiteas Tionchair Natura a fheiceáil agus cóipeanna de cheannach a thabhairt,
  • a rá gur gá iarratas a dhéanamh chuig an mBord Pleanála ar chead nó ceadú pleanála ag brath ar an gcineál cáis,
  • a rá cad iad na cineálacha cinntí is féidir leis an mBord a dhéanamh,
  • a rá gur féidir leis an bpobal tuairimí a thabhairt don Bhord Pleanála ar an bhforbairt bheartaithe (tabharfar sé seachtaine ar a laghad chuige sin), agus
  • a rá gur féidir le comhlachtaí forordaithe tuairimí a thabhairt don Bhord Pleanála ar an iarratas beartaithe

Foilseoidh an Bord Pleanála sonraí an iarratais a fuaireamar sa liosta seachtainiúil de chásanna nua ar ár suíomh gréasáin.
 
 

Cóipeanna den iarratas a fheiceáil nó a fháil

Tá dhá shlí le cóipeanna den iarratas a fheiceáil nó a fháil.

Suíomh Gréasáin an Iarratasóra

Ní mór don iarratasóir láithreán gréasáin a chur ar fáil mar ar féidir féachaint ar an iarratas. Gheobhaidh tú seoladh an láithreáin ghréasáín ar an bhfógra nuachtáin agus ar an bhfógra láithreáin. Tabharfaidh na fógraí eolas don phobal ar an tslí le tuaim a thabhairt don Bhord Pleanála i dtaobh an iarratais.

 

Cóipeanna crua ag oifig an Bhoird Pleanála agus in oifig an údaráis pleanála áitiúil

Caithfidh an t-iarratasóir cóipeanna páipéir den iarratas a thabhairt don Bhord Pleanála agus don údarás pleanála áitiúil agus tá siad ar fáil le lena léamh ar feadh sé seachtaine ar a laghad. Is féidir féachaint ar na hiarratais in oifig an Bhoird Pleanála agus in oifig an údaráis pleanála áitiúil. Má tá an fhorbairt i níos mó ná limistéar údaráis phleanála amháin, beidh cóipeanna den iarratas ar fáil i ngach údarás pleanála áitiúil. Beidh na doiciméid ar fáil le léamh saor in aisce. Nó is féidir cóip den iarratas a cheannach ar tháille shonraithe ag brath ar líon agus leagan amach na leathanach sna doiciméid iarratais.
 
Is féidir Tuarascáil Mheasúnaithe Tionchair Timpeallachta nó Ráiteas Tionchair Natura nó Tuarascáil Measúnachta Tionchair Timpeallachta agus Ráiteas Tionchair Natura araon a chur isteach leis an iarratas. Más amhlaidh, is féidir féachaint air agus é a cheannach ag oifig an Bhoird Pleanála agus in oifig an údaráis pleanála.

 

Ag glacadh páirte sa phróiseas iarratais

Is féidir le duine ar bith tuairim a thabhairt don Bhord Pleanála laistigh den tréimhse ama a cheadaítear. Is é an tréimhse ama sé seachtaine ar a laghad ón dáta a shonraítear san fhógra nuachtáin nó san fhógra láithreáin. Is í an tréimhse ama a shonraítear san fhógra an tréimhse ama chéanna inar féidir leat cóipeanna den iarratas a fheiceáil agus a cheannach.
 
Sula dtugann tú tuairim, is féidir leat na cáschomhaid chinnte seo a léamh trínár seirbhís rochtana poiblí.

Má tá tuairim á tabhairt agat, ba chóir go mbeadh do thuairimí ann faoi éifeachtaí féideartha na forbartha beartaithe ar:

  • pleanáil chuí agus forbairt inbhuanaithe an cheantair,
  • timpeallacht na forbartha beartaithe, agus
  • láithreán Eorpach, más cuí.

TTá riachtanais eile ann le go mbeidh an tuairim bailí. Ní mór duit:
 

do thuairim a thabhairt i scríbhinn (clóscríofa nó lámhscríofa).

Ní mór duit d’ainm agus do sheoladh poist a scríobh go soiléir. Más gníomhaire atá ag tabhairt na tuairime ar do shon, ní mór don ghníomhaire a ainm agus a sheoladh a thabhairt mar aon le d’ainmse agus do sheoladh.

dóthain mionsonraí a thabhairt le gur féidir an t-iarratas is ábhar don tuairim a aithint gan dua. Seo samplaí de na mionsonraí a nglacaimid leo:

  • ainm agus suíomh an iarratais (mar shampla: Tionscadal Chearnóg an Bhaile, An Phríomhshráid, Baile an Bhaile, Co. an Bhaile)

  • uimhir thagartha an Bhoird Pleanála don iarratas.
    (mar shampla: ABP-300000-20).

na rudaí seo a leanas a thabhairt dúinn:

  • na forais phleanála le do thuairim (cúisanna agus argóintí), agus

  • aon mhír eile is mian leat a chur leis chun tacú le forais do thuairime.

féachaint chuige go bhfaigheann an Bord Pleanála an tuairim laistigh den tréimhse ama a thugtar san fhógra poiblí faoin iarratas.

an táille cheart de €50 a íoc (ach amháin más comhlacht forordaithe tú).

do thuairim in am agus laistigh den tréimhse ama shonraithe.

 
Mínítear iad seo ar shlí níos iomláine inár dtreoir maidir le conas tuairim a thabhairt ar iarratas ar fhorbairt bonneagair straitéisigh.
 
Le linn an phróisis iarratais, féadfaidh an Bord Pleanála cinneadh a dhéanamh éisteacht ó bhéal a reáchtáil nó féadfaidh sé a chinneadh faisnéis shuntasach bhreise a iarraidh faoin iarratas.
 
Má tá tuairim á tabhairt agat, áfach, tá sé an-tábhachtach go n-ullmhaíonn tú d’fhorais tuairime (cúiseanna agus argóintí) go cúramach agus aon doiciméid is mian leat a chur san áireamh. Ní bheidh cead agat aon rud eile a chur isteach tar éis an tuairim a thabhairt, ach amháin má iarraimid ort. Ní féidir leis an mBord Pleanála aon saincheist a chur san áireamh nach saincheist phleanála í.