An cuspóir atá le comhchomhairliúcháin réamhiarratais agus na cásanna ina bhfuil feidhm aige
Ní mór comhchomhairliúcháin réamhiarratais a iarraidh sula ndéanfar aon iarratas ar chead nó ar cheadú chuig an mBord Pleanála. Folaíonn siad sin na cásanna seo a leanas ina bhfuil siad éigeantach:
- forbairtí 7ú Sceideal
- forbairtí Stáit nó údaráis áitiúil,
- línte tarchuir leictreachais nó idirnascairí,
- forbairtí bonneagair gáis,
- forbairtí bonneagair iarnróid.
I gcás forbairtí bóthair, féadfar comhchomhairliúcháin réamhiarratais a iarraidh ar an mBord Pleanála sula ndéanfar aon iarratas.
Is é an aidhm atá le comhchomhairliúcháin réamhiarratais ná féachaint lena chinntiú gur ar ardchaighdeán atá iarratas ar chead nó ar cheadú. Is féidir go bhfágfaidh sé sin go mbeidh an méid seo a leanas amhlaidh sula ndéanfar iarratas:
- is eol don iarratasóir na nósanna imeachta cearta atá le leanúint
- tá deis ag an iarratasóir an phleanáil chuí agus an fhorbairt inchothaithe a bhreithniú,
- tá deis ag an iarratasóir éifeachtaí na forbartha beartaithe ar an gcomhshaol agus ar ghnáthóga a bhreithniú agus aghaidh a thabhairt orthu sin
Is saincheisteanna iad sin a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don bhreithniú a dhéanfaidh an Bord ar an iarratas amach anseo. Toradh eile atá ar chomhchomhairliúcháin réamhiarratais is ea go gcuirtear ar chumas an Bhoird Pleanála leo a chur in iúl d’iarratasóir an bhfuil fadhbanna sonracha ag baint leis an togra nó nach bhfuil. Féadfaidh an Bord Pleanála comhairle a chur ar an iarratasóir maidir leis an gcomhchomhairliúchán poiblí freisin. Beidh na comhchomhairliúcháin réamhiarratais curtha i gcrích nuair a chuireann an t-iarratasóir in iúl don Bhord Pleanála go bhfuil fonn air na comhchomhairliúcháin a chur i gcrích. Ní ann d’aon teorainn ama nach mór na comhchomhairliúcháin a chur i gcrích laistigh di.
Mar chuid de na comhchomhairliúcháin i ndáil le forbairt 7ú Sceideal, le bonneagar leictreachais agus le bonneagar gáis, tá cead ag an iarratasóir ionchasach cruinniú leis an mBord a iarraidh chun tuairim a fháil maidir le cé acu atá nó nach bhfuil sé cuí go bhféadfar iarratas ar chead/ar cheadú a dhéanamh sula ndeimhneofar mionsonraí áirithe faoin bhforbairt bheartaithe. Tá na forálacha sin leagtha amach in ailt 37CC agus 182F d’Acht 2000.
Más mian le hiarratasóir iarratas a dhéanamh ar fhorbairt 7ú Sceideal nó ar fhorbairt bonneagair straitéisigh eile, breithneoidh an Bord Pleanála an mbeadh nó nach mbeadh tábhacht eacnamaíoch nó shóisialta straitéiseach ag baint leis an bhforbairt nó an gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann an fhorbairt critéir áirithe eile chun go measfaí í a bheith ina forbairt bonneagair straitéisigh. Tabharfaidh an Bord an tuairim uaidh ansin go mbeadh an fhorbairt bheartaithe ina forbairt bonneagair straitéisigh nó nach mbeadh. Tabharfaidh an Bord fógra don iarratasóir agus don údarás áitiúil pleanála faoin gcinneadh uaidh.
An pobal a choinneáil ar an eolas faoi na comhchomhairliúcháin réamhiarratais
Nuair a fhaigheann an Bord Pleanála iarraidh ar chomhchomhairliúcháin réamhiarratais, cuirfimid an iarraidh leis an liosta seachtainiúil de ‘chásanna faighte’ ar ár suíomh Gréasáin. Nuair a chuirtear na comhchomhairliúcháin réamhiarratais i gcrích, cuirfimid iad leis an liosta seachtainiúil de ‘chásanna cinnte’ ar ár suíomh Gréasáin.
Nuair a chuirtear an comhchomhairliúchán réamhiarratais i gcrích, beidh tú in ann amharc ar an gcáschomhad trínár seirbhís rochtana poiblí. Cuimseofar sa cháschomhad na taifid ar aon chruinnithe idir an Bord Pleanála agus an t-iarratasóir ionchasach a tionóladh le linn an phróisis comhchomhairliúcháin réamhiarratais. Tugtar faoi deara nach mbeidh aon chomhad a bhaineann le solúbthacht rogha deartha ar fáil lena iniúchadh ag an bpobal go dtí go ndéantar iarratas ar chead/ar cheadú chuig an mBord.
Cad a tharlóidh tar éis na comhchomhairliúcháin réamhiarratais a chur i gcrích?
Sa chuid is mó de chásanna, féadfaidh iarratasóirí ionchasacha iarratas a dhéanamh chuig an mBord ar chead nó ar cheadú nuair a bheidh na comhchomhairliúcháin curtha i gcrích agus nuair a bheidh sé cinnte ag an mBord go bhfuil an fhorbairt bheartaithe ina forbairt straitéiseach nó nach bhfuil.
Má tá iarratas á dhéanamh ag iarratasóir ar fhorbairt 7ú Sceideal nó ar fhorbairt bonneagair straitéisigh eile, ceanglófar ar an mBord fógra a thabhairt ina gcuirtear in iúl go meastar an togra a bheith ina fhorbairt bonneagair straitéisigh. Beidh cead ag an iarratasóir ansin iarratas a dhéanamh chuig an mBord Pleanála.
Má thugann an Bord fógra nach gcomhlíonann an fhorbairt bheartaithe na critéir riachtanacha chun go measfar í a bheith ina forbairt straitéiseach, ní mór an t-iarratas pleanála a dhéanamh ar an ngnáthbhealach chuig an údarás áitiúil pleanála.